Scrúdú nua teanga le tabhairt isteach do dhaoine atá ag iarraidh cónaí sa Ghaeltacht

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien go raibh sé le scrúdú líofachta a thabhairt isteach ach níl sé soiléir go fóill cén chaoi a gcuirfear an scrúdú i bhfeidhm 

Scrúdú nua teanga le tabhairt isteach do dhaoine atá ag iarraidh cónaí sa Ghaeltacht

Gheall an tAire Tithíochta Darragh O’Brien inniu go dtabharfaí treoirlínte nua isteach sa chóras pleanála don Ghaeltacht.

Gheall sé chomh maith go dtabharfaí isteach ráiteas tionchair teanga caighdeánaithe d’fhorbróirí a bheadh ag iarraidh tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Maidir leis na daoine a bheadh ag iarraidh cónaí sna tithe sin thabharfaí isteach scrúdú líofachta nua, a dúirt an tAire.

Bheadh an scrúdú céanna i gceist i ngach ceantar Gaeltachta agus é bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge (TEG).

Tugadh le fios go bhfuil obair ar siúl faoi láthair ag oifigigh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Ollscoil Mhá Nuad ar an measúnú sin agus dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, go raibh an obair sin “beagnach críochnaithe”.

Scrúdú Gaeilge labhartha amháin a bheadh i gceist, a dúirt Mac Cormaic agus bheadh caighdeán B2 le baint amach ag an iarrthóir. Mheas sé nach dtógfadh sé ach thart ar choicís an scrúdú a eagrú agus nach gcuirfí moill ar dhuine a bheadh ag iarraidh teach a cheannach mar gheall air.

Bhí níos mó éiginnteachta ag baint le cé go díreach a mbeadh orthu an scrúdú sin a dhéanamh, áfach.

Cé go mbeidh an scrúdú céanna i gceist sna ceantair Ghaeltachta éagsúla, dúirt ionadaithe ó na ranna rialtais a bhí i láthair ag an gcruinniú nach mbeadh sé praiticiúil ná réalaíoch a bheith ag súil go mbeadh ar gach duine atá ag iarraidh cónaí sa Ghaeltacht an caighdeán B2 sa Ghaeilge a bhaint amach. Dúradh go mbraithfeadh an céatadán de na daoine a mbeadh orthu an scrúdú a dhéanamh ar cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge sa cheantar áirithe sin.

Dúirt Paul Hogan, Príomhchomhairleoir na Roinne Tithíochta, nach bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh an coinníoll teanga i bhfeidhm fud fad na Gaeltachta.

“Go hidéalach, bheadh sé i bhfeidhm i gcás 100% de na cásanna ach níl sin praiticiúil.  Is dóigh liom gurb é fírinne an scéil go mbeidh eisceachtaí ann agus go mbeidh cásanna ann nuair a chaithfear freastal ar dhaoine nach mbainfidh an caighdeán sin Gaeilge amach. Caithfimid an rud a bheadh inghlactha a mheas ar dtús agus féachaint conas a d’oibreodh sin amach.” 

Mheas Hogan, áfach, gur “dul chun cinn suntasach” a bheadh ann an scrúdú a thabhairt isteach.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic nach ionann gach Limistéar Pleanála Gaeltachta agus go n-athródh cur i bhfeidhm an choinníll ó cheantar go ceantar.

“Tá lear mór áiteanna istigh sa nGaeltacht nach bhfuil an teanga chomh láidir sin iontu, a bhfuil sí an-lag. Cén saghas coinníollacha teanga agus cén saghas céatadán a chuirfidh tú ar thithíocht agus ar eastáit tithíochta sna ceantair sin le hais ceantar ar nós Leitir Móir nó an Trá Bháin atá i lár na Gaeltachta, i lár na ceartGhaeltachta? 

“Caithfidh tú breathnú ar an gceantar a bhfuil an t-iarratas ag teacht uaidh agus díriú isteach ar chéatadáin éagsúla a chur i bhfeidhm,” a dúirt Mac Cormaic.

Dúirt sé go gcuirfeadh Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta moltaí ar fáil do na húdaráis áitiúla maidir le cén céatadán ba cheart a chur i bhfeidhm.

Níl sé socraithe go fóill ach an oiread an leor go mbainfeadh duine amháin i dteaghlach caighdeán B2 amach nó an mbeadh ar bheirt tuismitheoirí, mar shampla, an caighdeán sin a bhaint amach.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu, rinne an tAire Tithíochta Darragh O’Brien cur síos ar an obair atá á déanamh ag an Meitheal a bhunaigh sé chun treoirlínte nua maidir leis an bpleanáil sa Ghaeltacht a dhréachtú.

“Dearbhaím daoibh go bhfuilim tiomanta do chinntiú go ndéanfar nósanna imeachta agus córais a shaincheapadh, faoi mar is cuí, i gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás na Gaeltachta, chun cur chuige éifeachtach agus comhsheasmhach ag na húdaráis áitiúla ábhartha a éascú i dtaobh saincheisteanna a bhaineann le pleanáil a bhainistiú i gceantair Ghaeltachta,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire go raibh súil aige na treoirlínte a fhoilsiú sa chéad ráithe den bhliain.

Fág freagra ar 'Scrúdú nua teanga le tabhairt isteach do dhaoine atá ag iarraidh cónaí sa Ghaeltacht'

  • Seân ÓM

    Beidh sé fíor-dheacair é seo a chur i bhfeidhm go praiticiúil.

    Ar a laghad tá na polaiteoir ag caint anois faoi an Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) seachas an árdteist meánscoile i gcomhthéacsanna mar seo.

    B’fhéidir go bhfuil an Chlochaois thart.