Moltaí ó Theachtaí Dála faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht dícheadaithe mar gheall ar chostas

Dícheadaíodh chomh maith leasú a mhol breis is deichniúr Teachtaí Dála ar mhaithe le ceangal a chur ar eagraíochtaí stáit méid áirithe fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge

Moltaí ó Theachtaí Dála faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht dícheadaithe mar gheall ar chostas

Ní dhéanfar aon leasú ar an reachtaíocht teanga chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht mar go mbeadh costas breise ag baint lena leithéid.

Cuirfear tús inniu sa Dáil leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille teanga trí Thithe an Oireachtais nuair a phléifear na leasuithe ar an mbille atá molta ag Teachtaí Dála.

Ach tá breis is 90 den 300 leasú a  moladh dícheadaithe cheana féin, ina measc leasuithe a chuirfeadh ceangal ar an stát seirbhísí Gaeilge a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga, polaiteoirí, Conradh na Gaeilge agus saineolaithe teanga gurb é ceann de na laigí is mó atá ar an mbille atá molta ag an Rialtas nach bhfuil foráil dhíreach ann a chuirfeadh ceangal láidir ar an stát freastal ar mhuintir na Gaeltachta ina dteanga féin.

Ach tá na leasuithe go léir inar moladh forálacha Gaeltachta dá leithéid curtha as an áireamh roimh theacht le chéile Choiste na Gaeilge agus na Gaeltachta sa Dáil inniu chun tús a chur leis an gcéad chéim eile den bhille.

Dícheadaíodh chomh maith leasú a mhol breis is deichniúr Teachtaí Dála ar mhaithe le ceangal a chur ar eagraíochtaí stáit méid áirithe fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. 

De réir an leasaithe sin, bheadh dualgas ar eagrais stáit 20% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge agus 5% di a dhéanamh ar na meáin Ghaeilge. Dícheadaíodh freisin leasú a chuirfeadh ceangal ar Aire na Gaeltachta rialacháin a dhéanamh faoi chúrsaí fógraíochta, cead atá aige faoin Acht ach nár bhain aon aire leas as le 17 bliain.

Tá aird á tarraingt le tamall ar a laghad fógraíochta a dhéanann an stát i nGaeilge mar gheall ar a laghad di a bhíonn le feiceáil i bhfeachtais eolais an Rialtais le linn na paindéime.

I measc na leasuithe eile nach ndéanfaidh Coiste na Gaeilge plé sa Dáil orthu, tá gach ceann inar moladh go ngearrfaí pionós airgid ar eagras stáit as an dlí teanga a shárú.

Breis is 300 leasú a bhí molta ag Teachtaí Dála ar an mbille a dhéanfaidh leasú ar an Acht Teanga, ach tá breis is 90 de na leasuithe sin curtha as an áireamh, a bhformhór toisc go meastar go gcuirfidís costas breise ar an stát.

Níl cead ach amháin ag aire nó aire stáit leasú a mholadh ar bhille má shíltear go mbeadh éileamh breise ar an státchiste mar thoradh ar an leasú sin.

I measc na leasuithe a bhfuarthas réidh leo ar an gcúis go mbeadh costas breise ag baint leo bhí roinnt leasuithe a bhain le seirbhísí sa Ghaeltacht.

Dícheadaíodh, mar shampla, leasú ó  Gary Gannon, Teachta Dála de chuid na nDaonlathach Sóisialta, a d’fhágfadh go mbeadh “gach seirbhís poiblí i Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta ar fáil trí mheán na Gaeilge faoin 31 Nollaig 2030”.

Costas breise don státchiste an chúis a tugadh leis an leasú sin a chur as an áireamh.

Diúltaíodh ar an mbonn céanna do leasú de chuid Catherine Connolly agus leasú de chuid Shinn Féin inar moladh go mbeadh seirbhísí uile an Stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht faoin 31 Nollaig 2025.

Costas breise an chúis a tugadh chomh maith le dícheadú leasú a bhí molta ag Sinn Féin maidir le seirbhísí sláinte.

De réir an leasaithe sin, bheadh dualgas ar an HSE a chinntiú go mbeadh seirbhísí sláinte agus meabhairshláinte ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht faoi dheireadh 2025 d’aon duine a mbeadh sin uathu. Mhol Sinn Féin go gcinnteofaí go mbeadh an ceart céanna ag muintir an stáit go léir faoi 2030.

Bhí na leasuithe go léir faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht a dícheadaíodh níos láidre ná aon rud atá ráite faoin ábhar céanna  i mBille an Rialtais.

Deirtear i ndréachtreachtaíocht an Rialtais go dtabharfaidh an coiste comhairleach nua atá le bunú faoin mbille “aird” ar “chuspóirí” maidir le seirbhísí trí Ghaeilge a mhéadú “go háirithe sa Ghaeltacht, i mbailte seirbhíse Gaeltachta agus i líonraí Gaeilge”.

Deirtear chomh maith go gcuirfí “an tionchar teanga” ar an nGaeltacht san áireamh nuair a bheidh caighdeáin teanga á leagan amach.

De réir bhille an Rialtais leagfaí amach sna caighdeáin sin “scála ama” i dtaobh na Gaeilge a bheith mar “theanga oibre” in oifigí stáit atá lonnaithe sa Ghaeltacht.

Costas breise an chúis a tugadh le dícheadú roinnt leasuithe a thabharfadh cumhachtaí breise don Choimisinéir Teanga.

De réir ceann acu sin, a mhol scata Teachtaí Dála, bheadh cead ag an gCoimisinéir Teanga scagadh a dhéanamh ar aon bhillí, straitéisí nó scéimeanna nua féachaint an mbeadh aon impleachtaí acu ó thaobh na teanga de.

Tugadh an t-eiteach chomh maith do leasú eile de chuid Shinn Féin a mhol go mbeadh cead ag an gCoimisinéir “an prionsabal a chosaint nach gcaithfear leis an nGaeilge ar bhonn is lú fabhar ná mar a chaithfear leis an mBéarla”.

Costas breise ba chúis le dícheadú an leasaithe sin agus b’amhlaidh an scéal i gcás an mholaidh go gceapfaí ‘príomh-shochtheangeolaí an Stáit’ a bheadh lonnaithe i Roinn na Gaeltachta.

Cúrsaí costais a luadh chomh maith le dícheadú leasú a d’fhágfadh go mbeadh gach seirbhís tacaíochta a chuireann Tithe an Oireachtais ar fáil i mBéarla ar fáil i nGaeilge chomh maith.

Cúrsaí costais ba chúis le dícheadú leasuithe faoi fhoilsiú comhuaineach, i mBéarla agus i nGaeilge, billí, achtanna agus ionstraimí reachtúla.

Baineadh leas as an riail faoi leasuithe a mbeadh impleachtaí acu don státchiste chun go leor moltaí eile a bhí ag Teachtaí Dála an fhreasúra a chur as an áireamh.

Bhain cuid na leasuithe eile a dícheadaíodh le stádas na Gaeilge ar chomharthaí tráchta, le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna agus le fíneálacha d’eagrais a dhéanfadh sárú ar an reachtaíocht teanga.

Theip chomh maith ar iarrachtaí a rinne Teachtaí Dála bainc mhiondíola agus comhlachtaí príobháideacha a thabhairt isteach faoi scáth an achta.

Dícheadaíodh freisin leasú a mhol go mbeadh maoiniú ag TG4 arbh ionann é agus 33% den mhaoiniú a bheadh ag RTÉ agus cuireadh as an áireamh leasú a moladh d’fhonn toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Sna cásanna sin, dúradh gurb amhlaidh nár bhain na moltaí le forálacha an Achta Teanga.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, go raibh “díomá” air faoi na leasuithe dícheadaithe.

“Tá díoma orm faoi seo. Tuigim cén fáth go ndéantar dícheadú ar leasuithe anois agus arís, toisc go bhfuil costas i gceist nó pé rud. Ach déanann sé an-deacair é dúinne mar fhreasúra bheith gníomhach faoi chúrsaí reachtaíochta mura féidir na tuairimí agus na moltaí atá agat a chur isteach.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh sé dóchasach mar sin féin go mbeidh acht níos láidre ann ach nach mbeadh aon deis eile ann go ceann i bhfad cearta teanga a neartú.

“Beidh sé beagáinín níos láidre toisc go bhfuil leasuithe ón Aire féin ann, ach ní théann siad fada go leor in aon chor. Má ghlacann sé le haon leasú ó dhuine ar bith eile againn, déanfaidh sé an Bille níos láidre.

“An fhadhb is mó atá ann ná go bhfuil deis againn anois teacht ar an gcur chuige ceart agus ní bheidh muid ag teacht ar ais go dtí an Bille seo, i mo thuairim féin, go ceann 20 bliain eile. 2002 an uair dheireanach, sin an uair ar toghadh mé ar dtús, 19 bliain ó shin. Is fíor-annamh a thagann reachtaíocht faoin nGaeilge chun cinn agus mura dtapaíonn muid an deis seo, pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a bheidh thíos leis.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh Oifig na mBillí “imithe thar fóir” i roinnt de na cásanna inar chinn siad nár bhain leasuithe le forálacha an bhille nó go mbeadh costas ag baint leo.

“Tá an Stát i gcoitinne éirithe an-choimeádach ó thaobh cad a áiríonn siad mar chostas ar an Stát. Tá díospóireacht ar bun sa chúlra maidir le céard go díreach atá i gceist leis an bhforáil sa Bhunreacht ina ndeirtear nach bhfuil sé de cheart ag an bhfreasúra costas a ghearradh ar an Stát.

“Tá muidne [sa bhfreasúra] den tuairim gur mí-léamh atá ann agus léamh an-choimeádach atá ann. Faoi láthair, an t-aon bhealach gur féidir linn rud a chur chun cinn, fiú dá mbeadh buntáiste don stát ann, ná impí ar Airí an smaoineamh a ghlacadh chucu féin agus go gcuirfeadh siadsan isteach an leasú ansin faoina n-ainm féin. Is fíor-annamh a tharlaíonn sé sin. Déanann sé sin an-deacair plé i gceart le reachtaíocht nua.”

Fág freagra ar 'Moltaí ó Theachtaí Dála faoi sheirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht dícheadaithe mar gheall ar chostas'

  • Sibéal

    Má tá an Teachta Aengus Ó Snodaigh Sinn Féin comh feargrach sin faoi chás na Gaeilge sa Státchóras sna 26 contae cén fáth go gceadaíonn sé suíomh idirlín i mBéarla do bheith ag a pháirtí? Nuair a bhrúitear cnaipe na Gaeilge ar shuíomh SF seoltar daoine ais go dtí an suíomh Bhéarla! https://www.sinnfein.ie/ga/
    Ní easpa airgid is cúis leis an suíomh idirlín Bhéarla seo atá ag SF mar is iad an páirtí polaitíochta is saibhre ar an oileán.
    Is fiú comparáid a dhéanamh le Sinn Féin ag na samplaí seo thíos.
    https://gaeilge.fiannafail.ie/
    https://www.comhaontasglas.ie/
    https://www.socialdemocrats.ie/fuinn/

  • Pádraig

    Ar ceadaíodh leasú ar bith?! Mo náire iad na polaiteoirí! Is ceart bunúsach é go mbeadh seirbhísí uile an Stáit ar fáil i nGaeilge sa nGaeltacht…

  • S. Mac Muirí

    Tá an ceart ag Sibéal thuas faoin seanghalar Éireannach, an fhimíneacht, ar SF a léiriú. Tá siad ag cruthú níos measa ná FG tharla nach ligeann FG aon den nGaeilg fána gcomhar 7 tuigeann achan duine againn gur Gaill gan náire amach iad.
    Ligeann SF orthu féin gur Gaeil iad ach léiríonn an suíomh idirlín nach bhfuil sa mbuaileam sciath ar fad ach an tseanbhréag aríst ar ais.

  • Pól Ó Braoin

    Ní chuirtear luach ar bith ar an teanga ársa eisiach s’againne. Ní ghlactar leis an ngéarchéim atá ann maidir léi ach an oiread. Táthar ag tagairt ar an mbliain 2030… ní bheidh aon ghaeltacht ann ar chor ar bith faoin mbliain sin má leantar ar aghaidh le cúrsaí mar atá siad faoi láthair…

  • Liam

    Bhí mé ag féachaint ar an gcoiste ar Oireachtas TV aréir. Bhí 45 nóiméad imithe agus bhí siad ag caint faoi sainmhíniú an Choimisinéir Teanga ón mbille 2003. Ní raibh fhios acu má sheasann an sainmhíniú sin fós nó má bheadh sé orthu an sainmhíniú a chur isteach arís.

    Sin ráite, bhí sé deas an Ghaeilge a chloisteáil sa Dáil, (tá an coiste ansin chun scaradh sóisialta a dhéanamh).