‘There has been a lot of criticism – and rightly so’ – gealltanas faoi ábhar paindéime i nGaeilge tugtha bliain ó shin

‘There has been a lot of criticism – and rightly so’ – gealltanas faoi ábhar paindéime i nGaeilge tugtha bliain ó shin

‘There has been a lot of criticism – and rightly so’ – gealltanas faoi ábhar paindéime i nGaeilge tugtha bliain ó shin

In ainneoin gur chinn Seirbhísí Eolais an Rialtais (GIS) i lár na paindéime go mbeadh gach feachtas meáin faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí i nGaeilge feasta, níor tháinig aon athrú ar an nós eolas faoin bpaindéim a chur ar fáil i mBéarla amháin den chuid is mó.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, gheall GIS do Roinn na Gaeltachta mí Mheán Fómhair 2020 go ndéanfaí gach feachtas eolais faoin bpaindéim a fhógairt i nGaeilge ar na meáin Ghaeilge.

Phléigh Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, an easpa eolais a bhí á cur ar fáil i nGaeilge le Sara Morris, Ceann Cumarsáide sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Dúirt Mac Cormaic go raibh an cáineadh a bhí déanta ar an easpa ábhar i nGaeilge a cuireadh ar fáil le linn na paindéime tuillte agus d’iarr sé go ndéanfaí iarracht na meáin Ghaeilge a chur san áireamh i bhfeachtais meán an rialtais.

“There has been a lot of criticism – and rightly so – regarding lack of material in Irish on Irish language media. Perhaps you could push to have TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta and tuairisc.ie included in these campaigns as only English language media are listed in the tables you forwarded,” a scríobh Mac Cormaic.

Dúirt Morris go raibh an scéal pléite cheana aici le GIS tar éis di iarratas eile a fháil ó Mhac Cormaic ach go bpléifeadh sí an cheist arís leo. An lá dár gcionn, dúirt Morris go raibh glactha ag GIS leis an moladh go gcuirfí na meáin Ghaeilge san áireamh sna feachtais amach anseo.

“I raised this at this morning’s 9am GIS meeting and asked that GIS campaigns include Irish language advertising on/in Irish language media – to which they have agreed.”

Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta

Sa phlé idir Roinn na Gaeltachta agus na húdaráis eile, tagraíodh do scéalta a bhí ar an suíomh seo faoin mhoill a bhí ar eolas faoin bpaindéim a chur ar fáil i nGaeilge.

Ar cheann acu, bhí an scéal go raibh an leagan Gaeilge de shuíomh an Rialtais ag tabhairt le fios go raibh srianta Leibhéal 3 fós i bhfeidhm sa stát, cé go raibh srianta Leibhéal 5 tugtha isteach ag an Rialtas.

Tugadh le fios nach raibh aon uasdátú déanta ar an leagan Gaeilge de shuíomh an Rialtais ó mhí an Mheithimh, ceithre mhí roimhe sin, agus go raibh an t-eolas i nGaeilge “seriously outdated”.

Tharraing Aodán Mac an Mhíle, Príomhoifigeach Cúnta i Roinn na Gaeltachta, aird ar an bhfadhb ar an 20 Deireadh Fómhair.

“Just something I noticed that you might be able to bring to the attention of D/Taoiseach or whoever is dealing with it. It seems the Irish version of the main Covid-19 page on gov.ie has not been updated since June. It still refers to Ireland being at Phase 3 of the Roadmap for Reopening Society and there’s no reference to the new 5 Level Plan etc”.

Dúradh gur pléadh an scéal le GIS an lá sin ach bhí an t-eolas as dáta fós in airde ar shuíomh an Rialtais ar an 28 Deireadh Fómhair. Thagair Mac an Mhíle an uair sin do scéal eile ar Tuairisc inar iarr an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, ar an Rialtas a chinntiú go gcuirfí eolas tábhachtach faoin bpaindéim amach ag an am céanna sa Ghaeilge agus sa Bhéarla feasta.

Mar atá léirithe ag tuairiscí éagsúla ar an suíomh seo le sé mhí anuas, tá eolas tábhachtach poiblí faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí á fhoilsiú i mBéarla amháin ó thús na paindéime.

Tá leithscéalta éagsúla tugtha ag na húdaráis sláinte as gan eolas a chur amach i nGaeilge nó gan eolas a chur amach i mBéarla agus i nGaeilge ag an am céanna.

Chinn an HSE, mar shampla, gan fógraí faoin bpaindéim a chraoladh i nGaeilge toisc dar leo go bhfuil an Ghaeilge níos foclaí ná an Béarla agus go mbeadh na fógraí 35% níos costasaí dá bharr.

Léirigh figiúirí eile a chuir an HSE ar fáil nár caitheadh ach €21,333 den bheagnach €1.39 milliún a íocadh ar fhógraí raidió agus teilifíse ar fhógraí Gaeilge.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte le Tuairisc.ie cheana go mbíonn ábhar á fhoilsiú ar líne i mBéarla acu sula mbíonn an t-aistriúchán Gaeilge ar fáil “de bharr a riachtanaí a bhí sé go gcuirfí eolas tábhachtach faoin tsláinte phoiblí ar fáil don phobal go gasta”.

Pléadh freisin rogha na Gaeilge a chur ar fáil den tairseach chun clárú don vacsaín Covid-19. D’éiligh Conradh na Gaeilge ag tús mhí Aibreáin i mbliana go mbeadh daoine in ann clárú le vacsaín a fháil as Gaeilge, go mbeadh an córas sin ann ón tús agus go mbeadh an córas in ann ag sínte fada.

Phléigh Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, an scéal le hoifigigh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus d’iarr sé go bpléifí an scéal le hoifigigh i ranna eile a mbeadh baint acu leis an scéal.

Nuair a sheol Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (HSE) an tairseach ar líne agus líne chabhrach ar an 15 Aibreán, áfach, ní raibh aon rogha ann clárú don vacsaín i nGaeilge.

D’fhiosraigh Mac Cormaic an scéal arís an lá sin agus dúradh gur pléadh rogha na Gaeilge le Roinn an Taoisigh ach nár pléadh an scéal leis an Roinn Sláinte.

Cé gur chuir an HSE rogha Ghaeilge ar fáil don líne cabhrach coicís ina dhiaidh sin, ní féidir clárú i nGaeilge ar an tairseach ar líne go fóill. Dúirt an HSE an tseachtain seo gurb é an cibirionsaí a rinneadh ar an eagraíocht mí Bealtaine an chúis nach bhfuil an leagan Gaeilge ar fáil fós.

Fág freagra ar '‘There has been a lot of criticism – and rightly so’ – gealltanas faoi ábhar paindéime i nGaeilge tugtha bliain ó shin'

  • Lillis Ó Laoire

    Leithscéalta. Tá thiar orainn.

  • Pádraig O'hEipicín

    Scannalach.