Tá an chuma ar an scéal anois nach mbeidh treoirlínte nua ón Rialtas maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht foilsithe go dtí an bhliain seo chugainn in ainneoin gur dhúirt an tAire Tithíochta go mbeadh siad réidh roimh dheireadh 2021.
Nuair a d’fhógair an tAire Darragh O’Brien i bhfómhar na bliana seo caite go raibh a Roinn chun tabhairt faoi bheartas nua do chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht dúirt sé go mbeadh siad réidh roimh dheireadh na bliana. Agus é os comhair choiste Oireachtais ina dhiaidh sin, i mí Eanáir, dúirt an tAire go mbeadh na treoirlínte nua foilsithe sa chéad ráithe den bhliain seo.
Deir a Roinn anois, áfach, nach bhfuil tús curtha le dréachtú na dtreoirlínte Gaeltachta go fóill. Dúirt urlabhraí ón Roinn Tithíochta le Tuairisc nach gcuirfí tús leis an obair sin go dtí go mbeadh an beartas níos cuimsithí maidir le cúrsaí tithíochta faoin tuath atá beartaithe ag an Rialtas réidh. Tá sé i gceist an beartas sin a fhoilsiú sa ráithe dheireanach den bhliain, a dúradh.
“Táthar ag súil go dtosófar ar dhréachtú na dtreoirlínte ar leith don Ghaeltacht ach a mbeidh na treoirlínte don tithíocht faoin tuath críochnaithe níos deireanaí sa mbliain. Tá an tréimhse ama neamhchinnte go fóill mar go bhfuil sé éigeantach bearta scóipe éagsúla a dhéanamh roimh ré,” a dúradh i ráiteas na Roinne.
Tá cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht ag déanamh imní do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le tamall fada anuas agus é á mhaíomh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta i mbaol toisc a dheacra is a bhíonn sé ag muintir na háite tithíocht a fháil ina gceantar féin agus toisc nach dtugtar cosaint mar ba cheart don teanga sa chóras pleanála.
Dúirt an tAire O’Brien cheana gur theastaigh beartas pleanála ar leith don Ghaeltacht chun cabhrú le cosaint agus spreagadh na Gaeilge sna ceantair sin.
Tá grúpa oibre bunaithe ag an Roinn Tithíochta agus Roinn na Gaeltachta chun beartas maidir le pleanáil sa Ghaeltacht a phlé. Tá ionadaithe ón dá Roinn, ó Údarás na Gaeltachta agus ó na húdaráis áitiúla rannpháirteach sa ghrúpa a bhfuil scrúdú á dhéanamh acu ar ghnéithe éagsúla den chóras pleanála sa Ghaeltacht.
Léirigh Conradh na Gaeilge imní roimhe seo nach ndéanfaí ionadaíocht cheart ar phobal na Gaeltachta ar an ngrúpa seo agus mhol Comhchoiste Gaeilge an Oireachtais go dtabharfaí ról d’ionadaithe ó phobal na Gaeltachta agus ó phobal na Gaeilge san obair a bhí ar bun.
Thug an tAire O’Brien le fios i mí Eanáir go raibh sé sásta a mhachnamh a dhéanamh ar an gceist ach is léir anois nach bhfuil sé i gceist baill bhreise a chur leis an ngrúpa. Deir an Roinn Tithíochta go mbeadh an deis ag daoine ón nGaeltacht a dtuairim a thabhairt nuair a chuirfear tús leis an gcéim chomhairliúcháin maidir leis na treoirlínte.
Tá geallta ag an Aire go dtabharfar isteach ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht mar chuid den bheartas nua. Deirtear go dtabharfar isteach freisin scrúdú líofachta nua do dhaoine a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin. Scrúdú Gaeilge labhartha amháin a bheadh i gceist agus é bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG). Tá éiginnteacht ann maidir le cé a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh, áfach, agus é ráite go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.
Tá ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe agus caighdeán náisiúnta inniúlachta i measc na moltaí atá luaite i bpolasaí nua de chuid Shinn Féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa Ghaeltacht. Sheol urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, an polasaí an tseachtain seo caite agus dúirt go gcuirfí na moltaí i bhfeidhm má bhíonn Sinn Féin sa chéad rialtas eile.
Tá cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht pléite ag Coiste Gaeilge an Oireachtais le roinnt míonna anuas freisin agus súil le tuarascáil faoin bplé roimh dheireadh na míosa seo nó ag tús mhí Iúil.
Fág freagra ar 'Moill bliana ar bheartas an Rialtais faoi chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht'