Ní féidir clárú i nGaeilge do vacsaín go fóill mar gheall ar an gcibirionsaí – HSE

Deir an HSE go bhfuil siad fós ag obair ar leagan Gaeilge ‘ar bhonn práinne’ den tairseach vacsaíní ar líne, trí mhí ó seoladh é 

Ní féidir clárú i nGaeilge do vacsaín go fóill mar gheall ar an gcibirionsaí – HSE

Deir an HSE gurb é an cibirionsaí a rinneadh ar an eagraíocht mí Bealtaine an chúis nach bhfuil fáil go fóill ar leagan Gaeilge den tairseach ar líne chun clárú don vacsaín Covid-19.

Bhí conspóid mhór ann nuair a seoladh an tairseach mí Aibreáin mar nach raibh deis ag daoine clárú i nGaeilge don vacsaín.

Trí mhí ó seoladh an tairseach vacsaíní ar líne, deir an HSE go bhfuil ag obair ar leagan Gaeilge “ar bhonn práinne”.

Tá an suíomh clárúcháin anois oscailte do dhaoine idir 16-17 bliain d’aois agus deis chláraithe tugtha cheana féin do gach duine in aosghrúpa níos sine ná sin.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 79% de dhaoine fásta sa stát agus tá os cionn 69% de dhaoine fásta vacsaínithe go hiomlán.

D’aontaigh an rialtas inné go dtabharfaí deis do dhaoine óga idir 12-15 clárú don vacsaín an mhí seo chugainn.

D’fhéadfadh go mbeadh vacsaín faighte ag gach duine a bhfuil ceann uathu sula mbeidh an tairseach ar líne ar fáil i nGaeilge.

Ní raibh an HSE sásta deimhniú do Tuairisc.ie cén uair a bheadh an leagan Gaeilge ar fáil.

Dúirt an t-urlabhraí go rabhthas ag obair “ar bhonn práinne” ar leaganacha nua den chóras clárúcháin “leagan Gaeilge san áireamh”.

“…Chuir an cibirionsaí coiriúil ar an HSE ar an 14 Bealtaine isteach ar an obair sin, áfach,” a dúirt an t-urlabhraí le Tuairisc.ie.

Is féidir cuid den phróiseas clárúcháin a dhéanamh i nGaeilge trí ghlaoch a chur ar líne chabhrach an HSE. Bhí moill i gceist freisin le rogha na Gaeilge a chur ar fáil ar an líne fóin a bhunaigh an HSE chun daoine a chlárú.

Agus an tairseach á cruthú ag an HSE, is léir nár pléadh riamh rogha Gaeilge a chur ar fáil don phobal.

Dúirt an HSE cheana nach bhfuil taifead ar bith acu d’aon phlé a rinneadh maidir le rogha a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus iad ag iarraidh clárú don vacsaín ar líne nó ar an nguthán.

Tá cáineadh mór déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas as teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí a thosaigh bliain go leith ó shin.

Nuair a tháinig an fhadhb leis an tairseach ar líne chun solais ar dtús, dúirt an HSE nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm beatha daoine a shábháil.

Dúirt an Coimisinéir Teanga ina thuarascáil bhliantúil a foilsíodh an mhí seo caite gur léirigh an phaindéim gur nuair is “tábhachtaí” agus is “práinní” an tseirbhís nó an chumarsáid is ea is “lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í”.

Is í an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Mairéad Farrell, an polaiteoir is deireanaí a cháin cur chuige an stáit i leith na Gaeilge ó thús na paindéime. Dúirt Mairéad Farrell, Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, go raibh neamhaird déanta ag an rialtas ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge i rith na paindéime.

Agus í ag tagairt don phraiseach a rinneadh de litriú ainmneacha Gaeilge ar Theastas Digiteach COVID an AE, dúirt Farrell gur léiriú a bhí ann ar an dímheas atá ag an Roinn Sláinte ar phobal na Gaeilge.

“Is í Gaeilge ceann de na teangacha náisiúnta sa stát seo agus ba chóir go mbeadh an rialtas agus gníomhaireachtaí stáit ag cosaint cearta Gaeilgeoirí seachas a bheith ag tabhairt neamhaird orthu.

“Is rud soiléir é do chuile dhuine i rith na paindéime seo gur iarsmaoineamh iad Gaeilgeoirí agus an Ghaeilge in intinn an Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit arís.”

Dúirt Farrell gur thóg sé os cionn míosa ar an HSE freagra a thabhairt di ar cheist faoin easpa rogha Gaeilge ar chóras clárúcháin vacsaíne na heagraíochta agus nár tugadh le fios ach go raibh sé i gceist ag an eagraíocht leagan Gaeilge a chur ar fáil.

Fág freagra ar 'Ní féidir clárú i nGaeilge do vacsaín go fóill mar gheall ar an gcibirionsaí – HSE'