‘Tearmann na nGael’ agus ‘Dáil na nGael’ molta i leabhar nua faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta

Ceithre mhórbheartas atá molta sa leabhar, atá curtha in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin: go mbunófaí Tearmann na nGael, Iontaobhas na nGael, Dáil na nGael agus Acadamh na nGael

An Gaeltacht

Moltar i leabhar nua, Beartas Úr na nGael, a sheolfar an tseachtain seo, go mbunófaí Dáil na nGael, tionól daonlathach pobail a bheadh mar chuid de chóras tacaíochta úr a chuirfí ar bun “do na Gaeil”.

Ceithre mhórbheartas atá molta sa leabhar, atá curtha in eagar ag Conchúr Ó Giollagáin agus Brian Ó Curnáin: go mbunófaí Tearmann na nGael, Iontaobhas na nGael, Dáil na nGael agus Acadamh na nGael.

Thug Conchúr Ó Giollagáin le fios do Tuairisc.ie gur “moltaí dearfacha, forásacha” atá á ndéanamh sa leabhar nua “a bhfuil sé mar aidhm acu córas tacaíochta úr a chur ar bun do na Gaeil”.

Moltar sa leabhar go ndéanfaí athrú radacach ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

“Níl ag éirí leis an gcur chuige reatha, agus dá bhrí sin, teastaíonn struchtúr eile chun cúnamh praiticiúil a thabhairt don phobal,” a dúirt Ó Giollagáin.

Is é atá i gceist ag na húdair le Tearmann na nGael ná limistéir a roghnófaí “le toil an phobail” ina dtabharfaí “cosaint do labhairt shóisialta na Gaeilge”. 

Struchtúr comharchumainn a bheadh ag Iontaobhas na nGael “ina roinnfí buntáistí socheacnamaíochta do bhaill an Iontaobhais”.

Thug Ó Giollagáin le fios go ndéanfadh an tIontaobhas “riaradh ar scéimeanna fostaíochta agus tithíochta, ar chóras díbhinní agus cúitimh shóisialta, ar dhreasachtaí cánach, agus tacaíochta oideachais agus sóisialta”.

Tionól pobail a bheadh i nDáil na nGael “a chruthódh meicníocht dhaonlathach d’fhonn cur le dlúthpháirtíocht an phobail” i gcosaint na teanga agus forbairt an phobail féin.

Foras taighde agus comhairle a bheadh in Acadamh na nGael a chuirfeadh “tacaíocht straitéiseach” ar fáil do na heagraíochtaí nua eile atá molta sa leabhar.Screen Shot 2016-04-26 at 10.45.06

Deir údair an leabhair gur “beartais chun dóchais” atá á moladh acu sa leabhar ina bpléitear géarchéim na teanga sa Ghaeltacht agus conas dul i ngleic léi.

Deirtear go bhfuil gá “le céimeanna dearfacha tarrthála a chur i bhfearas agus malairt bhisigh a thabhairt ar na laincisí atá sa chur chuige reatha”.

Maítear go bhfuil “cuid shuntasach den phlé poiblí institiúideach agus acadúil neamhábhartha do chineál na gcúinsí atá ag goilliúint ar rannpháirtithe na féiniúlachta Gaelaí”.

“Diagnóis bhríomhar agus prognóis dhearfach ar cheist na nGael atá sa leabhar seo,” a deirtear.

Is í Sorcha Ní Chéilleachair ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta a sheolfaidh Beartas Úr na nGael, i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh.

Is in Áras an Phiarsaigh, 27 Sráid an Phiarsaigh, ag 7.30in Dé Céadaoin a sheolfar an leabhar i mBaile Átha Cliath agus seolfar sa Ghaillimh é an lá dár gcionn, Déardaoin an 28 Aibreán, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ag 6.00in.

Tá Conchúr Ó Giollagáin ina Ollamh Taighde in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán i Sabhal Mòr Ostaig in Albain. Is comhúdar é ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) agus Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch (2015). Tá Brian Ó Curnáin ina Ollamh Cúnta i Scoil an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. Comhúdar é ar Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach.

Fág freagra ar '‘Tearmann na nGael’ agus ‘Dáil na nGael’ molta i leabhar nua faoi ghéarchéim teanga na Gaeltachta'

  • MacAnPheileadóra

    Aontaím le cuid mhór dá bhfuil molta, ach, chun na Gaeil taobh amuigh den Ghaeltacht a thabhairt leat cad é faoi roinnt de na moltaí thíos a chur san áireamh.
    Cad é faoi “Sceim Lascaine na Gaeilge”?
    Ins an scéim seo bheadh buntáiste airgid i gceist don Ghaeilgeoir. Bheadh lascaine de, abraimis, 10%, ar fáil don Ghaeilgeoir ar tháilli ó eagraíochtaí stáit, agus ó chomhlachtaí a fhaigheann maoiniú ón stát agus ar tháillí ó eagraíochtaí a mhaíonn go dtacaíonn siad leis an Ghaeilge. Mar shampla bheadh an Gaeilgeoir i dteidil lascaine ar an ghnáththáille a bhaineann le:-
    Doiciméad stáit a fháil – (pas, ceadúnas tiomána srl)
    Táillí uisce agus a leithid – (bailiú bruscair, cáin bóthair)
    Táillí iontrála chuig foirgnimh stáit – (iarsmalanna, dánlanna, amharclanna)
    Táilli taistil (busanna, traenacha)
    Táillí iontrála chuig cluichí de chuid an CLG.
    Cúrsaí oideachais – céim a dhéanamh, ranganna oíche.
    An bhfuil me ag magadh? Níl i ndáiríre. Samhlaigh go bhfuil tú ag ceannach ticéid traenach, taispeanann tú do “charta Gaeilge” don chléireach ag Stáisiún Uí Chonghaile agus íocann tú 2 Euro níos lú ná an Béarlóir a bhí sa scuaine romhat. Anois nach buntáiste phraicticiúil agus spreagadh é sin!