Dul chun cinn déanta ag RTÉ maidir le cláir i nGaeilge ach bearna ó thaobh cúrsaí reatha – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil ‘ardú suntasach’ tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ach go bhfuil bearna mhór i gcónaí ann maidir le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge 

Dul chun cinn déanta ag RTÉ maidir le cláir i nGaeilge ach bearna ó thaobh cúrsaí reatha – An Coimisinéir Teanga

Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga go bhfuil “go leor oibre le déanamh fós” ag RTÉ chun a dhualgais reachtúla i leith na Gaeilge a chomhlíonadh, cé go ndeir sé go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gcraoltóir.

Ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh inniu, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go bhfuil “ardú suntasach” tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ach go bhfuil gá le cláir cúrsaí reatha i nGaeilge a fhorbairt má táthar chun a ndualgais reachtúla a chomhlíonadh.

Dúirt Ó Domhnaill go bhfuil teagmháil rialta ar siúl ag a Oifig le RTÉ maidir le cur i bhfeidhm mholtaí imscrúdaithe a rinne sé in 2018 a léirigh gur sháraigh RTÉ na dualgais atá orthu i leith na Gaeilge faoin Acht Craolacháin. Faoin reachtaíocht sin tá sé de dhualgas ar RTÉ réimse cuimsitheach clár a chur ar fáil i nGaeilge agus cláir cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge.

Dúirt sé go bhfuil ardú suntasach tagtha ar líon na n-uaireanta an chloig Gaeilge a bhíonn ar theilifís RTÉ le blianta beaga anuas. 

De réir staitisticí RTÉ, 123 uair an chloig de chláir as Gaeilge a craoladh in 2017 agus breis is 900 uair an chloig a bhí i gceist in 2021. B’ionann é sin is 50% níos mó ná an 600 uair an chloig a bhí geallta, a deir an craoltóir,

“Mar sin féin,” a dúirt Ó Domhnail, “is ábhar imní i gcónaí a laghad clár cúrsaí reatha as Gaeilge atá ann.” Dúirt sé go raibh riachtanas reachtúil ar leith ann i dtaobh cúrsaí reatha i nGaeilge.

Dúirt sé go raibh “go leor oibre le déanamh fós chun go mbeidh na dualgais reachtúla sin á gcomhlíonadh go cuí agus go hiomlán”.

Dúirt Ó Domhnaill gur scríobh sé chuig RTÉ mí Feabhra na bliana seo ag iarraidh go gcoinneodh RTÉ leis an dul chun cinn “leanúnach” atá “riachtanach” chun an dualgas reachtúil maidir le soláthar clár cúrsaí reatha a chomhlíonadh.

Bhí cás RTÉ ar cheann de na cinn a raibh monatóireacht á déanamh ag an gCoimisinéir Teanga air in 2021 féachaint an raibh moltaí ó imscrúduithe a bhí déanta cheana ag a oifig á gcur i bhfeidhm.

Bhain cás eile le hOspidéal Beaumont, a ndearnadh seacht gcinn de ghearáin faoi idir 2015 agus 2019. Bhain na gearáin le tuarascáil bhliantúil an ospidéil a bheith i mBéarla amháin, comharthaíocht a bheith i mBéarla amháin agus gan an Ghaeilge a bheith in úsáid ar fhógraí taifeadta béil. In earrach 2020, rinne an Coimisinéir moltaí don ospidéal chun go gcomhlíonfaí a dualgais reachtúla.

Dúirt Ó Domhnaill ina thuarascáil bhliantúil i mbliana go bhfuil “méid áirithe dul chun cinn” déanta ag an Ospidéal ó thaobh an dualgais atá air i dtaca le tuarascálacha bliantúla. Dúirt sé, áfach, nár léirigh an comhlacht poiblí fós gur éirigh leo moltaí uile an imscrúdaithe a chur i bhfeidhm. Dá réir sin, tá an próiseas faireacháin a bhaineann le hOspidéal Beaumont ar siúl go fóill. 

Tá an Coimisinéir Teanga fós i dteagmháil le Comhairle Contae Chiarraí freisin maidir le coinníoll teanga a bhí ceangailte le forbairt tithíochta i mBaile an Fheirtéaraigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, coinníoll teanga nár cuireadh i bhfeidhm.

Mar thoradh ar an imscrúdú a rinne sé ar an gcás, mhol an Coimisinéir go n-ullmhódh agus go mbunódh Comhairle Contae Chiarraí nósanna imeachta a bheadh le leanúint in aon chás ina leagtar coinníoll teanga ar chead pleanála ar fhorbairt tithíochta sa Ghaeltacht. Iarradh freisin go gcuirfí Oifig an Choimisinéara ar an eolas maidir le haon chead pleanála a dheonófaí i nGaeltacht Chiarraí go ceann cúig bliana i dtaca le hiarratais mhóra phleanála nó iarratais i leith forbairt breis agus trí theach cónaithe.

Ghlac Comhairle Contae Chiarraí leis na moltaí, ach tháinig sé chun solais in 2021 nár tugadh feidhm don choinníoll teanga sa chead pleanála a deonaíodh d’eastát tithe sóisialta i nDaingean Uí Chúis. Dúirt an Chomhairle gur leithroinneadh na tithe mar thithe sóisialta de réir choinníollacha na nAchtanna Tithíochta, agus nach gcuirtear critéir ó thaobh inniúlacht teanga san áireamh sa chás sin.

Tá an Coimisinéir Teanga i dteagmháil go fóill le Comhairle Contae Chiarraí faoi gceist seo. 

Dúirt sé gur “díol suntais” é go bhfuil grúpa oibre bunaithe ag an Roinn Tithíochta chun cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht a phlé. 

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh seo inné, áfach, níl an chuma ar an scéal go bhfeicfear na treoirlínte atá le tabhairt ag an ngrúpa sin go dtí an bhliain seo chugainn.

Tá an Coimisinéir Teanga fós i dteagmháil freisin leis an bhForas Taighde ar Oideachas maidir le himscrúdú a léirigh gur chinn an eagraíocht scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a fhágáil as an áireamh agus trialacha nua do bhunscoileanna á bhforbairt.

Mar fhreagra ar an imscrúdú, chuir an Foras tuairisc chuimsitheach faoi bhráid an Choimisinéara inar tugadh léargas ar na céimeanna a bhí glactha ag an bhForas maidir le forfheidhmiú mholtaí an imscrúdaithe, ina measc go n-áireofaí scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna i ngach staidéar caighdeánaithe ar thástálacha nua amach anseo.

D’iarr Oifig an Choimisinéara go gcuirfí tuairisc faoi cibé dul chun cinn a dhéanfaí maidir le cur i bhfeidhm na moltaí faoi bhráid na hOifige agus cé gur léirigh an Foras cuid den obair a bhí déanta, measadh nach raibh an dul chun cinn a mbeifí ag súil leis ag teacht leis an méid a bhí i moltaí an Choimisinéara. D’iarr Oifig an Choimisinéara go gcuirfí tuairisc faoi cibé dul chun cinn a dhéanfaí maidir le cur i bhfeidhm na moltaí faoi bhráid a Oifige. Cé gur léirigh an Foras go raibh cuid den obair a bhí ag teastáil déanta acu, measadh nár éirigh leo an dul chun cinn a dhéanamh a mbeifí ag súil leis ó mholtaí an Choimisinéara.

Bhí monatóireacht á déanamh ag an gCoimisinéir Teanga ar dhá dhream eile, an Roinn Oideachais agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe, maidir le sárú a bheith déanta acu ar a ndualgais teanga ach measadh go raibh na moltaí a rinneadh sna himscrúduithe curtha i bhfeidhm go hiomlán.

Fág freagra ar 'Dul chun cinn déanta ag RTÉ maidir le cláir i nGaeilge ach bearna ó thaobh cúrsaí reatha – An Coimisinéir Teanga'

  • AnRógaire

    Cén uair a bheas reachtaíocht ann chun tabhairt ar chomhluchtaí príobháideachas freastal ar an bpobal sa dá theanga oifigiúil?

  • Máire

    Siad TG4 a chóir a bheith os comhair Choiste na Gaeilge faoin laghad Gaeilge atá ar a gcainéal seachas RTÉ! Níl an cainéal náisiúnta ‘Gaeilge’ in ann clár iomlán Gaeilge a chur ar an aer is léir níos mó. Leath Béarla leath Gaeilge. Agus níl caint ar bith air.