Iarrtha ag Airí na Gaeltachta ar airí rialtais eile go gcomhlíonfadh a ranna a ndualgais i leith na Gaeilge

Tá cóip faighte ag Tuairisc.ie de litir a sheol an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers chuig a gcomhghleacaithe rialtais ina meabhraítear dóibh gur gá eolas a chur ar fáil don phobal i nGaeilge

Iarrtha ag Airí na Gaeltachta ar airí rialtais eile go gcomhlíonfadh a ranna a ndualgais i leith na Gaeilge

Tá a gcuid dualgas I leith cearta teanga meabhraithe ag Airí na Gaeltachta do gach aire Rialtais.

Tá cóip faighte ag Tuairisc.ie de litir a sheol an tAire Catherine Martin agus an tAire Stáit Jack Chambers chuig a gcomhghleacaithe rialtais ina meabhraítear dóibh gur gá eolas a chur ar fáil don phobal i nGaeilge.

Márta na bliana seo a seoladh an litir ag meabhrú a gcuid dualgas i leith na Gaeilge do na hairí Rialtais, meabhrú a dúradh a bhí tráthúil i gcomhthéacs na paindéime agus i gcomhthéacs na hoibre a bhí ar siúl ag an am ar an mBille Teanga nua.

Tá cáineadh go leor déanta ar an Rialtas ó thús na paindéime faoina laghad eolais faoin Covid-19 a chuirtear ar fáil i nGaeilge agus faoi cé chomh mór as dáta a bhíonn cuid den chomhairle sláinte phoiblí nuair a fhoilsítear i nGaeilge í.

Agus na dualgais atá orthu á meabhrú ag Airí na Gaeltachta do na hairí eile, díríodh go sonrach ar dhá alt ar leith in Acht na dTeangacha Oifigiúla – Alt 9(3) agus Alt 10(a) – a bhaineann le cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal.

Leagtar amach in Alt 9(3) gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh aon chumarsáid a dhéanfaidh comhlacht poiblí i scríbhinn nó ar an bpost leictreonach leis an bpobal i gcoitinne.

In Alt 10(a), tugtar liosta de na doiciméid a chaithfear a fhoilsiú go comhuaineach i nGaeilge agus i mBéarla. Luaigh Airí na Gaeltachta go bhfuil aon doiciméad ina leagtar amach tograí beartais phoiblí go sonrach ina measc sin.

In agallamh le Tuairisc le déanaí, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur “chúis frustrachais” dó an t-imeallú a rinneadh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

Scaip an tAire Stáit Chambers agus an tAire Martin an litir roinnt seachtainí tar éis don Rialtas plean nua Covid-19 a fhoilsiú i mBéarla amháin, scéal a bhí á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga.

Nuair a ceistíodh an tAire Catherine Martin ag an am faoi chás na Gaeilge i bhfeachtais eolais an Rialtais, dúirt sí gur ar an Roinn Sláinte agus ar Roinn an Taoisigh ba cheart na ceisteanna a chur ach go raibh a roinn féin i dteagmháil go rialta leis na ranna sin “maidir le cúrsaí Covid agus an chumarsáid phoiblí a bhaineann leis”.

De réir eolais a fuair Tuairisc faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, gheall  Seirbhísí Eolais an Rialtais (GIS) mí Mheán Fómhair 2020 go ndéanfaí gach feachtas eolais faoin bpaindéim a fhógairt i nGaeilge ach den chuid is mó, níor tháinig aon athrú ar an scéal.

I gcumarsáid a rinne Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, ag an am le hoifigigh eile sa Roinn, dúirt sé go raibh an cáineadh a bhí déanta ar an easpa ábhar i nGaeilge a cuireadh ar fáil le linn na paindéime tuillte.

Sa phlé idir Roinn na Gaeltachta agus na húdaráis eile, tagraíodh do scéalta a bhí ar an suíomh seo faoin moill a bhí ar eolas faoin bpaindéim a chur ar fáil i nGaeilge.

Luaitear freisin sa litir a sheol Airí na Gaeltachta chuig na hairí Rialtais eile an obair a bhí ar bun ag an am chun an Bille Teanga nua a threisiú. Dúradh go raibh Acht na dTeangacha á leasú “ar mhaithe le forbairt a dhéanamh ar líon agus caighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcéad teanga oifigiúil an Stáit”.

Ina fhianaise sin, dúradh go mbeadh sé “tráthúil” meabhrúchán a thabhairt “do gach comhlacht poiblí faoi na dualgais dhíreacha i leith seirbhísí trí Ghaeilge atá orthu” faoin Acht.

Cuireadh liosta iomlán de na riachtanais faoin Acht agus faoin reachtaíocht ghaolmhar eile leis an litir a sheol Airí na Gaeltachta.

“Ba mhaith linn iarraidh ort led’ thoil a chinntiú go ngníomhaíonn do Roinn de réir na riachtanas éigeantach seo.

“Ba mhaith linn iarraidh ort chomh maith socruithe cuí a dhéanamh chun an méid seo a chur in iúl do na comhlachtaí poiblí ábharthacha atá faoi chúram do Roinne led’ thoil,” a d’iarr na hairí ar a gcomhghleacaithe sa litir.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag Airí na Gaeltachta ar airí rialtais eile go gcomhlíonfadh a ranna a ndualgais i leith na Gaeilge'