Simon Harris ar tí a bheith ar an Taoiseach is óige i stair an stáit

I ndiaidh vóta sa Dáil inniu, rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, séala oifig an Taoisigh air

Simon Harris ar tí a bheith ar an Taoiseach is óige i stair an stáit

Beidh Simon Harris, ceannaire nua Fhine Gael, atá 37 bliain, ar an Taoiseach is óige riamh nuair a thoghfar inniu sa Dáil é.

I ndiaidh vóta sa Dáil rachaidh Simon Harris go dtí Áras an Uachtaráin, mar a mbronnfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, séala oifig an Taoisigh air.

Ainmneoidh Harris ina dhiaidh sin a airí rialtais nua.

Tiocfaidh Harris i gcomharbacht ar Leo Varadkar, a d’éirigh as oifig an Taoisigh go hoifigiúil tráthnóna inné, ag am a bhfuil sé ina lag trá ag a pháirtí atá i gcumhacht le 13 bliain anuas agus an comhrialtas ag sracadh le fadhbanna amhail an ghéarchéim tithíochta.

Anuas air sin tá beartaithe ag go leor de Theachtaí Dála Fhine Gael éirí as agus meastar nach bhfuil aon ní cóir i ndán don pháirtí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha a bheidh ar siúl ar an 7 Meitheamh.

Cé go bhfuil dóchas ag daoine i bhFine Gael go gcuirfidh scileanna cumarsáide, díograis agus fuinneamh Harris borradh faoin bpáirtí, glactar leis chomh go mb’fhéidir gur ag snámh in aghaidh easa a bheidh sé sa ghearrthéarma.

Rugadh Simon Harris sna Clocha Liatha i gCill Mhantáin i 1986 agus tá sé ar an té is sine den triúr páistí a bhí ag a thuismitheoirí, tiománaí tacsaí agus cúntóir riachtanais speisialta.

Bhí dúil an-mhór aige a bheith ina pholaiteoir ó bhí sé an-óg agus is minic a dúirt sé le linn a óige gur mhaith leis an bheith ina Thaoiseach lá éigin.

Chuir sé suim cheart sa pholaitíocht nuair a thosaigh sé ag feachtasaíocht ar son seirbhísí uathachais, agus bhunaigh sé féin agus a dheartháir Adam, a bhfuil uathachas air, an charthanacht As I Am.

D’eagraigh sé a chéad chruinniú polaitiúil nuair a bhí sé 16 bliain d’aois agus bhí sé ina chomhairleoir contae faoin am a raibh sé 22 agus ina Theachta Dála faoin am a raibh sé 24. Ceapadh ina aire stáit é nuair a bhí sé 27 agus ní raibh sé ach 29 nuair a ceapadh ina aire sláinte é.

“Life came at me a lot faster than I expected it to,” a dúirt sé.

D’éirigh lena chéad fheachtas toghcháin in 2009 nuair a toghadh ar Chomhairle Contae Chill Mhantáin é leis an gcéatadán is airde den vóta a bhí ag aon iarrthóir sa stát sa toghchán sin. Bhain sé leas sa toghchán sin as na meáin shóisialta, ardáin atá ina ndlúthchuid dá shaol mar pholaiteoir ó shin.

Thuill an leas a bhaineann sé as na meáin shóisialta an leasainm an “an chéad Taoiseach TikTok” dó cheana féin. Beagnach 95,000 leantóir atá aige ar an ardán sin, chomh maith le 235,000 leantóir ar X, nó Twitter mar a bhí, agus 169,000 a leanann ar Instagram é.

Thug sé faoi chéim san iriseoireacht agus sa Fhraincis ach d’éirigh sé aisti gan í a chríochnú. Chuaigh sé ag obair mar chúntóir parlaiminte leis an bpolaiteoir Frances Fitzgerald, a bhí ina ceannaire ar an Seanad ag an am, agus in 2011 toghadh chun na Dála é den chéad uair. Bhí sé ar an Teachta Dála is óige a toghadh.

Ba í an chéad óráid a thug sé sa Dáil ná píosa cainte ag ainmniú Enda Kenny do phost an Taoisigh. In 2014 ceapadh ina aire stáit é sa Roinn Airgeadais agus fuair sé ardú céime eile in 2016 nuair a ceapadh ina aire sláinte é.

Bhí go leor fadhbanna aige sa roinn sin, ina measc an scannal CervicalCheck, an méadú as cuimse ar chostas Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus ceist chigilteach an Ospidéil Náisiúnta Máithreachais.

Cé gur gheall sé agus é ag tosú amach ina Theachta Dála nach dtacódh sé le haon iarracht seirbhísí ginmhillte a thabhairt isteach sa tír, d’athraigh sé a intinn agus bhí sé ina aire sláinte nuair a tugadh isteach an reachtaíocht chun aisghairm a dhéanamh ar an Ochtú Leasú ar an mbunreacht. Bhí sé ar dhuine de na daoine ba lárnaí san fheachtas reifrinn sin inar vótáil tromlach mór ar son seirbhísí ginmhillte a cheadú.

Thuill sé moladh as an láimhseáil a rinne sé chúrsaí ag tús na paindéime Covid-19 agus tráchtairí tógtha lena scileanna cumarsáide.

Cáineadh é féin agus a chomhghleacaithe áfach as gan aghaidh a thabhairt níos tapúla ar an ngéarchéim sna tithe altranais, an áit is mó ar bhásaigh daoine a raibh an víreas orthu.

Le linn na paindéime, dúirt sé in agallamh raidió gurb í an bhrí a bhí leis an uimhir in Covid-19 ná go raibh 18 coróinvíreas ann roimhe sin. Ghabh sé leithscéal as an mbotún agus dúirt sé gur “amadán mór é uaireanta”.

San olltoghchán deireanach i mí Feabhra 2020 is ar an 15ú comhaireamh a toghadh Harris. D’fhan sé sa Roinn Sláinte ach san atheagar a deineadh ar an gcomhrialtas in 2022 aistríodh é go dtí an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais. Cuireadh cúram na Roinne Dlí agus Cirt air chomh maith fad is a bhí Helen McEntee ar saoire mháithreachais.

Fág freagra ar 'Simon Harris ar tí a bheith ar an Taoiseach is óige i stair an stáit'

  • Concubhar

    Deirtear san alt seo gurb é Simon Harris, 37, an Taoiseach is óige i stair an Stáit. Ní chuireann sin san áireamh Mícheál Ó Coileáin a toghadh ina chathaoirleach ar an Rialtas sealadach agus é 32 in Eanáir 1922. Cé narbh é ‘Taoiseach’ an teideal a tugadh don Coileánach, b’ionann na cúramaí a bheag nó a mhór.