Imní go mbeidh muintir na Gaeltachta ag fanacht cúig bliana eile ar threoirlínte pleanála 

Deir Conradh na Gaeilge gur údar díomá é nach mbeidh na treoirlínte nua ón Rialtas maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht á bhfoilsiú in am le bheith san áireamh sna pleananna forbartha contae atá á n-ullmhú ag na húdaráis áitiúla

Imní go mbeidh muintir na Gaeltachta ag fanacht cúig bliana eile ar threoirlínte pleanála 

Tá an baol ann go bhfágfaidh an mhoill atá ar threoirlínte nua maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht nach gcuirfear i bhfeidhm go ceann breis is cúig bliana iad.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil siad “díomách” go bhfuil an chuma ar an scéal anois nach mbeidh na treoirlínte nua ón Rialtas maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht foilsithe go dtí an bhliain seo chugainn in ainneoin gur dhúirt an tAire Tithíochta go mbeadh siad réidh roimh dheireadh 2021. 

Ní bheidh na treoirlínte réidh le bheith san áireamh sna pleananna forbartha contae atá á n-ullmhú ag formhór na n-údarás áitiúla ar fud na tíre i láthair na huaire. Beidh na pleananna is deireanaí i bhfeidhm ó 2022-2028 agus an baol ann go mbeidh tuilleadh éiginnteachta i gceist maidir le cúrsaí sa Ghaeltacht dá bharr. 

“Cén seasamh a bheidh ag na rialacháin [nua] seo ó thaobh na bpleananna forbartha contae,” a deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge. “An gciallaíonn sé go mbeidh muid ag fanacht cúig bliana eile [chun iad a chur sna pleananna forbartha contae]? Níl a fhios agam, caithfidh muid an cheist sin a fhiosrú.” 

Léiríodh an éiginnteacht atá ann maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga. 

Cinneadh go raibh sárú déanta ag Comhairle Contae na Mí ar a gcuspóirí teanga féin sa Ghaeltacht. Cé go raibh iarracht áirithe déanta na cuspóirí atá leagtha amach i bplean forbartha an chontae a chomhlíonadh i gcás iarratais phleanála sa Ghaeltacht, dúirt Rónan Ó Domhnaill nach léir go raibh aon tuiscint chruinn ann sa Chomhairle ar a raibh i gceist le staidéar tionchair teanga. 

Tá an Coimisinéir Teanga fós i dteagmháil le Comhairle Contae Chiarraí freisin maidir le coinníoll teanga a bhí ceangailte le forbairt tithíochta i gCorca Dhuibhne, coinníoll teanga nár cuireadh i bhfeidhm.

Tá an mhoill atá ar na treoirlínte cáinte freisin ag urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go háirithe agus an obair ar na pleananna forbartha beagnach curtha i gcrích.

“Is léir nach bhfuil deifir [ar an Aire Tithíochta] in ainneoin go bhfuil géarghá leis an soiléiriú faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht sula n-aontaíonn comhairlí contae agus cathrach a bpleananna forbartha, soiléiriú atá á lorg ag na húdaráis féin,” a deir Ó Snodaigh. 

“Tá baol ann anois nach mbeidh forálacha láidre sna pleananna sin, gan treoir ón Aire, chun an Ghaeltacht a chosaint, agus mar sin go mbeidh na fadhbanna céanna ag cur bac ar phobail Ghaeltachta forbairt agus ar theaghlaigh fanacht sa cheantar agus tithe a thógáil nó a cheannacht.”

Léiriú í an mhoill atá ar na treoirlínte ar an tábhacht a bhaineann le hionadaí ó phobal na Gaeltachta a bheith ar an ngrúpa atá ag obair ar na rialacháin, a deir Conradh na Gaeilge. 

“Tá sé díomách,” a deir Mac Fhlannchadha. “Ní rud teibí atá muid ag caint air anseo. Tá daoine buartha faoi seo. Tá daoine nach bhfuil in ann pleanáil a fháil ag bogadh amach as na ceantair [Ghaeltachta] seo. Tá daoine nach bhfuil in ann teach a thógáil.” 

Deir an Rialtas nach gcuirfear tús le dréachtú na dtreoirlínte Gaeltachta go dtí go mbeidh beartas níos cuimsithí maidir le cúrsaí tithíochta faoin tuath atá beartaithe ag an Rialtas réidh. Tá sé i gceist an beartas sin a fhoilsiú sa ráithe dheireanach den bhliain, a dúradh. 

Deir Mac Fhlannchadha go bhfuil sé “intuigthe” go mbeadh an obair Ghaeltachta ceangailte leis an obair níos leithne ach nach bhfuil sé sásúil go bhfuil an beartas tuaithe “curtha siar agus curtha siar agus curtha siar”. 

Bhí cruinniú ag Conradh na Gaeilge leis an Aire Tithíochta Darragh O’Brien faoi na treoirlínte Gaeltachta mí ó shin ach táthar anois ag iarraidh soiléiriú a fháil ar céard is cúis leis an moill. 

Níl glactha ag an Roinn Tithíochta le moladh ó Chonradh na Gaeilge go gcuirfí ionadaí ó phobal na Gaeltachta ar an ngrúpa oibre atá cruthaithe chun na treoirlínte a phlé. Ionadaithe ón Roinn, ó Roinn na Gaeltachta, ó Údarás na Gaeltachta agus ó na húdaráis áitiúla atá rannpháirteach sa ghrúpa ach deir Mac Fhlannchadha go léiríonn an fhadhb atá ann anois an chiall atá le moladh an Chonartha. 

“[Bheadh ionadaí Gaeltachta] in ann an rud a bhrú chun tosaigh agus níos mó béime a chur ar an bpráinn. Níl mé ag cur an locht ar aon duine faoi leith ach mura bhfuil an t-ábhar ag cur as duit féin, nó do do chomharsana nó do chairde, tá sé níos éasca é a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile,” a deir Mac Fhlannchadha. 

Thacaigh Coiste Gaeilge an Oireachtais le moladh an Chonartha ach deir Mac Fhlannchadha gur léir go bhfuil cur in aghaidh an mholta “laistigh den chóras féin”. 

“Ní gá go nglacfaí leis na moltaí a dhéanfadh an t-ionadaí/na hionadaithe seo ach ar a laghad bheadh [siad siúd ar an ngrúpa] ag éisteacht leis na daoine atá buailte ag an bhfadhb seo.” 

Deir an Teachta Aengus Ó Snodaigh go bhfuil sé “maslach” do phobal na Gaeltachta nach bhfuil an tAire O’Brien sásta ionadaí ar a son a chur ar an ngrúpa oibre. 

“Ní thuigim an loighic. Is léir go bhfuil gá go mbeadh pobal na Gaeltachta páirteach sa phlé ar a dtodhchaí féin,” a deir Ó Snodaigh. 

“Níl sé sásúil go mbeidh ar phobail bheaga leochaileacha dul chun na cúirte arís más mian leo iad féin a chosaint toisc nach bhfuil an tAire O’Brien dáiríre faoin ngéarchéim Ghaeltachta agus sásta gníomhú de réir a bhriathar. Níl sé sásúil a rá nach ndéanfar faic faoin nGaeltacht go dtí go bhfuil cás na tuaithe níos forleithne réitithe aige. Tá cás ann féin le réiteach sa Ghaeltacht.” 

Sheol Sinn Féin polasaí nua chun dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht an mhí seo agus dúirt go gcuirfí na moltaí sin i bhfeidhm má bhíonn an páirtí sa chéad rialtas eile. 

Dúirt Ó Snodaigh go raibh sé díomách go bhfuil “moilleadóireacht” ar bun ag an Aire Tithíochta in ainneoin gur dhúirt sé go mbeadh na treoirlínte foilsithe go luath i mbliana nuair a bhí sé os comhair Choiste na Gaeilge i mí Eanáir. 

Fág freagra ar 'Imní go mbeidh muintir na Gaeltachta ag fanacht cúig bliana eile ar threoirlínte pleanála '

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Rialacháin a theastaíonn. Bíonn feidhm leo láithreach ar fud na tíre.
    Níl i dtreoirlínte ach gal soip.