Polasaí nua maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht seolta ag Sinn Féin

Deich bpríomhmholadh atá sa pholasaí chun é dhéanamh níos éasca do mhuintir na Gaeltachta cur fúthu ina gceantar féin agus chun an Ghaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail sa Ghaeltacht

Polasaí nua maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht seolta ag Sinn Féin

Tá measúnú tionchair teanga riachtanach, cosaint don phatrún lonnaíochta Gaeltachta agus athbhunú Scéim Labhairt na Gaeilge i measc na moltaí atá déanta ag Sinn Féin chun dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta atá ag cur as do mhuintir na Gaeltachta.

Sheol Sinn Féin polasaí nua, Ag Pleanáil don athchóiriú, ar an Spidéal i gConamara inniu, an polasaí pleanála agus tithíochta Gaeltachta “is cuimsithí riamh ag páirtí polaitiúil”, dar leo.

Tá deich bpríomh-mholadh sa pholasaí ionas go mbeadh sé níos éasca ag muintir na Gaeltachta cur fúthu ina gceantar féin agus chun an Ghaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail sa Ghaeltacht.

Dá mbeadh Sinn Féin i gcumhacht, deir siad go ndéanfaí riachtanas de mheasúnú tionchair teanga mar chuid d’aon iarratas pleanála chun dhá theach cónaithe nó níos mó a thógáil i gceantar Gaeltachta.

Faoi láthair, is faoi na comhairlí contae ar leith atá sé measúnú tionchair teanga a iarraidh maidir le forbairt. Thug ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall le fios don Oireachtas anuraidh nár lorg siad ráiteas tionchar teanga ach i gcás ceann amháin den 23,000 iarratas a rinneadh ar fhorbairtí tithíochta sa chontae le breis is deich mbliana anuas.

Tá Sinn Féin ag moladh gur saineolaí neamhspleách ar an bpleanáil teanga a dhéanfadh an measúnú tionchair teanga sin.

Deirtear freisin sa pholasaí gur chóir go mbeadh coinníollacha teanga ar 20% ar a laghad de na tithe i bhforbairt tithíochta i gceantar Gaeltachta agus go mbeadh suas le 100% i gceist nuair is gá sin chun a chinntiú nach mbeadh drochthionchar ag forbairtí nua ar labhairt na Gaeilge i bpobal Gaeltachta.

Meastar go bhfuil gá le caighdeán náisiúnta chun cumas labhartha duine a mheas mar chuid de na measúnuithe sin agus gur chóir é sin a shocrú ag leibhéal B2 ar an gComhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha [TEG].

Maidir le patrún lonnaíochta na Gaeltachta, deir Sinn Féin nach bhfeileann na rialacháin phleanála mar atá siad a mholann fiúntas lonnaíochtaí ard-dlúis do cheantair Ghaeltachta. Deirtear go bhfuil na lonnaíochtaí inar mhair an Ghaeilge scaipthe amach thar achar fairsing agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin phleanála reatha chun catagóir ar leith a chruthú do phatrún lonnaíochta Gaeltachta i bpleananna forbartha sa todhchaí.

I dtaobh Scéim Labhairt na Gaeilge, ar cuireadh deireadh léi in 2011, deir Sinn Féin gur chóir an scéim a athbhunú mar aitheantas agus le cuidiú leis an gcostas breise a bhaineann le páistí a thógáil le Gaeilge.

Moladh san Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh in 2007, deontas €5,000 a chur ar fáil do gach páiste a tháinig faoi Scéim Labhairt na Gaeilge ach deontas €500 atá á mholadh ag Sinn Féin mar thús. Agus é ag labhairt ag seoladh an pholasaí inniu, dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, go bhféadfaí oibriú i dtreo moladh an €5,000 ina dhiaidh sin.

Tá moltaí maidir le pleanáil d’fhás an daonra, pleanáil teanga, tithíocht shóisialta do Ghaeilgeoirí agus cúrsaí bonneagair sa pholasaí nua freisin.

Ag labhairt faoin bpolasaí, dúirt Ó Snodaigh go raibh géarchéim teanga sa Ghaeltacht in ainneoin an Ghaeilge a bheith ag fás ar fud na tíre.

“Tá an phleanáil ina cruacheist ar leith,” a dúirt sé.

“Cuireann an polasaí reatha bac ar theaghlaigh Ghaeltachta tithe a thógáil ar a dtalamh féin chun deis a thabhairt don chéad glúin eile fanacht sa Ghaeltacht agus clanna a thógáil trí mheán na Gaeilge. 

“Bíonn brú ar Ghaeilgeoirí an Ghaeltacht a fhágáil chun clanna a thógáil, rud a dhéanann scrios ar inmharthanacht na siopaí áitiúla, na scoileanna, clubanna, srl., ag cur le Béarlú agus bánú leanúnach.

“Sin an fáth go dteastaíonn cur chuige dáiríre ón rialtas, agus leagtar amach sa pholasaí seo cad a dhéanfadh Sinn Féin i rialtas chun tabhairt faoin dúshlán seo. Teastaíonn reachtaíocht nua chun a chinntiú nach mbeidh ar phobail na Gaeltachta dul chun na cúirte chun iad féin a chosaint.”

Tá beartas nua maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht geallta ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien ach níl sé foilsithe go fóill, cé gur gealladh go mbeadh sé ar fáil roimh dheireadh na bliana seo caite.

Tá cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltachta pléite ag Coiste Gaeilge an Oireachtais le roinnt míonna anuas freisin agus súil le tuarascáil ar an obair sin roimh dheireadh na míosa seo nó ag tús mhí Iúil.

Fág freagra ar 'Polasaí nua maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht seolta ag Sinn Féin'