Sprioc d’earcú Gaeilgeoirí sa státseirbhís i measc na leasuithe ar an mBille Teanga atá ceadaithe ag an rialtas

D’fhoilsigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu ceannteidil 32 leasú an rialtais ar an mbille teanga, leasuithe a chuirfeadh le cearta teanga phobal na Gaeilge i réimsí na cumarsáide, na margaíochta agus na fógraíochta

Sprioc d’earcú Gaeilgeoirí sa státseirbhís i measc na leasuithe ar an mBille Teanga atá ceadaithe ag an rialtas

Tá glactha ag an rialtas le leasuithe a leagfadh síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

D’fhoilsigh Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers inniu ceannteidil 32 leasú an rialtais ar an mbille teanga, leasuithe a chuirfeadh le cearta teanga phobal na Gaeilge i réimsí na cumarsáide, na margaíochta agus na fógraíochta.

Níl foclaíocht iomlán na leasuithe foilsithe ag an Aire Stáit, ach deir sé go mbeidh deis ag polaiteoirí an fhreasúra na moltaí aige a phlé leis sna seachtainí amach romhainn.

Ceann de na cúiseanna imní is mó a bhí ag an gCoimisinéir Teanga, ag polaiteoirí an fhreasúra agus ag Conradh na Gaeilge nach raibh aon spriocdháta sa dréachtreachtaíocht faoi cathain a bheadh fáil ar gach seirbhís ón Stát sa Ghaeltacht i nGaeilge.

Má ghlactar le leasú an Aire Stáit beidh ar Aire na Gaeltachta ordú a thabhairt go mbeidh ar gach oifig agus seirbhís stáit feidhmiú trí Ghaeilge, ach níl aon chinnteacht go fóill faoin spriocdháta a bheadh i gceist.

Ní dhéanfaí an t-ordú nua seo go mbeadh an Plean Náisiúnta maidir le Soláthar Seirbhísí Poiblí trí mheán na Gaeilge faighte ag an Aire agus ‘taighde cuimsitheach a choimisiúnóidh an Coiste Comhairleach” curtha i gcrích.  Bheadh suas le trí mhí ag an Aire ina dhiaidh sin leis an ordú nua a dhéanamh.

De réir na dréachtreachtaíochta, thabharfaí isteach an plean sin dhá bhliain go leith i ndiaidh achtú an bhille ar a dhéanaí. An phríomhchúis a bheadh leis an bplean ná príomhchuspóir an bhille a bhaint amach, is é sin go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Cé gur gheall an tiarThaoiseach Enda Kenny an sprioc sin ar dtús in 2016, seo é an chéad uair gur glacadh leis an moladh ag bord an rialtais. Má ghlactar le leasú an Aire Stáit, beidh an cuspóir 20% daingnithe sa dlí.

Is é an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge a ullmhóidh an plean agus tá leagtha amach i leasuithe an Aire Stáit go gcaithfidh Gaeilge líofa a bheith ag Cathaoirleach an Choiste.  Bheadh ionadaí ar an gCoiste thar ceann phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, sa bhreis ar an gcomhalta ón nGaeltacht a bhí geallta roimhe seo.

Ceann de na laigí eile a luadh leis an dréachtreachtaíocht ná nach raibh sé soiléir cé a bheadh freagrach as an bplean náisiúnta earcaíochta a chur i bhfeidhm, ach faoi leasuithe Chambers, is é Aire na Gaeltachta a bheadh freagrach as a chur i bhfeidhm

I gceann de leasuithe an Aire Stáit, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus deirtear go mbeadh ar gach comhlacht poiblí 5% dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Faoi na leasuithe atá á moladh ag an Aire Stáit, beidh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Tá leasú le moladh ag an Aire Stáit freisin a chinnteoidh go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann déileáil leis an síneadh fada i bhfoirmeacha ar líne ach níl dáta sonrach luaite leis sin agus níl mórán sonraí ar fáil faoin moladh go fóill.

De réir na leasuithe, bheadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt ar aon chumarsáid a dhéanfaí leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta.

Chinnteodh an reachtaíocht leasaithe go mbeadh aon lógónna nua ag comhlachtaí poiblí i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh. Beidh trí bliana ag comhlachtaí lena lógónna reatha a chur ar fáil i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.

Agus é ag fógairt cheannteidil na leasuithe inniu, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur “mór an onóir” dó an deis a bheith aige “ár dteanga dhúchais a chur chun cinn, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar fud oileán na hÉireann freisin”.

“Trí mhéadú agus feabhsú a dhéanamh ar na seirbhísí a sholáthraítear trí Ghaeilge, cinnteofar go dtabharfar aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do chainteoirí Gaeilge agus do phobail Ghaeltachta araon agus, chomh maith leis sin, ar dhúshláin agus ar dheiseanna maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí.

“Tá timpeallacht ina n-aithnítear ár dteanga dhúchais go forleathan mar phríomhtheanga oifigiúil an Stáit, agus ina nglactar léi amhlaidh, á forbairt agus á cothú tuilleadh againn,” a dúirt an tAire Stáit.

Chuir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, fáilte roimh leasuithe an Aire Stáit agus dúirt go raibh an chuma ar an scéal go raibh “dul chun cinn mór” déanta.

“Fáiltím roimh fhógra an Aire Stáit inniu. Is léir go bhfuil an rialtas ag dul sa treo ceart i dtaobh na reachtaíochta. Tá cinnteacht ann faoi chuid de na moltaí a bhí déanta againn le linn Chéim an Choiste.

“É sin ráite, tá súil agam glacadh le cuireadh an Aire Stáit agus suí síos leis chun na leasuithe a phlé agus bheadh súil agam go mbeadh muid in ann cuid acu a láidriú a thuilleadh.”

Cé gur thug an tAire Stáit le fios inné go raibh sé ag iarraidh go gcuirfí tús le Céim na Tuarascála den bhille an tseachtain seo chugainn, ní chuirfear tús leis an gcéad chéim eile den bhille go dtí an fómhar nuair a fhillfidh an Dáil ó bhriseadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Sprioc d’earcú Gaeilgeoirí sa státseirbhís i measc na leasuithe ar an mBille Teanga atá ceadaithe ag an rialtas'