Ar an 30 Meán Fómhair, beidh Comhdháil Pleanála Teanga á reáchtáil ag Foras na Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh. Is léir ó chlár na comhdhála go bhfuil gníomhaithe fóinteacha le bheith páirteach ann agus obair éachtach ar bun acu. Deis, áfach, a bheidh sa chomhdháil seo dearcadh an Stáit ar an bpleanáil teanga a chraobhscaoileadh i measc rannpháirtithe an Státchórais féin. Ó cuireadh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch i gcló sa bhliain 2007, tá plé poiblí ar an bpleanáil teanga, ach ní léir fós don phobal cén chaoi a bhfuil an phleanáil státcheadaithe teanga ceaptha dul i ngleic le riachtanais na nGael sa Ghaeltacht mar phobal.
Tá an chuma ar an scéal faraor gurb éard atá sa ‘phleanáil teanga’ ag an Stát agus ag eagraíochtaí an Stáit ná cuid den bhealach éalaithe le cruachás na Gaeltachta a sheachaint. Dar linne, tá iallach ar rannpháirtithe Pháirc an Chrócaigh damhsa de réir phort na Stát-eagraíochtaí. Mura dtaitníonn an port seo le duine nó dream ar bith, féadfaidh siad fanacht sa bhaile. Níl fáilte roimh ghlór freasúrach sa phlé dúnta atá daingnithe ag na Stát-eagraíochtaí ag an tráth seo. Is baolach go bhfuil an glas ar an doras ag na Stát-eagraíochtaí agus an eochair ar iarraidh ó aon fhreasúra.
Ar nós mar a thréig an Stát athbheochan na Gaeilge le linn na seachtóidí, tá riachtanais Ghaeil na Gaeltachta, .i. athnuachan na Gaeltachta, á dtréigean anois ag na Stát-eagraíochtaí. Is ionann seo agus glacadh praiticiúil ag na Stát-eagraíochtaí le meath na Gaeltachta ó tharla go gcreideann go leor de lucht ceannaireachta sa Stát gur cúis chloíte pholaitiúil atá i gceist le haon athnuachan Ghaeltachta.
Cén aidhm atá ag an nGaeltacht anois don Stát? Níl aon aidhm aici mar go bhfuil an dá athnuachan Ghaelacha úd caite i dtraipisí ag an Stát agus nach bhfuil de mhaith sa Ghaeilge anois ach mar chomhartha indibhidiúil oidhreachta. I gcás fhormhór na nÉireannach, is í an fheidhm oidhreachtúil a shainíonn an luí atá acu leis an nGaeilge agus freastalaíonn na Stát-eagraíochtaí ar an móramh sin in ainneoin dhrochstaid an mhionlaigh Ghaelaigh.
Is comhartha féiniúlachta pearsanta agus náisiúnta atá sa Ghaeilge pháirtaimseartha seo seachas teanga bheo phobail gona féiniúlacht ghníomhach neamhspleách féin. Mar sin, le féiniúlacht shiombalach an mhóraimh a shásamh, ní theastaíonn ach foghlaim na Gaeilge mar dhara teanga a fhágáil faoin gcéad ghlúin eile i gcónaí. Is é sin, an Ghaeilge a chur go síoraí ar mhéar fhada na Roinne Oideachais agus scoileanna na Roinne. Is é saothar na clainne an siombalachas Gaeilge a sholáthar dá muintir. Ach taobh amuigh den scoil, agus an Ghaeltacht ag meath in aghaidh an lae, níl aon aidhm ná feidhm ag an dara teanga seo. Táthar ag iarraidh a bheith ag tabhairt foghlaimeoirí chun cinn gan aon cheann scríbe a bheith ann dóibh.
De bharr dhoicheall na Stát-eagraíochtaí roimh ghlórtha freasúracha a labhródh go misniúil ar son na nGael agus de bharr thréigean athnuachan na Gaeltachta ag an Státchóras, tá Gaeil na Gaeltachta féin fágtha ar an trá fholamh.
Arís, mura ndamhsaítear de réir phort iarGhaeltachta na Stát-eagraíochtaí, níl i ndán do Ghaeil ach máinneáil ar fán agus ar deoraíocht ó thacaíochtaí an Státchórais. Go hachomair, is é an loighic a bhaineann leis an bpróiseas tréigin seo gurb é tosaíocht an Stáit tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge in éagmais pobal urlabhra Gaeltachta – bonn le haghaidh mhúineadh agus fhoghlaim na Gaeilge mar dhara teanga, gan aon phobal ag labhairt na Gaeilge mar phríomhtheanga.
Feicimid mar sin, an lúbaireacht straitéiseach atá ag an Státchóras sa chur i gcéill oifigiúil a thugann le fios gurb ionann leas na Gaeltachta agus port seo na ‘síor-réamhphleanála teanga’ oifigiúla. Gné cheilte amháin a bhaineann leis an bpleanáil mar dhea seo ná go gcuireann sé dallamullóg ar fhormhór na ndaoine faoi imeacht as na Gaeltachta san am i láthair, le linn a mhalairt a bheith á fhógairt go poiblí ag an Státchóras.
Tá an Ghaeltacht i ndáiríre in éigeandáil chomh mór anois agus go bhfuil sí mar a bheadh sí curtha sa teach cúraim, ach is minic go gcaitheann an Stát leis an nGaeilge go poiblí mar a bheadh sí sa naíonra!
Nuair atá cúl láimhe á thabhairt do chúram athnuachan na nGael, is léir go bhfuil faillí á déanamh ar an daonlathas i gcás na nGael agus na Gaeilge trí chéile i ngeall nach bhfuiltear ag freastal ar Ghaeil ach ar fhéiniúlacht ócáideach mhóramh na tíre. Ceadaíonn móramh Phoblacht na hÉireann siombalachas na Gaeilge i gcur chuige nua seo na Stát-eagraíochtaí, ach leis sin coisctear an daonlathas cóir ar mhionlach na nGael. Go simplí, tá monaplacht ag an Státchóras ar dháileadh na maoine agus ar an gcur is cúiteamh poiblí faoin nGaeltacht agus faoin nGaeilge.
Mar mhalairt ar an marbhsháinn seo, ba mhaith linne moltaí chun leas daonlathach an mhionlaigh agus an mhóraimh le chéile a thairiscint anseo. Próiseas daonlathach inchreidte a theastaíonn. Is é an chéad chéim, áfach, deireadh a chur leis an ‘leidhcíocht’ bholscaireachta agus a bheith ionraic lena chéile faoina bhfuil ar bun againn agus i dtaobh na Gaeltachta agus na Gaeilge. Chuige sin, ní mór dúinn cúinsí poiblí agus eagraíochtaí na Gaeltachta a dhaonlathú. Tacóidh na moltaí seo a leanas le hathnuachan na Gaeltachta a chur chun cinn:
- An Ghaeltacht a shainiú mar phobal a labhraíonn an Ghaeilge go gníomhach;
- Údarás na Gaeltachta a athbhunú – nó a athstruchtúrú ar a laghad – mar áisíneacht Stáit chun freastal go príomha ar riachtanais forbartha pobail na bpobal Gaelach
- Grúpa comhairleach a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfianaise shocheolaíochta faoin nGaeltacht d’fhonn polasaithe agus córais Stáit sa Ghaeltacht a athdhearadh
- Cur chuige inchreidte a cheapadh chun dul i ngleic leis na dúshláin shóisialta atá ag cainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht
- Grúpa feidhme a bhunú a bheidh comhdhéanta de státseirbhísigh agus polaiteoirí, chun an daonlathas a neartú i gcur chuige an Stáit ó thaobh bheartais phoiblí na Gaeltachta agus na Gaeilge
- Acmhainní airgeadais a athdháileadh chun tacú le feidhm na teanga dúchais sa Ghaeltacht
- Comhoibriú táirgiúil a threisiú ar mhaithe le pobal teanga dhúchais agus le foghlaimeoirí agus líonraí dara teanga
- Áisíneacht chomhairleach agus taighde a bhunú le tacaíocht a thabhairt d’inmharthanacht na Gaeltachta, ina n-áireofar sainchúram taighde déimitheangeolaíochta agus monatóireacht a dhéanamh ar thorthaí na mbeartas oifigiúil agus pobail.
- Foilseofar an dara cuid den alt seo amárach
John Prendergast
4 rud a chabhródh leis an nGaeltacht inniu: 1) athbhreithniú ar an bProiséas Pleanála Teanga, mar a bhí geallta;
2) Polasaí Tithíochta Stáit dos na Ceantracha Gaeltachta, mar a bhí geallta;
3) Acmhainní breise ⁊ foirne curtha i dtreo na nOifigeach Pleanála Teanga;
4) Treoirlínte nua Pleanála Teanga ón Roinn.
Seán Ó hAodha
Cé plean polaitiúil atá ag na húdair? Is ceist pholaitiúil í seo. Má tá seans ar bith go nglacfaí le smaointe dúshlánacha dá leithéid ní mór gluaiseacht pholaitiúil láidir do bheith ann agus a bheith sásta troid ar a son.
Pól Réamonn
@Tá an Ghaeltacht sa teach cúraim ach caitheann an Stát léi mar a bheadh sí sa naíonra – Sin analaí den scoth.