Muintir Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir ag tabhairt a n-aghaidh ar na hionaid vótála

Cúig huaire déag an chloig atá ag pobal vótála na dtoghcheantar lena vóta a chaitheamh sna fothoghcháin

Muintir Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir ag tabhairt a n-aghaidh ar na hionaid vótála

Tá lucht vótála Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir ag tabhairt a n-aghaidh ar na hionaid vótála inniu lena nguth a chur ar pár in dhá fhothoghchán a bhfuil iomaíocht ghéar faoin suíochán Dála sa bpéire.

Osclófar doirse na n-ionad vótála ag a 7.00am inniu agus beidh siad oscailte go dtí a 10.00pm anocht agus cúig huaire déag an chloig ag pobal vótála na dtoghcheantar lena vóta a chaitheamh.

D’ainneoin gan a bheith le líonadh ach dhá shuíochán Dála, is minic le torthaí fothoghcháin neart cainte is machnaimh a tharraingt sna seachtainí a leanas agus páirtithe polaitiúla ag déanamh mórtais as an dea-thoradh nó ag déanamh beag is fiú den drochthoradh agus ag áitiú nach aon tuar ná tubaiste é.

Toghadh Chatherine Connolly ina hUachtarán ar an tír a d’fhág folúntas i dtoghcheantar Ghaillimh Thiar.

I mBaile Átha Cliath Láir is amhlaidh a d’éirigh an t-iarAire Airgeadais, Paschal Donohoe ó Fhine Gael, as an Dáil nuair a fuair sé post nua leis an mBanc Domhanda thall sna Stáit Aontaithe.

Tá taighde ann a léiríonn gurb é an té a bhíonn ar cheann an chomhairimh sa gcéad chomhaireamh a fhaigheann an suíochán in 80% de na fothoghcháin.

I gcás seacht gcinn de na deich bhfothoghchán is deireanaí a ritheadh sa tír seo, ba é an duine a bhí ar cheann an chomhairimh sa gcéad chomhaireamh a fuair an suíochán sin agus sna trí chás eile bhí na buaiteoirí aniar sna sála ar an iarrthóir ba mhó a chruinnigh vótaí uimhir a haon.

Ní go maith a réitíonn fothoghcháin le páirtithe rialtais is cosúil mar 2014 an uair dheiridh a bhuaigh iarrthóir de chuid páirtí rialtais fothoghchán agus as 25 fothoghchán le tríocha bliain níor éirigh le páirtithe rialtais iarrthóir a chur thar abhainn ach i dtrí cinn acu.

Tá Fine Gael ag iarraidh an stair sin a athrú i nGaillimh Thiar sa bhfothoghchán seo agus misneach beag ginte ag pobalbhreith an Irish Times-TG4 a chuir a n-iarrthóir, an Seanadóir Seán Kyne ina chéad rogha ag na daoine a thug faoin suirbhé.

Noel Thomas, ón bpáirtí Éire Neamhspleách, as an gceantar céanna le Kyne, a bhí sna sála air. Helen Ogbu ó pháirtí an Lucht Oibre a bhí sa tríú háit sa suirbhé sin agus sa gceathrú háit bhí Míde Nic Fhionnlaoich, an bhean Ghaeltachta atá ag seasamh ar son na nDaonlathaithe Sóisialta.

Agus seacht nduine dhéag ag fiach ar an suíochán seo, pé iarrthóir ón eite chlé a bheas chun cinn beidh sé nó sí ag súil le vótaí go leor a chruinniú amach sa gcomhaireamh le dúshlán a thabhairt ar son an tsuíocháin.

Maidin Dé Sathairn ag a 9am a chuirfear tús le comhaireamh na vótaí agus táthar ag súil go mbeidh fáil ar na torthaí amach sa tráthnóna.

Más aon tuar iad na pobalbhreitheanna níl aon mhisneach rómhór ag Fianna Fáil i gceachtar toghcheantar ach ba mhór an cúnamh do cheannaire an pháirtí Micheál Martin dá gcruthódh a n-iarrthóirí níos fearr ná mar atá á thuar, agus caint ann go bhfuil a cheannaireacht féin ar forbhás le tamall.

I dtoghcheantar Bhaile Átha Cliath Láir, meastar gurb iad Janice Boylan, ó pháirtí Shinn Féin agus Daniel Ennis ó na Daonlathaithe Sóisialta is fearr atá ag déanamh ach beidh an-suim freisin sa rath a bheidh ar an iarrthóir neamhspleách Gerry Hutch, a ainmníodh i gcúirt mar cheannaire ar dhrong coireachta. Tá amhránaí sean-nóis agus ceoltóir ag seasamh sa bhfothoghchán sin freisin, Eoghan Ó Ceannabháin de bhunadh Iorras Aithneach, atá ag seasamh do Phobal seachas Brabús.

Fothoghchán tábhachtach é ceann Bhaile Átha Cliath Láir do cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, mar gur ansin atá sise ina Teachta Dála agus sa gcás nach n-éireodh go maith le Boylan go mbeadh ceisteanna á gcur faoina ceannaireacht féin.

Cuirfear an-suim sna haistriúcháin a tharlós idir iarrthóirí na bpáirtithe uilig a luíonn leis an eite chlé ó tharla go raibh caint mhór ar chomhoibriú eatarthu tráth thoghchán na huachtaránachta. Beidh léamh éigin againn ó na vótaí aistriúcháin sa dá fhothoghchán seo ar a réadúla agus atá an comhoibriú sin ar an eite chlé i dtoghcháin amach anseo.

Fág freagra ar 'Muintir Ghaillimh Thiar agus Bhaile Átha Cliath Láir ag tabhairt a n-aghaidh ar na hionaid vótála'