Lucht an Phubaill Gaeilge á bprapáil féin le haghaidh Electric Picnic

Díospóireacht faoin gcomhionannas, cluichí boird agus tráchtaireacht bheo ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann i measc na n-imeachtaí a bheas ar siúl sa bpuball Gaeilge i mbliana

maxresdefault

Beidh Rís, Spats Columbo, The Bonny Men agus Peadar Ó Goill i measc na gceoltóirí a bheidh ar an stáitse sa Phuball Gaeilge ag an Electric Picnic an deireadh seachtaine seo sa Sráidbhaile i gContae Laoise.

Is sa Mind Field a bheidh an Puball Gaeilge arís i mbliana agus súil ag an eagraí Rossa Ó Snodaigh go meallfaidh imeachtaí na deireadh seachtaine lucht féachana mór chuige.

Cuirfear tús leis an bhféile ag 2 a chlog Dé hAoine le seiteanna beo ó cheirneoirí Raidió na Life agus leanfaidh an scléip ar aghaidh go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh nuair a thiocfaidh aoi ceoil rúnda ar an stáitse ag 8 a chlog.

Idir an dá linn beidh seisiún ióga, seónna grinn le GaelGÁIRÍ agus Hector Ó hEochagáin, filíocht á reic ag filí óga na Gaeilge agus taispeántas damhsa Trip Nós leis an damhsóir aitheanta Sibéal Davitt.

Beidh díospóireacht á chur i láthair ar an Satharn ag Rónán Ó Muirthile ó Splanc Newstalk ina gciorfaidh an painéal an cheist ‘An bhfuil comhionannas bainte amach againn?’

Beidh imeachtaí á reáchtáil taobh amuigh den Phuball féin i gcaitheamh an ama freisin, ina measc ‘Faoistin na Féile’ leis an gcomhlacht amharclanna Fíbín, agus cluichí boird le Glór na nGael.

Is sa Phuball Gaeilge a thaispeánfar Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann Dé Domhnaigh idir Cill Chainnigh agus Gaillimh le tráchtaireacht bheo.

Beidh an Electric Picnic ar siúl sa Sráidbhaile i gContae Laoise ón 4 – 6 Meán Fómhair. Tá na ticéid díolta uilig díolta.

Féadfar breathnú ar chlár iomlán ama an Phubaill Gaeilge anseo.

Idir an dá linn, tá láthair champála roghnaithe ag lucht eagraithe “Gaeltacht Electric Picnic” ar Facebook. Chroch eagraí na hócáide, Ciara Ní Éanacháin, léarscáil ar leathanach Facebook Gaeltacht EP aréir. Is i láthair champála Andy Warhol a bheidh na Gaeil ag cruinniú a bpuball ag féile Electric Picnic na bliana seo.

“An plean a bheadh ann ná a bheith ann nuair a osclófar na geataí agus na pubaill a chrochadh réasúnta luath. Dá mbeadh daoine an-deas ar fad, d’fhéadfaidís pubaill a gcuid cairde a thabhairt leo moch maidine agus iad a chrochadh san áit chéanna go mbeadh gach duine le chéile,” a dúirt Ní Éanacháin le Tuairisc.ie.

Feictear an Gort Gaeltachta ar an léarscáil thíos:

EP

Fág freagra ar 'Lucht an Phubaill Gaeilge á bprapáil féin le haghaidh Electric Picnic'