Tá siad linn faoi dheireadh, cluichí deireanacha réamhbhabhtaí chomórtas an URC. Is breá liom a bheith in ann a thuairisciú go bhfuil capall fós sa rása ag na cheithre chúige agus gan ach ochtó nóiméad imeartha acu chun a stádas maidir leis na babhtaí ceathrú ceannais a chinntiú, sin má éiríonn leo áit a bhaint amach iontu.
Cuirfidh an dá chúige is mó a bhfuil brú orthu chun páirce anocht. Beidh Cúige Uladh, foireann atá san ochtú áit, sa mbaile agus iad i gcoinne Ghlaschú, foireann atá ar bharr an tábla. Bua baile a bheas ó na hUltaigh ach caithfidh siad mian na gcuairteoirí a cheansú agus iadsan ag iarraidh a chinntiú go mbeidh siad fós ar bharr an tábla ag deireadh na réamhbhabhtaí. Is cinnte go mbeidh cluiche ceannais Chorn an Dúshláin, cluiche a bheas á imirt ag na hUltaigh seachtain ón lá inniu, go mór ar intinn Richie Murphy.
Bíonn sé deacair dhá thrá a fhreastal ach caithfidh na hUltaigh dul ar thóir pointí sa gcoimhlint seo, mar má theipeann orthu agus má bhíonn bua ag na Connachtaigh i gcoinne Dhún Éideann, seans go gcríochnóidh siadsan níos airde ar an tábla ná foireann Bhéal Feirste.
Beidh Cúige Chonnacht, foireann atá sa naoú háit ar an tábla, ag iarraidh tógáil ar an mbua iontach baile a bhí acu i gcoinne Chúige Mumhan i mBabhta 17.
Beidh siad ag imirt i nDún Éideann anocht i gcoinne fhoireann na cathrach sin atá suite sa dara háit déag. Níl seans ag Dún Éideann áit sna cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach ach is féidir leo dochar a dhéanamh d’iarrachtaí Chúige Chonnacht. Tá sé chomh simplí leis seo! Má thugann foireann na Gaillimhe an lá leo, agus ag brath ar an toradh i gcluichí eile, seans maith go mbeidh áit acu sna babhtaí ceathrú ceannais agus seans freisin go mbeidh siad ag imirt i gCorn na gCuradh an chéad séasúr eile. Anois nach fiú dóibh tréan-iarracht a dhéanamh in Albain anocht?
Amárach, i Staid Aviva, beidh Cúige Laighean, foireann atá sa tríú háit ar an tábla i gcoinne na nOspreys, atá san aonú háit déag. Tá foireann Leo Cullen cinnte go mbeidh siad sna babhtaí ceathrú ceannais ach tá siad fós ag iarraidh iad féin a ardú go dtí an chéad nó an dara háit ar an tábla chun cluichí baile a chinntiú sa gcuid eile den chomórtas seo. Le sin a chinntiú caithfidh Cúige Laighean bua le cúig phointe a fháil amárach. Seans maith go mbeidh siad in ann é déanamh ach fiú má éiríonn leo, beidh siad ag brath ar thorthaí chluichí ina bhfuil Glaschú agus na Stormers páirteach. Tá na foirne sin sa gcéad agus sa dara háit faoi láthair. Ach an oiread le Richie Murphy, beidh leathshúil ag Leo Cullen ar an gcluiche mór sin i mBilbao an deireadh seachtaine seo chugainn.
Beidh buntáiste an bhaile ag Cúige Mumhan atá sa séú háit agus iad ag imirt sa gcluiche deiridh de réamhbhabhtaí URC na bliana seo i gcoinne na Lions atá suite sa gcúigiú háit. Ní dóigh go bhfuil Cúige Mumhan i mbaol titim amach as an leath uachtair den tábla ach caithfidh siad taispeántas níos fearr ná mar a thug siad i Staid Dexcom an Satharn seo caite a thabhairt agus iad ag imirt os comhair a lucht leanúna féin den uair dheiridh an séasúr seo.
Beidh foireann idirnáisiúnta na mban ag dul chun páirce sa mbabhta deiridh de chomórtas Sé Náisiún na mBan i Staid Aviva amárach agus iad i gcoinne na hAlban. Níl ach áit amháin ar an tábla idir na foirne seo, Éire sa tríú háit agus Albain sa gceathrú háit. Fuair an dá fhoireann an ceann is fearr ar an Iodáil agus ar an mBreatain Bheag chomh maith. Fágann sin gur rás don tríú háit ar an tábla atá sa gcoimhlint seo. Ach leis an mbuntáiste baile agus an slua mór lucht tacaíochta a bheas ag Éirinn, is deacair bua do na cuairteoirí a thuar.
Fág freagra ar 'Cluichí deireanacha réamhbhabhtaí an URC linn faoi dheireadh'