Tús áite d’fhealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge seachas do riachtanais an phobail Ghaelaigh i bplean nua an Rialtais

Tá beartais áirithe sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a d’fhéadfadh leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a dhéanamh, ach ar an mórgóir déantar an éidreoir a dhaingniú ann

Tús áite d’fhealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge seachas do riachtanais an phobail Ghaelaigh i bplean nua an Rialtais

I measc na n-aidhmeanna agus na mbeartas sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a d’fhéadfadh a bheith dearfach, má chuirtear i bhfeidhm iad, tá tacaíocht bhreise do Thuismitheoirí na Gaeltachta, athdhearbhú ar spriocanna an Pholasaí Oideachais don Ghaeltacht, aitheantas do ról tábhachtach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) i leasú agus múnlú an oideachais Ghaelaigh agus na beartais chun digitiú a dhéanamh ar acmhainní cultúrtha na Gaeilge.

Níl an Plean Gníomhaíochta saor ó easnaimh shuntasacha, áfach. Is é an locht is mó atá air gur plean Gaeilge don stát atá ann seachas cúnamh straitéiseach do phobal mionteanga atá i bponc – an tseanchasaoid faoin institiúideachas in am an ghátair. Is tábhachtaí ann caidreamh an Státchórais leis na cliantfhorais phoiblí a chuirfidh tosaíochtaí an Stáit don Ghaeilge chun cinn seachas caidreamh tacúil an Stáit leis an bpobal. Ní ann do dhul i ngleic le géarchéim na Gaeltachta sa Phlean Gníomhaíochta, ach an oiread le gnéithe eile do chur chuige an Státchórais sa Ghaeltacht.

Chomh maith le bunlaigeachtaí na bunstraitéise 20 Bliain don Ghaeilge, níl beartais an phlean nua seo fréamhaithe i ndiagnóis ar na dúshláin atá ag an bpobal. Is í fealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, seachas riachtanais an phobail Ghaelaigh, atá ceannasach fós sna tosaíochtaí nua seo. Sa mhéid seo, ní plean pobail é ach plean tacaíochta dóibh siúd atá in ann earraíocht a bhaint as soláthar an stáit i réimsí éagsúla d’earnáil na Gaeilge – clár oibre na meánaicme dara teanga.

Thug an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch suntas ar leith do thábhacht ard-dlús na gcainteoirí Gaeilge, go háirithe i gCatagóir A, agus do thacaíochtaí ar leith do labhairt na Gaeilge sa teaghlach mar bhonn straitéise don phobal Gaelach. Fuair an Státchóras réidh le Scéim Labhairt na Gaeilge in 2011 agus tá creimeadh an dlúthphobail Ghaelaigh ina neamhscéal sa bPlean Gníomhaíochta nua seo. In éagmais fhaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge, nó a leithéid eile d’fhianaise phoiblí, ní bheidh aon bhealach go mbeidh a fhios ag an bpobal go bhfuil ag éirí le hiarrachtaí na 26 Coiste Pleanála Teanga a cuireadh ar bun sa nGaeltacht.

Toradh a d’fhéadfadh a bheith ar neamhaird an Stáit ar chreimeadh dhlús sóisialta na nGael agus ar laghad na mbeartas atá dírithe ar an bpobal teanga go mairfeadh cineál seo phleanáil teanga an Stáit níos faide ná an pobal teanga fhéin. Is sampla eile de chomhcheilg na bhforas Stáit in aghaidh an phobail é an Plean Gníomhaíochta nua seo. Tá an dearcadh éidreorach a thugann tús áite do na foghlaimeoirí dara teanga chomh greanta sin i bpolasaí Gaeilge an Stáit gur deacair leigheas a fháil ar an scéal nó leasú a dhéanamh ar an seachmall sa gcur chuige agus ar an deighilt aicmeach chultúrtha a chothaigh earnálachas an Stáit. Sin mura dtapóidh dream eicínt an deis le dúshlán an Stáit a thabhairt maidir leis an éigeandáil teanga agus an aimhréidh polasaí atá ann faoi láthair.

D’fhéadfadh comhghuaillíocht idir na 26 Coiste Pleanála Teanga sa nGaeltacht an ról sin a ghlacadh le brú a chur ar an Státchóras sa gcaoi is go gceapfaidís beartais atá níos ábhartha do ghéarchéim na Gaeltachta.

Is iomaí moladh a rinneadh sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch i leith na géarchéime seo nár tugadh feidhm dóibh, ach is éard a theastaíonn ag an tráth seo ná modh oibre le haird an Stáit a dhíriú ar an bpríomhcheist – creimeadh an phobail Ghaelaigh sa nGaeltacht. Céim fhóinteach tosaigh ina thaobh seo a bheadh in iarratas a dhéanfadh na Coistí Pleanála Teanga go n-athbhunófaí Scéim Labhairt na Gaeilge ar bhealach a bheadh ag teacht le haidhmeanna an Staidéir Chuimsithigh Theangeolaíoch.

Thabharfadh seo fócas soiléir don Stát ar an dúshlán atá rompu agus bhunódh a leithéid de scéim bunsraith feidhme a d’fhéadfadh leas a dhéanamh do na haidhmeanna atá á samhlú le struchtúr méadaithe Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Cuimsítear an t-iliomad moladh eile i mBeartas Úr na nGael(Ó Giollagáin agus Ó Curnáin, 2016) a bheadh ina chrann taca do chineál na hathnuachana pobail atá de dhíth má tá bonn Gaelach le bheith faoin nGaeltacht amach anseo. 
Tá an tOllamh Conchúr Ó Giollagáin ina Stiúrthóir ar Institiúid na nEolaíochtaí Teanga in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán in Albain

Fág freagra ar 'Tús áite d’fhealsúnacht na bhfoghlaimeoirí Gaeilge seachas do riachtanais an phobail Ghaelaigh i bplean nua an Rialtais'

  • Áine Nic Niallais

    Tá an mhéar buailte air san alt seo! Níl fhios agam ón spéir anuas cad chuige nach bhfuiltear sásta cluas le héisteacht a thabhairt do na saineolaithe ar an ábhar ríthábhachtach seo!

    Caitear cúpla bliain ar phlean a chur le chéile ach tugtar an chluas bhodhar dóibh siúd atá ag saothrú (go hoifigiúil nó go neamhoifigiúil) le fada an lá i ngort seo na pleanála teanga!

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Aontaím leis an méid atá ráite san alt seo faoin tábhacht le Scéim Úr Labhairt na Gaeilge. Leath den airgead poiblí atá le caitheamh amú ar phleanáil teanga i gceantair oifigiúla Gaeltachta gan Ghaeilge, dá gcaithfí é ar Scéim Úr Labhairt na Gaeilge creidim go mbeadh toradh maith air.

  • Seán Mag Leannáin

    “ní plean pobail é ach plean tacaíochta dóibh siúd atá in ann earraíocht a bhaint as soláthar an stáit i réimsí éagsúla d’earnáil na Gaeilge – clár oibre na meánaicme dara teanga.”
    “Is sampla eile de chomhcheilg na bhforas Stáit in aghaidh an phobail é an Plean Gníomhaíochta nua seo.” “Tá an dearcadh éidreorach a thugann tús áite chomh greanta sin i bpolasaí Gaeilge an Stáit gur deacair leigheas a fháil ar an scéal nó leasú a dhéanamh ar an seachmall sa gcur chuige agus ar an deighilt aicmeach chultúrtha a chothaigh earnálachas an Stáit.”
    Ní chuirfinn comhcheilg in aghaidh phobal na Gaeltachta i leith an Stáit. Chuirfinn neamhshuim, neamhaird agus neamhinniúlacht ina leith. Ní dóigh liom ach an oiread gur aon chabhair iad tagairtí do na foghlaimeoirí dara teanga mar chuid de “clár oibre na meánaicme dara teanga” agus “an deighilt aicmeach chultúrtha a chothaigh earnálachas an Stáit.”

  • Mártan Ó Náraigh

    Sea. Tabhair airgead dúinn agus labharfaidh muid an Ghaeilge? Gan dabht, beadh toradh maith air sin. An náire deireanach!

  • Mánus

    Cá bhfuil an “Ghaeltacht” seo go mbíonn trácht ginearálta uirthi sa Straitéis 25 Bhliain ar nós gur áit amháin í leis an stádasvteanga céanna. Nach BreacGhaeltachtaí atá sna ceantracha Catagóir A agus nach bhfuil siad go léir ag druidim go gasta i dtreo a bheith cáilithe mar ceantracha Catagóir B? I mBeartas Úr na nGael moltar Utopia Gaelach a bhunú le sean taifid des na cainteoirí Gaeilge is fearr. Nach admháil é sin nach ón Státchórais ná ón chórais pholtaitiúil a thiocfaidh slánú na Gaeilge?

  • Seán Mag Leannáin

    Is fíor gur tobar na Gaeilge í an Ghaeltacht ach mura mbíonn daoine ón taobh amuigh ag tarraingt as an tobar sin is gearr go mbeidh sé gan braon uisce. Is déscaradh bréige é an t-idirdhealú seo idir cainteoirí dúchais na Gaeltachta agus lucht foghlamtha na teanga. Tá an dá dhream ar an taobh céanna agus ag brath ar a chéile. Tá go leor fórsaí agus daoine naimhdeacha ag cur i gcoinne na teanga gan easaontas a chothú taobh istigh de lucht na Gaeilge féin.