Gort Gaeltachta beartaithe ag lucht freastail an Electric Picnic

Tiocfaidh na sluaite chomh fada leis an Sráidbhaile i gContae Laoise an deireadh seachtaine seo chugainn don fhéile cheoil agus ealaíon is mó in Éirinn - Electric Picnic

EP

Tá an Electric Picnic ag druidim linn agus is gearr go mbeidh na sluaite cruinnithe ar thailte Halla an tSráidbhaile i gContae Laoise le haghaidh deireadh seachtaine lán ceoil, óil agus tionóil.

Tá cáil i measc lucht labhartha na teanga ar an bPuball Gaeilge, puball a eagraíonn an fear ceoil Rossa Ó Snodaigh, ó Kíla, agus ina mbíonn imeachtaí agus seónna Gaeilge ar siúl i gcaitheamh an deiridh seachtaine. Beidh leithéidí Rís, Seo Linn agus GaelGÁIRÍ ar stáitse an phubaill i mbliana chomh maith le neart grúpaí eile.

Taobh amuigh den phuball Gaeilge, tá sé beartaithe ag lucht freastail na Picnice Gaeltacht bheag a chruthú don deireadh seachtaine ar an láthair champála. Ba í Ciara Ní Éanacháin, a bhí ar stáitse an Phubaill Gaeilge cheana, a chruthaigh an ócáid Gaeltacht Electric Picnic ar Facebook i mbliana.

“Bhí a leithéid de rud ann cúpla bliain ó shin, nuair a bhí duine le Gaeilge ag campáil le chéile, ach ní raibh sé ann anuraidh. Ní fhaca mé aon rud faoi i mbliana agus mar sin chruthaigh mé an ócáid ar Facebook go mbeadh rud éigin ann. 

“Níl mórán de phlean ann faoi láthair, ach beidh an oiread sin daoine a bhfuil Gaeilge acu ag freastal ar an bhféile agus bheadh sé go deas dá bhféadfadh siad theacht le chéile ar an láthair champála. Fiú leis an bPuball Gaeilge, tá EP chomh mór sin go bhfuil sé an-éasca an deireadh seachtaine a chaitheamh gan daoine a fheiceáil, b’fhéidir go mbeifeása ann ag a dó ach go mbeidís-sean ann ag a trí. Dá mbeadh Gaeltacht ann, d’fheicfeadh chuile dhuine a chéile am éigin lena linn,” a dúirt Ní Éanacháin le Tuairisc.ie.

Níl léarscáil na láithreach campála eisithe ag lucht eagraithe na féile go fóill agus mar sin níl aon phlean cinnte ag lucht eagraithe an phubaill Gaeilge. Nuair a eiseofar an léarscáil an tseachtain seo chugainn, roghnófar áit uirthi agus fógrófar ar an leathanach Facebook é. Tá Ní Éanacháin ag súil go mbeidh daoine ar an láthair champála sách luath le seilbh a ghlacadh ar áit bheag agus an gort Gaeltachta a chur ar bun.

“An plean a bheadh ann ná a bheith ann nuair a osclófar na geataí agus na pubaill a chrochadh réasúnta luath. Dá mbeadh daoine an-deas ar fad, d’fhéadfaidís pubaill a gcuid cairde a thabhairt leo moch maidine agus iad a chrochadh san áit chéanna go mbeadh gach duine le chéile.

“Dá mbeadh gazebo ag duine ar bith, bheadh fáilte roimhe sin freisin! Bheadh Gaeltacht go maith ó thaobh singsongs de, mar bheadh na focail ar eolas ag gach duine agus ní bheadh daoine ag breathnú ort ag rá ‘céard í an teanga sin?’.

“Beifear in ann castáil le daoine eile agus freastal ar imeachtaí eile na féile le chéile – beidh sé iontach,” a dúirt sí le Tuairisc.ie

Beidh Electric Picnic ar siúl sa Sráidbhaile i gCo. Laoise idir an 4 agus 6 Meán Fómhair. Tá na ticéid ar fad díolta amach.

Fág freagra ar 'Gort Gaeltachta beartaithe ag lucht freastail an Electric Picnic'