FÍSEÁN: ‘Mura n-aithníonn sibh go bhfuil géarchéim ann, tá muid ag dul sa treo mícheart’ – plé tosaithe ar an mBille Teanga

Dúirt an Teachta Dála Catherine Connolly go mbeadh an Rialtas ag leanúint ar aghaidh leis an gcur i gcéill i dtaobh na Gaeilge mura nglacfadh siad go bhfuil géarchéim teanga ann

FÍSEÁN: ‘Mura n-aithníonn sibh go bhfuil géarchéim ann, tá muid ag dul sa treo mícheart’ – plé tosaithe ar an mBille Teanga

An rud is annamh is iontach, ba í an Ghaeilge príomhtheanga na Dála inniu agus tús curtha le Céim an Choiste den bhille teanga atá chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Toisc nach féidir teacht le chéile i seomraí na gcoistí de bharr na srianta Covid-19, ba i seomra na Dála a bhí a gcéad chruinniú ag Roghchoiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta faoi na leasuithe atá molta ar an mBille. 

Tá 308 leasú ar fad molta ar an mBille agus beidh tamall maith ann sula gcuirfear an chéim seo den obair i gcrích. Níor phléigh an roghchoiste ach cúig cinn de na leasuithe sa chéad chruinniú dhá uair an chloig a bhí acu ar maidin agus bhí trí cinn acusan ar an mbreis is 90 moladh a dhícheadaigh Oifig na mBillí an tseachtain seo.

Chuir na Teachtaí Dála a labhair ag an gcruinniú fáilte roimh an mBille leasaithe ach mheas cuid acu nach raibh sé sách láidir fós chun cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a neartú.

Le linn na díospóireachta, d’impigh an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly ar Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agus ar an Rialtas a admháil go bhfuil géarchéim teanga ann ó thaobh na Gaeilge.

“An bhearna is mó a fheiceann mé [sa Bhille] ná nach bhfuil aitheantas ar bith tugtha agaibhse, an Rialtas seo ná ag an Rialtas cheana, go bhfuil géarchéim i gceist ó thaobh na nGaeltachtaí de agus ó thaobh na Gaeilge de,” a dúirt an Teachta Connolly.

“Is gá aitheantas a thabhairt don ghéarchéim seo, cosúil leis an Covid. Bhí orainn aitheantas a thabhairt [dó]. Bhí orainn an víreas a ainmniú. Tá teipthe oraibh an fhadhb anseo a aithint agus is bearna ollmhór í sin.

“Tá gá le bearta práinneacha chun dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann sa Ghaeilge agus sna Gaeltachtaí ar fud na tíre.”

I measc na leasuithe a pléadh inniu, bhí ceann go gcuirfí na focail “forálacha ilghnéitheacha” le teideal fada an Phríomh-Achta, leasú nach raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh leis mar gur athrú a bheadh ann ar “scóip an Achta”.

Dúirt an Teachta Connolly nár cheart go mbeadh fadhb ar bith ag an Rialtas le “leasú beag” den chineál sin dá mbeadh siad dáiríre faoi chás na Gaeilge agus dúirt sí go mbeadh “cur i gcéill” i gceist arís.

“Mura n-aithníonn sibh go bhfuil géarchéim ann, tá muid ag dul sa treo mícheart. Tá gá leis an rud a athrú chun cur in iúl go bhfuil muid i ndáiríre faoin nGaeilge,” a dúirt sí. 

“Mura nglacann sibh leis sin tá sé deacair dul ar aghaidh leis an bpróiseas seo. In ainneoin na hoibre uile atá déanta ag an Roinn [Roinn na Gaeltachta], agus tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás oibre curtha isteach ann, is cur i gcéill atá ann i ndáiríre. Tá muid ag leanúint ar aghaidh leis an gcur i gcéill céanna mar níl aitheantas ar bith do na fadhbanna ar an talamh.”

Dúirt an Teachta Connolly go raibh an Rialtas róghafa le gníomhartha fadtéarmacha agus go raibh sé in am, ar bhonn práinne, dul i ngleic leis na fadhbanna atá ag an nGaeilge agus ag an nGaeltacht chomh luath agus is féidir.

“Beidh sé ródheireanach gan an t-aitheantas sin,” a dúirt sí.

Rinneadh tagairt ag tús an chruinnithe don bhreis is 90 leasú ar an mBille a bhí dícheadaithe ag Oifig na mBillí.

Bhí an Catherine Connolly agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh míshásta leis na cúiseanna a bhí tugtha le roinnt de na moltaí a dhícheadú, go háirithe na cinn nár ceadaíodh toisc gur measadh nach raibh baint acu le forálacha an Bhille.

Socraíodh soiléiriú a lorg ón gCeann Chomhairle maidir leis na leasuithe a dícheadaíodh agus dúradh go raibh dóchas ann go bhféadfaí cuid acu a phlé sa chéad chéim eile d’aistear an Bhille, Céim na Tuarascála.

“Níor chóir dúinn a bheith coimeádach agus muid ag déileáil leis an reachtaíocht seo,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach an Choiste. “Ní cóir go mbeadh muid srianta ag an gcur chuige atá ag an státchóras i gcoitinne.”

Dúirt an tAire Stáit Chambers nach raibh aon ról aige féin i ndícheadú na leasuithe agus nach raibh sé ag iarraidh tada a rá fúthu go dtí go mbeadh soiléiriú faighte ag an Roghchoiste ina leith.

I ráiteas a thug sé ag tús an chruinnithe, dúirt an tAire Stáit go mbeadh sé sásta breathnú ar roinnt de na leasuithe a moladh agus obair leis na Teachtaí Dála ar theacht ar shocrú chun go bhféadfaí iad a chur san áireamh ag an gcéad chéim eile.

“Rinneadh an-obair ar an mBille seo agus ar na leasuithe atá faoinár mbráid inniu – cinn an Rialtas agus cinn an fhreasúra araon,” a dúirt an tAire Stáit Chambers.

“Aithním an obair agus an taighde atá déanta ag Teachtaí chun a gcuid leasuithe a thabhairt chun cinn. Léiríonn sé seo go bhfuil spéis ar leith acu san ábhar. Tar éis dom grinnstaidéar a dhéanamh orthu uilig, beidh mé sásta breathnú níos géire ar roinnt acu féachaint an mbeidh muid in ann foclaíocht a aontú sa chaoi is go mbeifear in ann iad a thabhairt ar ais le bheith faofa ag Céim na Tuarascála.”

Déanfar tuilleadh plé ar an mBille Teanga tráthnóna agus cruinniú eile de chuid an Roghchoiste le reáchtáil sa Dáil ag 3.30pm.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Mura n-aithníonn sibh go bhfuil géarchéim ann, tá muid ag dul sa treo mícheart’ – plé tosaithe ar an mBille Teanga'

  • Mífhoighneach

    Aithníonn Gaeilgeoir ar bith go bhfuil géarchéim ann. Cinnte, tá tógáil pobal ar an talamh níos tábhachtaí ná Acht teanga ar bith ó thuiadh ná ó dheas. Bunaimís comharchumainn tithíochta sinn féín dos na Gaeilgeoirí agus beidh rud coincréideach déanta.