Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil ‘neamhaird’ á déanamh ag polaiteoirí ar na deacrachtaí a bhíonn ag cainteoirí dúchais Gaeilge plé leis an tseirbhís sláinte.
Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, go mbíonn an rialtas ag caitheamh le cainteoirí Gaeilge a bhíonn ag lorg seirbhísí sláinte amhail is go bhfuil Béarla ag gach duine agus gur leor an Béarla dá bharr.
Dúirt sí go bhfuil “easpa tuisceana ar fad” i gceist i gcás cainteoirí dúchasacha ar bheagán Béarla agus páistí atá á dtógáil le Gaeilge.
“Is cinnte go bhfuil sé ag cur as go mór do thuismitheoirí agus ag cur as go mór do pháistí chomh maith,” a deir Sorcha Ní Chéilleachair.
“Má tá tástáil le déanamh ar pháiste, tástáil cainte, tástáil intinne, tástáil mothúcháin nó aon saghas tástála, mura bhfuil an teanga sin ag an duine atá ag déanamh na tástála, conas go ndéanfaí scrúdú ceart ar an bpáiste nó conas a bhfaighfear amach cad atá ag cur as don pháiste agus mar a dúirt mé is scéal fada fada é seo agus is scéal atá ann le fada an lá.”
Deir ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta nach i bhfeabhas ach a mhalairt atá cúrsaí ag dul.
“Níl an chuma air go bhfuil aon fheabhas ag teacht ar an scéal. Níl an chuma air ach an oiread, caithfidh mé a rá, go bhfuil aon tuiscint ar an gceist seo i measc lucht na polaitíochta.
“Tá siad ag caitheamh le daoine amhail is gur foghlaimeoirí iad ar fad agus amhail is go bhfuil Béarla ag aon duine a bhfuil Gaeilge acu agus níl sé sin fíor, go háirithe i gcás daoine an-óg faoi bhun dhá bhliain ach suas go dtí daoine atá dhá bhliain déag chomh maith.”
Tharraing bean óg as an Cheathrú Rua, Clíodhna Breathnach, aird ar an cheist nuair a scaipeadh póstaer a dhear sí go mear ar na meáin shóisialta.
D’úsáid Clíodhna Breathnach an póstaer do chur i láthair a rinne sí ag Comhdháil Chumann Geirinteolaíochta na hÉireann le déanaí, agus léiríodh ar cuid de na tuairimí a bhailigh sí mar theiripeoir saothair nuacháilithe ó sheandaoine sa Ghaeltacht faoina dtaithí ar an gcóras sláinte.
Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair go raibh go leor “samplaí truamhéalacha” á roinnt ar na meáin shóisialta a léirigh na deacrachtaí a bhíonn ag daoine nach féidir leo seirbhís a fháil ina dteanga dhúchais.
“Chonaic mé féin an méid a bhí ar na meáin shóisialta faoin ábhar seo agus shíl mé go raibh sé an-truamhéalach. Tá an taighdeoir le moladh go hard agus is iontach go bhfuil daoine óga ann gur cás leo na rudaí seo agus go bhfuil cáilíochtaí acu.
“Tarraingíodh anuas an cheist ansin faoi sheirbhísí faoi bhun aois áirithe. Daoine óga agus páistí. Easpa seirbhísí atá i gceist i gcás daoine óga agus bhí tuismitheoirí á rá sin i bhfad sular tháinig Tuismitheoirí na Gaeltachta ar an bhfód.”
Ag labhairt di le Tuairisc, dúirt Clíodhna Breathnach, go raibh “áthas” uirthi go raibh aird á díriú ar na “deacrachtaí cumarsáide” a bhíonn ag cainteoirí dúchais sa chóras sláinte.
“Rud a tháinig amach as sin ná go raibh tábhacht mhór le bheith in ann an teanga chéanna a labhairt leis an othar agus an soláthraí seirbhísí agus uaireanta ní raibh sin ag tarlú.
“An dara téama a tháinig as – rud a dúirt ceann de na rannpháirtithe, dúirt siad, ‘céard atá níos tábhachtaí, dochtúir nó duine atá in ann Gaeilge a labhairt?’
“Má tá cúnamh ag teastáil uait ó dhochtúir, níl tú chun dul díreach chuig duine éigin atá in ann Gaeilge a labhairt, tá tú ag iarraidh dochtúra, is cuma má tá siad ag caint Seapáinise nó má tá siad ag caint Spáinnise nó cíbe céard é fhéin, b’fhearr leat dul ag dochtúir má tá dochtúir ag teastáil,” arsa Clíodhna Breathnach.
Dúirt sí gur thug sí faoin taighde mar gheall ar a taithí féin, ó aois óg a bheith ina ‘ateangaire’ ag coinní dochtúra a seantuismitheoirí.
Sa chás go mbeadh ateangaire de dhíth, ba léir go raibh tuairimí éagsúla ann, a dúirt Breathnach.
“Bhí an dá thaobh ann. Bhí daoine ag rá go mbeadh sé go maith go mbeadh duine ón gclann istigh sa choinne leo mar go mbeadh trust acu agus go mbíonn breis eolais ag an duine clainne agus go mbeadh siad in ann an t-eolas a thabhairt don dochtúir. D’airigh daoine eile nach mbeadh sé ar leas an othair i gcásanna áirithe duine gaolta a bheith leo, nuair ba mhaith leo príobháideachas agus b’fhearr leo ateangaire proifisiúnta,” a dúirt sí.
Pléadh sa taighde a leochailí is atá cás na ndaoine ar bheagán Gaeilge agus gan aon duine acu le cinntiú gur thuig siad an méid a bhí á rá ag oibrí sláinte.
“Na deacrachtaí a bhí ag na daoine sa taighde, dúirt siad gur cinnte go mbíonn na deacrachtaí seacht n-uaire níos measa ag cainteoirí dúchais aonteangacha,” a dúirt Clíodhna Breathnach.
Liam
Cén bhaint atá ag Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an HSE? Nach cúram don Oifigeach Gaeilge san HSE a bheith ag freagairt don alt seo? Seo fadhb i saol na Gaeilge, an iomarca glórtha agus gan dóthain gnímh.
CC
Agus go leor daoine agus ‘Gaeilge’ acu nach mbeadh in ann Gaeilge na Gaeltachta a thuiscint, go háirithe Gaeilge na seandaoine.
Cuireann sé an t-alt seo i gcuimhne dhom, tús áite tugtha d’fhealsúnacht na bhfoghlaimeoirí i gcónaí seachas do riachtanais an phobail Ghaelaigh –
https://tuairisc.ie/tus-aite-dfhealsunacht-na-bhfoghlaimeoiri-gaeilge-seachas-do-riachtanais-an-phobail-ghaelaigh-i-bplean-nua-an-rialtais/