‘Ní haon chabhair do thuismitheoirí na Gaeltachta an bille teanga mar atá’

Deir Tusimitheoirí na Gaeltachta go bhfuil seirbhísí stáit i nGaeilge sa Ghaeltacht riachtanach don phleanáil teanga agus go gcaithfear an tAcht Teanga a leasú dá réir

‘Ní haon chabhair do thuismitheoirí na Gaeltachta an bille teanga mar atá’

Tuismitheoirí na Gaeltachta an eagraíocht is déanaí chun éileamh ar an Rialtas go gcuirfí fóráil dhíreach sa Bhille Teanga nua a chinnteodh go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo an tseachtain seo caite go raibh na leasuithe is láidre a bhí molta ar an mBille Teanga i dtaobh seirbhísí Gaeltachta dícheadaithe mar go mbeadh costas breise ag baint lena gcur i bhfeidhm.

I ndiaidh fhoilsiú an scéil sin, d’impigh Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta ar an Rialtas a chinntiú sa reachtaíocht nua go gcuirfí seirbhísí sásúla as Gaeilge ar fáil sa Ghaeltacht.

Dúirt Tuismitheoirí na Gaeltachta, a chuireann tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh atá ag iarraidh a gclann a thógáil le Gaeilge, gur mian leo tacú go láidir leis an éileamh atá déanta ag Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta.

“Cuireann Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh, tacaíocht agus comhairle ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh agus creideann an eagraíocht go láidir gur bunriachtanas do na teaghlaigh seo go mbeadh seirbhís stáit ar fáil dóibh i nGaeilge.

“Agus Bille na dTeangacha Oifigiúla á phlé i dTithe an Oireachtais faoi láthair, tacaíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an éileamh ar Aire na Gaeltachta agus ar Aire Stáit na Gaeltachta a chinntiú go mbeidh socruithe sonracha sa bhille le seirbhísí stáit a chur ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.”

Dúirt Tusimitheoirí na Gaeilge go raibh seirbhísí stáit i nGaeilge “riachtanach” chun “daoine a mhealladh a gclann a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht”.

“Ní leor an méid atá sa bhille faoi láthair, ní léir go dtacóidh sé leis an obair atá ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, ach a mhalairt go deimhin.”

Beidh an bille teanga á phlé arís ag Coiste Oireachtais na Gaeilge sa Dáil Dé hAoine.

Cuireadh tús le céim an Choiste den bhille Dé hAoine seo caite.

FÍSEÁN: ‘Mura n-aithníonn sibh go bhfuil géarchéim ann, tá muid ag dul sa treo mícheart’ – plé tosaithe ar an mBille Teanga

I ráiteas a eisíodh thar ceann na nOifigeach Pleanála Teanga ar fad, iarradh ar an Rialtas foráil dhíreach a chur san Acht teanga a chinnteodh go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

“Caithfidh an Státseirbhís na dualgais atá uirthi a aithint agus a chomhlíonadh gan cheist maidir leis an teanga náisiúnta, arb í an phríomhtheanga oifigiúil í go dlíthiúil. Murar féidir leis an earnáil phoiblí cearta teanga shaoránaigh na tíre seo a chosaint agus a ráthú, cén teachtaireacht a sheolann san amach? 

“Cén mhaitheas Bille a dhréachtú chun seirbhísí as Gaelainn “a láidriú” má theiptear go sonrach seirbhísí ón Stát a bheith as Gaelainn sa Ghaeltacht?” a dúradh i ráiteas na nOifigeach Pleanála Teanga a bhfuil nach mór 20 duine acu ag obair sa Ghaeltacht.

Dúradh murar féidir leis an Stát a dhualgais i leith cearta teanga phobal na Gaeltachta a chomhlíonadh, gur teip a bheadh i ndán, ní hamháin don Acht, ach d’iarrachtaí na mílte duine agus na gcoistí deonacha ar fad a chaitheann dua leis an nGaeilge.

Tá ráite chomh maith ag an gCoimisinéir Teanga, polaiteoirí, Conradh na Gaeilge agus saineolaithe teanga gurb é ceann de na laigí is mó atá ar an mbille atá molta ag an Rialtas nach bhfuil foráil dhíreach ann a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Bhí na leasuithe go léir faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht a dícheadaíodh níos láidre ná aon rud atá ráite faoin ábhar céanna  i mBille an Rialtais.

Deirtear i ndréachtreachtaíocht an Rialtais go dtabharfaidh an coiste comhairleach nua atá le bunú faoin mbille “aird” ar “chuspóirí” maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú “go háirithe sa Ghaeltacht, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge”.

Deirtear chomh maith go gcuirfí “an tionchar teanga” ar an nGaeltacht san áireamh nuair a bheidh caighdeáin teanga á leagan amach.

De réir bhille an Rialtais leagfaí amach sna caighdeáin sin “scála ama” i dtaobh na Gaeilge a bheith mar “theanga oibre” in oifigí stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Ní haon chabhair do thuismitheoirí na Gaeltachta an bille teanga mar atá’'