Sa chéad chuid den alt seo, a foilsíodh ar Tuairisc inné, phléigh muid impleachtaí na pleanála seachmallaí teanga a d’eascair as tréigean an dá athnuachan Ghaelacha – tréigean na hAthbheochana agus tréigean athnuachan na Gaeltachta.
Sa dara cuid den alt, déantar tuilleadh anailíse ar chóras cumhachta na Stát-eagraíochtaí Gaeilge agus eile agus ar na constaicí mídhaonlathacha a chuireann an córas cumhachta seo roimh chur i bhfeidhm moltaí tacúla, mar a pléadh sa chéad chuid den alt.
Ní neart go cur le chéile. Tá ‘Cónaidhm Comhaltaí’ ag an Státchóras a thugann cúnamh dóibh port seo na faillí leathcheilte sa Ghaeltacht a sheinm. Is éard atá sa bhuíon cheannais seo, roinnt polaiteoirí, feidhmeannaigh Stáit, oifigigh eagraíochtaí agus acadóirí. Maidir leis na hacadóirí atá i bpáirt an Státchórais, is é an phríomhaidhm atá acu sa Chónaidhm seo barr smaise intleachtúil a sholáthar ar son na straitéise seo. An dream nach bhfuil luí acu leis an bhfealsúnacht sheachmallach seo, ní ghlacfar leo sa Chónaidhm agus ní bheidh teacht acu ar an maoin atá faoi stiúir na Cónaidhme.
Léiriú eile atá anseo ar an daonlathas a bheith á chur as a riocht ar mhaithe leis an móramh agus Stát-eagraíochtaí an mhóraimh. Ina dhiaidh sin féin, ar ndóigh, tá go leor daoine, oifigigh agus gníomhaithe ag déanamh a seacht míle dícheall i gcomhthéacs na hathbheochana teanga, tar éis go mbíonn siad anois ag snámh in aghaidh easa cuid eile den Státchóras.
Ach tá cuid de lucht ceannais na Stát-eagraíochtaí ach go háirithe ag tochras ar cheirtlín na n‑eagraíochtaí féin. Is é sin go riartar maorlathas na ‘Gaeltachta’ gan mórán airde ar Ghaeil atá á bhfágáil ar an trá fholamh. Ní bheathaíonn briathra na Stát-eagraíochtaí na bráithre Gaelacha.
Ach an oiread le tréigean oifigiúil na hathbheochana agus na Gaeltachta, léiríonn an neamhshuim i gcruachás na nGael atá ag an gCónaidhm seo, ar cuid de mheánaicme chumhachta na Gaeilge iad, gur iompaigh cuid de dhream beag meánaicmeach seo na Gaeilge a ndroim le hiarrachtaí athnuachana sa Ghaeltacht. I gcomhthéacs imeacht as na Gaeltachta mar sin, tá an Chónaidhm ag croílár sa teip chórais seo agus iad ag séanadh freagrachta ina leith ag an am céanna. Blitear bó na (hiar-)G(h)aeltachta chomh fada’s a mhairfidh sí, is gan bainne le fáil ach ag an té a ghéillfidh!
Is é íoróin an scéil go bhfuil eagraíochtaí, atá ceaptha an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chur chun cinn, ag seasamh sa bhealach ar straitéisí ábhartha a dhéanfadh leas na Gaeltachta agus na Gaeilge. Agus le linn an bac seo a chur i bhfeidhm, coinníonn siad smacht ar an bpróiseas agus ar an bpobal atá ag dul i léig.
Tá an Ghaeltacht sa teach cúraim ach caitheann an Stát léi mar a bheadh sí sa naíonra
Tá an chuma ar an scéal gurb é an straitéis bhaileach atá i bhfeidhm ag na Stát-eagraíochtaí ná maoin agus fuinneamh an phobail agus na ngníomhaithe Gaelacha atá sa phobal a dhiomallú le neamhstraitéisí.
Croístraitéis is ea an réamhphleanáil teanga shíoraí gan sprioc agus an iliomad tionól cainte á ngairm fud fad na tíre. Bronnann an Stát acmhainní agus cumhacht ar an gCónaidhm seo le neamhcheist a dhéanamh de phríomhcheist na Gaeilge – bás agus beatha phobal dúchais na Gaeilge. Cibé a déarfaidh tú ná habair tada dúshlánach (faoi chruachás na Gaeltachta) agus cibé a dhéanfaidh tú ná déan tada dúshlánach (chun leasa na Gaeltachta)!
Is minic séanadh le linn géarchéime. Maidir le comhthéacs tipiciúil na héigeandála i bpobal, mar a scríobh Jared Diamond, an tíreolaí mór le rá: “… Is féidir an próiseas atá ag pobal chun cinneadh maith a dhéanamh a chur as a riocht ar chúinsí éagsúla. An chéad teip sa phróiseas, áfach, is ea bac a bheith orthu leis an bhfadhb a thuiscint i gceart i dtosach báire agus teacht roimh an dúshlán ansin. Chomh maith leis sin, dris chosáin eile a thagann roimh an bpobal is ea coimhlintí leasa ina dtograíonn daoine áirithe sa phobal aidhmeanna atá fóinteach dóibh féin a chur chun cinn ar aimhleas an chuid eile den phobal” (Collapse: How societies choose to fail or survive).
Is léir nach cás le cur chuige nua sna Stát-eagraíochtaí spriocanna réalaíocha feabhais a bhaint amach sa Ghaeltacht.
Ní cás leis an gcur chuige seo, dá bhrí sin, gnáth-thorthaí an Státchórais, is é sin go bhfaigheadh cáiníocóirí luach a gcuid airgid ar an maoin, fuinneamh, idé-eolaíocht agus saothar foirne a infheistítear. Níl aon tomhas cainníochtúil dáiríre ar infheistíocht mhór an Stáit sa Ghaeilge. Caitear airgead an Stáit ar fhéiniúlacht shiombalach na Gaeilge agus ní gá siombail a thomhas.
Léirigh go leor tionscadal taighde ó 2007 i leith gnéithe éagsúla de ghéarchéim shóisialta agus theangeolaíochta na Gaeltachta. Léiríodh sa taighde go bhfuil pobal labhartha na Gaeilge ag laghdú go mór agus go bhfuil a gcumas sa Ghaeilge iomlán ag meath dá réir. Eisceacht í an Ghaeilge iomlán atá curtha de leataobh anois, agus lámh in uachtar ag an gcódmheascadh agus ag an nGaeilge laghdaithe. Tríd is tríd, rinne an Stát neamhshuim den taighde seo de bharr gur aithin siad droch-chás na nGael agus ba leasc leo aon cheo stuama agus dearfach a thionscnamh ina thaobh. Is maol gualainn gan bráthair!
Tá cúltaca ag an Stát i measc roinnt acadóirí áirithe, mar a luadh thuas, a sholáthraíonn fealsúnacht a thaobhaíonn suas le neamhshuim seo an Státchórais i ndán na Gaeltachta. Sa mhéid seo, tá an lucht acadúil atá le lua leis an gCónaidhm á neadú féin sa teip chórais a pléadh thuas. Ní hamháin sin ach chuaigh na hacadóirí sin céim chun cinn sa chinsireacht agus sa dímheas a chothaigh siad i leith an taighde impiriciúil. Mar bharr ar an donacht, tá teipthe orthu anailís chiallmhar dá gcuid féin a chur ar fáil.
Ina leaba sin, tá roinnt plé saorga acadúil á sholáthar gan mórán substainte sóisialta. Mar thoradh air seo, tá cineál d’apartheid acadúil á chruthú ar bac é ar an oideachas fónta agus ar idirphlé oscailte agus liobrálach. Má thugtar neamhaird ar phríomhcheist an dioscúrsa, is é an mharbhántacht intleachtúil a thoradh. I gcuid de na Ranna Gaeilge, tá an spotsolas athraithe anois ón nGaeltacht go dtí eispéireas foghlaimeoirí Gaeilge. Is é an bhrandáil atá air seo ná dioscúrsa na nuachainteoirí. Ar an drochuair, líonann seo an folús atá cruthaithe le tréigean an tiomantais don Ghaeltacht.
Tá go leor de na ranna ollscoile ag a bhfuil dearcadh iarstruchtúraíoch ar chultúr an mhionlaigh agus glacadh le hidé-eolaíocht an duine aonair a fhaigheann deiseanna an mhionteanga a chleachtadh mar shiombail féiniúlachta agus institiúideach. Is é an compord a bhaineann le bheith dírithe ar an duine aonair gur féidir leis an bplé acadúil feidhmiú in éagmais taighde socheolaíochtúil fianaise-bhunaithe. Fágann sin go bhfuil doicheall roimh an ngnáth-shocheolaíocht i réimsí de Léann na Gaeilge.
Seo é bun agus barr na ceiste, tá éigeandáil phobail sa Ghaeltacht agus dá bhrí sin, teastaíonn iarrachtaí ciallmhara pobail le tabhairt faoin éigeandáil. Ach in aon turas amháin, níl lucht ceannais na Stát-eagraíochtaí ná baill eile na Cónaidhme a thairiscint ach ‘réiteach’ an duine aonair, neamhspleách ar phobal ná ar Ghaeltacht. I mbeagán focal, léirigh an Státchóras go soiléir nach bhfuil i gceist acu aghaidh a thabhairt ar éigeandáil na Gaeltachta.
Is fusa do na Stát-eagraíochtaí meath deireadh ré na Gaeltachta a cheilt agus cúinsí na Gaeilge a dhéanamh chomh sócúil agus is féidir i gcomhair mhóramh na tíre. Leis seo, cruthaíonn Státchóras na hÉireann conair chaoch nó cul de sac sóisialta agus polaitiúil le haghaidh na nGael. Le linn chúram maolaitheach na Stát-eagraíochtaí ar chás na Gaeltachta, is baolach gur gá do na Gaeil glacadh go socair le meath a bpobail féin.
Mar a mhúineann Jared Diamond dúinn, le misneach a ghlacadh agus aghaidh a thabhairt ar chúinsí réalaíocha sóisialta, ní mór rannpháirtíocht dhaonlathach a bhunú le dóchas agus ciall mar aon, má táthar leis an nGaeltacht a athbheochan. Más linn an Ghaeltacht agus féiniúlacht shóisialta na Gaeilge a chosaint, caitear thar aon ní eile pobal Gaelach na Gaeltachta a chosaint agus a chur chun cinn.
Pól Ó Braoin
Ní léifidh na polaiteoirí ná na ceannairí atá in ann rud eicint a dhéanamh faoin éagóir sin an t-alt thuas. Ní léifidh ach duine mar mé féin é, duine as measc an lucht féachana atá ar an tuairim chéanna libh beirt, duine agus deora lena shúil ag breathnú ar chur chun báis na gaeltachta.