Easaontas sa Dáil faoi líofacht sa Ghaeilge agus spriocdhátaí

Pléadh inniu deich gcinn den 308 leasú atá molta ar an mBille Teanga ach níor ghlac Aire Stáit na Gaeltachta le haon cheann acu go fóill

Easaontas sa Dáil faoi líofacht sa Ghaeilge agus spriocdhátaí

Ceisteanna faoi spriocdhátaí agus an chiall atá le ‘inniúlacht sa Ghaeilge’ is mó a chothaigh díospóireacht i measc bhaill Choiste Oireachtais na Gaeilge le linn a ndara seisiún faoin mBille Teanga sa Dáil inniu.

Chruinnigh Roghchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta le chéile arís tráthnóna chun tabhairt faoin gcéad chéim eile den bhille.

Tar éis d’Aire Stáit na Gaeltachta diúltú glacadh le roinnt leasuithe a bhí molta ag baill an choiste ar maidin, léiríodh míshástacht arís níos deireanaí inniu toisc nach raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh le leasuithe eile a bhí molta ag baill an choiste.

Pléadh inniu deich gcinn den 308 leasú atá molta ar an mbille ach níor ghlac an tAire Stáit le haon cheann acu.

Bhain ceann acu le spriocdhátaí sa bhille agus cén uair a thiocfadh forálacha an achta i bhfeidhm.

Bhí an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, a mhol an leasú, agus d’aontaigh an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly den tuairim go gcaithfí spriocdháta a leagan síos do gach foráil san acht chun a chinntiú nach gcuirfí ar an méar fhada iad.

Níor ghlac an tAire Stáit leis an moladh agus dúirt go raibh spriocdhátaí luaite le cuid mhaith de na leasuithe a bhí molta aige féin.

“Tá spriocdháta á mholadh agam le cuid de mo leasuithe agus sílim go dtugann sé seo cruthúnas ar mo mhianta agus ar mhianta an Rialtais chun an Bille seo agus na forálacha atá inti a chur chun cinn. Tá an Rialtas tiomanta do neartú agus do chur chun cinn na Gaeilge,” a dúirt an tAire Stáit.

“Tá sibh [an freasúra] beagáinín diúltach leis na leasuithe sin. Táimid ag iarraidh agus táimid ag déanamh ár ndícheall chun an Ghaeilge a fheabhsú. Sin an fáth go bhfuilimid anseo inniu.”

Níor ghlac an Catherine Connolly leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit, áfach.

Dúirt sí nach raibh aon mhuinín aici féin ná ag pobal na Gaeilge go gcuirfeadh an Rialtas seo ná aon Rialtas eile cuspóirí an bhille i bhfeidhm mura mbeadh spriocdhátaí soiléire leo.

“Ní bean dhiúltach mé. Dá mba rud é gur bean dhiúltach mé, bheinn imithe abhaile níos luaithe inniu,” a dúirt an Teachta Connolly.

Dúirt sí go raibh an Rialtas ag rá go mbeadh daoine le Gaeilge earcaithe i gcomhlachtaí phoiblí “am éigin amach sa todhchaí”.

“Ní bheidh aon phobal Gaeltachta fágtha nuair a bheidh an sprioc sin sroichte againn,” a dúirt sí. “Tá gá le spriocanna ama agus tá gá deireadh a chur leis an gcur i gcéill.”

Dúirt Connolly gurb í seo “an t-aon deis aon difríocht a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge”.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur aontaigh sé leis an bhfreasúra go raibh baol ann go gcuirfí rudaí ar an méar fhada mura mbeadh spriocdhátaí luaite le forálacha an bhille.

Mheas Ó Cuív go raibh ceist na spriocdhátaí “lárnach sa bhille seo” agus dúirt sé go raibh a leithéid sa bhun-acht, a thug seisean isteach mar Aire Gaeltachta in 2003.

Dúirt an tAire Stáit Chambers go bhféachfadh sé ar cheist na spriocanna idir seo agus an chéad chéim eile.

Bhí leasú eile á phlé faoin chiall a bheadh le ‘hinniúlacht’ i gcomhthéacs na Gaeilge san Acht.

Thacaigh Teachtaí Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív is Aindrias Ó Muineacháin agus an Teachta Neamhspleách Catherine Connolly le leasú de chuid Aenguis Uí Shnodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, a mhol gur caighdeán B2 i scrúduithe TEG ba cheart a bheith ag duine le go n-áireofaí iad mar oibrí sa státchóras a bhí inniúil sa Ghaeilge

Dúirt Ó Cuív go raibh an sainmhíniú a thabharfaí ar inniúlacht “i gcroílár an bhille”.

Mura ndéanfaí an-soiléir céard a bhí i gceist le ‘inniúlacht’, déarfaí amach anseo go mbeadh 20% d’earcaigh nua an chórais poiblí ina nGaeilgeoirí “ach is í fírinne an scéil ná nach mbeadh Gaeilge acu”, a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly gurb é seo an rud is “bunúsaí faoin mbille”.

Ina ainneoin sin, ní raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh leis an moladh agus é ag rá go mbeadh “solúbthacht” ag teastáil sa bhille.

Dúirt sé nach ionann an caighdeán Ghaeilge scríofa a theastódh, mar shampla, do dhuine a bheadh ag deasc fáilte agus duine a bheadh ag obair i Roinn na Gaeltachta nó sa Roinn Oideachais.

Mar sin féin, dúirt an tAire Stáit go mbeadh sé sásta filleadh ar an gceist idir seo agus an chéad chéim eile den bhille, Céim na Tuarascála.

Cé gur aontaigh an Éamon Ó Cuív le cuid  dá raibh á rá ag Teachtaí Dála an fhreasúra, níor aontaigh sé le cuid dá raibh le rá maidir le cás na teanga agus é den tuairim go raibh daoine áirithe ar an choiste ródhiúltach fúithi.

“Tá an mheánaicme ag titim i ngrá leis an nGaeilge,” a dúirt Ó Cuív. Mheas sé nár cheart géilleadh go bhfuil an cath caillte mar go bhfuil an teanga fós “beo beathach”.

Dúirt Ó Cuív gur sampla den mheon dearfach atá ag daoine i leith na teanga é gur i nGaeilge d’fhógair an peileadóir as Áth Cliath Michael Dara McCauley an tseachtain seo go raibh sé ag éirí as.

Mhaígh an Catherine Connolly go raibh sé “disingenuous” agus “slítheach” ag Éamon Ó Cuív a rá go ndúirt baill an choiste go raibh an Ghaeilge “ag fáil bháis”.

Dúirt Connolly nach raibh uaithi féin ach go n-aithneofaí go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht agus go gcuirfí deireadh leis an gcur i gcéill.

Dúirt sí gur theip ar an Acht go dtí seo agus nach raibh uaithi ach go dtabharfaí reachtaíocht níos láidre isteach.

Idir an dá linn, d’eisigh Oifigigh Pleanála Teanga na Gaeltachta ráiteas tráthnóna inar iarr siad ar an Rialtas foráil dhíreach a chur san Acht teanga a chinnteodh go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Bhí na hoifigigh pleanála teanga ag tagairt de scéal a foilsíodh ar Tuairisc.ie faoi na 64 leasú a dhícheadaigh Oifig na mBillí.

Dícheadaíodh na leasuithe sin, cuid acu a bhí ag iarraidh a chinntiú go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht, mar go mbeadh costas breise ag baint lena leithéid nó go raibh baint acu le forálacha an bhille.

Fág freagra ar 'Easaontas sa Dáil faoi líofacht sa Ghaeilge agus spriocdhátaí'

  • Antóin

    Is geall le lúbaireacht an tsolúbthacht seo atá ag teastáil ó Jack Chamber.

    Dá mbeadh an rialtas seo tiomanta do neartú agus do chur chun cinn na Gaeilge bheadh fear Gaeltachta mar Eamón Ó Cuív ina Aire Stáit.

    Maidir leis an chostas breise a bhaineann le seirbhísí an stáit a chur ar fáil i nGaeilge cé mhéad a chosain só agus compord an Ionaid Comhdhála i mBaile Átha Cliath? €25,000 euro in aghaidh an lae agus breis is €100,000 chun micreafóin a chur isteach.

    Cé mhéad a chosain sé bileoga eolais faoi Covid 19 a chur amach chuig tithe sa tír seo? Beagnach €500,000.

    Tuilleadh bladair ó Fhianna Fáil Fealltach, ó Fhine Gan Ghael agus ó na Giollaí Glasa.

  • Antóin

    Agus mé ag smaoineamh ar an rialtas seo na méire fada, tháinig mé ar an alt seo i réamhrá an leabhair ‘An Ghaeilge sa Dlí’ le Daithí Mac Carthaigh.

    Ag caint faoi spriocdhátaí agus ionstraimí reachtúla a bhaineann le cúrsaí Gaeilge tá an méid seo le rá ag Seán Ó Cuirreáin.

    “Ach gach uair go raibh an spriocdháta ag teannadh leo síníodh ionstraim reachtúil nua chun an dáta tosaithe a chur ar athló, ar feadh sé mhí nó bliain eile. Eisíodh ionstraimí reachtúla a chuir an spriocdháta ar athló ar a laghad 54 uair idir 1928 agus 1966, tráth gur cuireadh deireadh ar fad leis agus gur ceapadh plean nua ina áit”

  • Seán Ó Donnchaidh

    ” Níl ach sceach i mbéal bearna é “

  • Pól Ó Braoin

    “Tá an Rialtas tiomanta do neartú agus do chur chun cinn na Gaeilge.”
    Bréag náireach gan fuacht gan faitíos lenár mbéal uaidh…

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.