Bhí an craoltóir aitheanta as Corca Dhuibhne Pádraig Ó Sé sa chathaoir ar an gclár Eachtraigh Dom den uair dheireanach an tseachtain seo agus é le héirí as a ról mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta ag tús na míosa seo chugainn. Tá os cionn tríocha bliain caite ag fear Dhún Chaoin ar aerthonnta na Gaeltachta agus an iliomad cláracha curtha i láthair aige i gcaitheamh na mblianta sin.
Dúirt Ó Sé le Tuairisc go raibh “ana-shuim” aige sa láithreoireacht ó thosaigh sé ag obair i stiúideo Bhaile na nGall i 1991 agus gur thaitin sé go mór leis i gcónaí maidhc a bheith ina láimh “agus avae liom i measc na ndaoine”.
“Bhíos naoi mbliana déag nó fiche bliain d’aois nuair a thosnaíos amach. Breandán Feiritéar a bhí ina cheannaire ag an am agus bhíos-sa ag déanamh cúrsaí do na meáin chraolta a bhí age RTÉ faoi scáth Údarás na Gaeltachta. Bhí bús faoi na cúrsaí sin ag an am mar a bhí a fhios againn go raibh TnaG ar an mbealach. Cúrsa samhraidh a bhí ann agus ag deireadh an tsamhraidh chuir Breandán glaoch orm ag iarraidh orm deich seachtaine a dhéanamh leis an Raidió.
“Thosnaíos amach ar Togha agus Rogha agus ag déanamh Clár na bhFógraí, agus ar ndóigh bhíos i mo léiritheoir ar An Saol Ó Dheas le Helen Ní Shé. Bhí ana-shuim agam sa láithreoireacht, sin é is mó a thaitin liom, maidhc i mo láimh agus avae liom i measc na ndaoine. Thaitin an tráchtaireacht ar na cluichí liom chomh maith, rud a rith liom go nádúrtha. Cluichí áitiúla a bhí ann ar dtúis agus ansin cluichí eile ar fud an chúige,” a dúirt sé.
Is mar agallóir is mó a chuimhneofar ar Phádraig Ó Sé ach ní mar agallóir a bhreathnaigh sé air féin ach mar “dhuine a dhéanfadh comhrá le daoine eile”. Dúirt nár iarr sé cead “agallaimh” ar aoi dá chuid ar Eachtraigh Dom nó na cláracha eile cainte a raibh baint aige leo ach cead “comhrá”.
“Ní déarfainn le héinne ‘ba bhreá liom agallamh a chur ort’. Deirim i gcónaí gur ‘dheas liom comhrá a dhéanamh leat’ agus is mar sin a fhéachaim ar na cláracha,” a dúirt sé.
Ar dhuine de na haíonna a ndearna Ó Sé ‘comhrá’ leo bhí Méabh Ní Bheaglaoich, a labhair go hoscailte leis faoina fadhbanna meabhairshláinte ar chlár a thuill moladh mór.
“Ceann de na cláracha is mó a chuaigh i bhfeidhm orm, agus gan coinne agam leis, ná an clár a dheineas leis an gceoltóir Méabh Ní Bheaglaoich. Bhí réamhphointí socairte againn don chlár, agus bhí an galar dubh luaite aici sna pointí sin ach le linn an chomhrá féinig luaigh sí liom go raibh sé ag dul amach chun donais. Tharraing sí pictiúr a bhí diamhair ar fad.
“Nuair a bhí an clár críochnaithe thugas hug mór di agus dúrt ‘éist leis an gclár sula gcraolfar é’, mar bhí sé láidir agus domhain ach pearsanta. Dúirt sí liom an clár a chraoladh agus go raibh sé ar nós ‘seisiún comhairleoireachta a bheith ag caint [liom]’. Sin clár a tharraing aird. Chuaigh sé domhain agus luigh sé ar scata daoine. Labhair sí go hiontach ar fad, nuair a bhíonn daoine mar sin agat ní bhíonn tú ag lorg scúp, ach nuair a bhíonn daoine sásta oscailt amach chugat agus pé rud a theastaíonn a rá a rá agus iad ar a gcompord is rud speisialta é,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Sé gur mar gheall ar an gcur chuige séimh comhráiteach sin a d’éirigh leis “comhráite speisialta” a bheith aige le mórán aíonna ar chláracha éagsúla i gcaitheamh na ndeich mbliana fichead a chaith sé le Raidió na Gaeltachta.
“Deireadh daoine nach mbeadh sé de mhisneach acu labhairt ar an raidió, ach deirinn gur ag caint liom féin ar an nguthán a bhíodar, sin uile a bheadh i gceist. An rud a deireadh mórán daoine ina dhiaidh ná gur dhein an méid sin maitheas dóibh é a chlos agus go rabhadar ar a gcompord agus iad ag labhairt. Labhróidh daoine nuair a bhíonn siad ar a socracht,” a dúirt sé.
Is ar an bpobal a chuimhneoidh Ó Sé féin agus é éirithe as a chúraimí le RnaG – an pobal éisteoirí dílse a choinnigh comhluadar leis ar na haerthonnta agus an pobal bríomhar a sholáthraigh ábhar cainte dó. Dúirt sé go mb’fhéidir nach dtuigeann an pobal féin cé chomh tábhachtach is a bhíonn sé don té atá taobh thiar den mhicreafón.
“Aon chlár a dheineamar, nó cluiche a chraolamar, muna mbeadh an pobal sin ann a thugann aiseolas dúinn, a thugann misneach dúinn agus a thugann moladh agus cáineadh – agus tá sé tábhachtach an dá thaobh a fháil! – níorbh fhiú iad a dhéanamh. Bhí sé sin an-tábhachtach ar fad, nuair a bhuailfeá le duine – agus is iomaí áit a thug mo dhá chois mé ag craoladh – nuair a déarfadh duine ‘bhaineas an-taitneamh as do chomhrá le pé duine’, na daoine sin a labhraíonn leat sin iad do ghradaim, sin iad a choinníonn an goile ag imeacht,” a dúirt sé.
Sa bhliain 2022 bhuaigh sé Gradam Cumarsáide an Oireachtais sa rannóg ‘Craoltóir Solabhartha na Bliana’ as a dheisbhéalaí is a bhí sé i mbun agallaimh agus ar bhruach na páirce imeartha. Chaith Ó Sé mórán dá chuid ama mar chraoltóir ag tráchtaireacht ar chluichí CLG ar fud a chúige.
“Ó thaobh na tráchtaireachta de, b’iontach an deis é dul chuig na cluichí, ceann de na suíocháin is fearr sa tigh a fháil, agus an t-aicsean a sheoladh abhaile chuig na héisteoirí. Caithfidh tú imeacht leis an imirt agus éiríonn tú an-tógtha leis an imirt féin. Bhíos ag craobhacha uile-Éireann agus onóir mhór ab ea é sin. Ní dhéanfad dearmad ar Chraobh Phádraig Uí Ógáin nuair a bhuaigh Pobalscoil Chorca Dhuibhne é – bheadh tocht ort le bród.
“An lá is déanaí a tháinig tocht orm ná nuair a bhuaigh Louise Ní Mhuircheartaigh as Ard na Caithne Craobh na hÉireann. Is mó cluiche a chraol mé agus is mó briseadh croí a bhí ann do Louise. Sular chríochnaigh an cluiche sin bhí a cion déanta aici – bhí sé dochreidte í a fheiscint agus a fhios agat go raibh an bonn Uile-Éireann a bhí sí a lorg le blianta fachta aici,” a dúirt sé.
Beidh glór Phádraig Uí Shé le cloisteáil ar thaobh na páirce an deireadh seachtaine seo nuair a bheidh tráchtaireacht á déanamh aige ar a chluiche deireanach don raidió ar an 1 Nollaig 2024. Cé gurb é sin an clár deireanach a dhéanfaidh sé do RTÉ Raidió na Gaeltachta, tá súil ag fear Dhún Chaoin nach bhfuil deireadh ar fad tagtha lena ghairm mar chraoltóir.
“Táim chun é a thógaint socair ar feadh seala. Ba mhaith liom craoladh a dhéanamh arís, is breá liom an craoladh féin, an micreafón i mo ghlaic. Dá dtiocfadh an deis, ba bhreá liom a thuilleadh teilifíse a dhéanamh. Ar ndóigh tá Pólca 4 [a bhanna ceoil] ann agus ba dheas liom díriú isteach air sin níos mó. Tá an chlann ann chomh maith – tá garmhac anois againn agus tá mac ag pósadh.
“Ní fhéadfá post níos fearr a fháil, do pharóiste féin, do phobal féin, do theanga féin. Bhí sé sin go hiontach, braithfidh mé uaim é sin, n’fheadar cad é an deis a thiocfaidh ach tógfaidh mé breá réidh é ar feadh tamaill. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le mo mhuintir agus le mo phobail as an misneach a chuir siad ionam,” a dúirt Ó Sé le Tuairisc.
Breandán Ó Riain
Dhein Pádraig jab bríomhar, spreagúil. Braithfimid uainn é.
Beian Ó Conchubhair
Gath rath ort sa todhchaí, a Phádraig.
Lonán Fiach Ó Lorgnáin
Fear an ġutheilgeáin🎤 AGUS na gcártaí🃏 – aisteoireacht den scoth sa Ċailín Ciúin dó
Kerry Blue
Bhreá leat bheith ag éisteacht leis.
É nótálta ar fad ‘beo beathúch’ ag trácht thar na cluichí agus é ag dul glan amach ón gcairt go rí(ocht)-mhinic.
Siob
Gach rath ort amach anseo a Phádraig, agus go raibh míle maith agat as ucht an méid a bhain tú amach dúinn ar fad.