Sárú déanta ag Comhairle Contae na Mí ar a gcuspóirí teanga féin sa Ghaeltacht

Bhí imscrúdú ar chuspóirí pleanála Chomhairle Contae na Mí ar cheann de na himscrúduithe a chuir an Coimisinéir Teanga i gcrích in 2021

Sárú déanta ag Comhairle Contae na Mí ar a gcuspóirí teanga féin sa Ghaeltacht

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga nach ndearna Comhairle Contae na Mí iarracht ar bith na cuspóirí teanga atá leagtha amach i bplean forbartha an chontae a chomhlíonadh i gcás iarratais phleanála áirithe sa Ghaeltacht.

Rinne an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill cur síos ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh inniu, ar imscrúdú a rinne sé ar chur chuige Chomhairle Contae na Mí maidir le hiarratais phleanála ar fhorbairtí tithíochta sa Ghaeltacht. 

Dar leis, léirigh an t-imscrúdú gur chuir “easpa cur chuige Chomhairle Contae na Mí ar an iomlán” as go mór do chur i bhfeidhm na gcuspóirí a raibh d’aidhm acu “oidhreacht teanga agus chultúrtha na Gaeltachta a chosaint”.

D’éiligh an Plean Forbartha Contae go ndéanfaí staidéar tionchair teanga sula ndéanfaí aon iarratas pleanála ar thithíocht nó ar fhorbairt tráchtála a bhreithniú sa Ghaeltacht. De réir an phlean chaithfeadh an staidéar sin a chruthú go mbeadh tionchar dearfach ag an bhforbairt ar chur chun cinn agus ar úsáid na Gaeilge mar theanga an phobail. Ina theannta sin, chaithfí tuairim Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a lorg maidir leis na hiarratais agus na tuairimí sin a chur san áireamh agus cinntí á ndéanamh.

Dúirt an Coimisinéir Teanga nach raibh aon chur chuige córasach ann maidir le cur i bhfeidhm na gcuspóirí sin, áfach. I measc na n-easnamh a léiríodh le linn an imscrúdaithe, dúirt sé nach léir go raibh aon tuiscint chruinn ann sa Chomhairle ar a raibh i gceist le staidéar tionchair teanga ná nach raibh aon treoir tugtha ná comhthuiscint ann maidir leis an gcineál fianaise a bheifí a lorg chun a chinntiú go mbeadh tionchar dearfach teangeolaíoch ag forbairt. Dúirt an Coimisinéir nach ndearnadh “aon iarracht fhónta” teacht i dtír ar chomhairle Roinn na Gaeltachta ná Údarás na Gaeltachta i gcás fhormhór na n-iarratas pleanála.

I gcás 36 iarratas pleanála ar thithe cónaithe a thógáil i gceantair Ghaeltachta sa Mhí, tugadh le fios nár seoladh ach seacht gcinn acu chuig Údarás na Gaeltachta chun a thuairim a fháil. “Is léir gur céatadán íseal de na hiarratais trí chéile a cuireadh faoi bhráid an Údaráis,” a dúirt Ó Domhnaill.

Dúirt sé gur léirigh an t-imscrúdú “easpa cur chuige córasach” i dtaca le cur i bhfeidhm na gcuspóirí teanga i gcomparáid leis an gcúram “críochnúil” a dhéantar d’fhorálacha eile sa phlean forbartha a bhaineann le hiarratais phleanála a mheas.

Ghlac an Chomhairle Contae leis go raibh sárú déanta acu ar na cuspóirí teanga a bhí sa phlean forbartha agus mhaígh gur mar gheall ar ‘leibhéal athrúcháin foirne nach raibh súil leis agus ar an méid níos mó iarratas a rinneadh le roinnt blianta anuas’ a rinneadh an fhaillí. Tugadh le fios gur cuireadh é sin ina cheart tríd an bhFoireann Bainistíochta Forbartha a chur ar an eolas gur gá na cuspóirí a chur i bhfeidhm agus cinneadh á dhéanamh ar aon iarratas ábhartha pleanála.

I measc na moltaí a rinne an Coimisinéir Teanga, mhol sé go gcuirfeadh Comhairle Contae na Mí na cuspóirí i bPlean Forbartha Chontae na Mí a bhaineann leis an nGaeltacht i bhfeidhm ina n-iomláine feasta. Mhol sé go mbunódh an Chomhairle socruithe agus nósanna imeachta a leanfaí in aon chás ina mbeidh iarratas pleanála ón nGaeltacht á mheas.

Bhí an t-imscrúdú a bhain le Comhairle Contae na Mí ar cheann de chúig cinn a thug Oifig an Choimisinéara Teanga chun críche in 2021.

Bhain péire eile le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin nár chinntigh go ndéanfaí oifigeach Gaeilge a cheapadh sa Chomhairle agus nár chinntigh go gcuirfí leagan Gaeilge ar fáil de nuachtlitir a bhí á scaipeadh ag an gComhairle sa cheantar. 

I gcás na nuachtlitreach, an dlr Times a scaiptear ar thart ar 72,000 áit chónaithe sa cheantar, dúirt an Chomhairle go mbeadh costas breise €90,000 ag baint le leagan Gaeilge a chur ar fáil agus go rabhthas den tuairim láidir “nach bhfuil údar leis an gcaiteachas iomarcach agus mífhreagrach seo i bhfianaise na gcúinsí ….”

Dúirt an Coimisinéir Teanga nár chuir an Chomhairle aon sonraí ar fáil maidir leis an gcostas measta breise sin.

Chuir an Chomhairle in iúl go raibh siad toilteanach ailt Ghaeilge a fhoilsiú ar chóip chrua den dlr Times, tuilleadh airde a tharraingt ar an leagan Gaeilge – atá ar fáil ar líne – agus an leagan Gaeilge a chur chun cinn i measc chomhaltaí tofa na Comhairle.

Mhol Ó Domhnaill don Chomhairle Contae go gcloífí leis an dualgas reachtúil atá uirthi gur i nGaeilge nó go dátheangach a bheadh cumarsáid i scríbhinn a dhéantar leis an bpobal chun faisnéis a thabhairt.

“D’áitigh mé nár cheart go mbainfí úsáid as fionnachtain agus moltaí an imscrúdaithe mar leithscéal le laghdú nó maolú a dhéanamh ar sheachadadh an dlr Times chuig pobal limistéar feidhme na Comhairle Contae,” a dúirt sé.

Léirigh imscrúdú eile gur sháraigh an tSeirbhís Cúirteanna an dualgas reachtúil teanga atá uirthi a chinntiú gur féidir le duine an Ghaeilge a úsáid i gcúirt agus nach mbeidh sé faoi mhíbhuntáiste má roghanaíonn sé éisteacht a fháil ina rogha teanga oifigiúil.

Rinneadh gearán leis an gCoimisinéir Teanga nár cuireadh seirbhís ateangaireachta ar fáil do ghearánach ar dhá ócáid sa Chúirt Dúiche in ainneoin gur tugadh le fios roimh ré don tSeirbhís Cúirteanna go rabhthas ag iarraidh an Ghaeilge a úsáid sa Chúirt. 

Nuair a lorg an gearánach ateangaire ar dtús do chás i mBealtaine 2020, dúradh leis nach mbeadh ceann ar fáil ach nach mbeadh an cás ag dul ar aghaidh ar an dáta sin de bharr na paindéime.

Chuir an gearánach in iúl arís go mbeadh ateangaire uaidh nuair a rachadh an cás chun cúirte agus cé go ndearnadh iarracht duine a fháil, thug an tSeirbhís Cúirteanna le fios nach raibh an comhlacht a chuireann iad ar fáil in ann ateangaire a sholáthar.

Toisc nach rabhthas in ann teacht ar ateangaire Gaeilge nuair a tháinig an cás chun trialach i mí Iúil 2020, thug an Breitheamh a bhí ina suí an lá sin rogha don ghearánach: an cás a chur ar atráth go dtí go mbeadh ateangaire Gaeilge ar fáil nó an cás a ligean ar aghaidh i gcomhair trialach. Ghlac an gearánach leis an dara rogha agus lean an éisteacht ar aghaidh le cead an ghearánaigh.

Chinn an Coimisinéir Teanga gur sárú ar chearta an ghearánaigh a bhí i gceist nuair a theip ar an tSeirbhís Cúirteanna ateangaire a chur ar fáil don triail i mí Iúil 2020 agus mhol sé go n-aontódh an tSeirbhís Cúirteanna socruithe agus nósanna imeachta nua chun deiléail le hiarratas an Ghaeilge a úsáid sa Chúirt. Moladh go ngabhfaí leithscéal leis an ngearánach sa chás seo toisc nár éirigh leis an tSeirbhís Cúirteanna ateangaire a chur ar fáil don éisteacht.

Léirigh imscrúdú a d’eascair ó ghearán a bhain le Comhairle Contae Cheatharlach gur sháraigh an Chomhairle an dualgas reachtúil a bhí uirthi toisc nár chuir sí i gcrích gealltanais maidir le hábhair a chur ar fáil i nGaeilge ar líne, mar a bhí aontaithe ina Scéim Teanga.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go raibh faillí déanta ar ghealltanais an Chomhairle sa Scéim Teanga.

“In ainneoin ráitis na Comhairle Contae faoina tiomantas, níor léiríodh go ndeachaigh an Chomhairle Contae i mbun a gcomhlíonta riamh ar aon slí chórasach ná éifeachtach,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Sárú déanta ag Comhairle Contae na Mí ar a gcuspóirí teanga féin sa Ghaeltacht'

  • Súil eile

    Sárú déanta ag Comhairle Condae na Gaillimhe ar ar a gcuspóirí teanga fhéin toisc go bhfuil polasaí acu anois sa bPlean Condae muintir na Gaeltachta a bhrú isteach in eastáit tithiochta sna sráidbhailte ar nós An Spidéal agus An Cheathrú Rua agus áiteacha eile ina mbeidh ar a gcuid páistí do bheith ag Béarlóireacht os í an lingua franca sna heastáit sin.