Gan taifead ar bith ag an HSE d’aon phlé faoi rogha a thabhairt do dhaoine clárú trí Ghaeilge don vacsaín

Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuiltear ag obair ar leagan Gaeilge den tairseach ar líne don chlár vacsaínithe ach meastar nach mbeidh fáil air go dtí an mhí seo chugainn ar a thúisce

Gan taifead ar bith ag an HSE d’aon phlé faoi rogha a thabhairt do dhaoine clárú trí Ghaeilge don vacsaín

Ní cosúil go ndearnadh aon phlé riamh faoin nGaeilge a chur san áireamh ar an tairseach a chruthaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE) chun daoine a chlárú don vacsaín Covid-19.

Deir an HSE nach bhfuil taifead ar bith acu d’aon phlé a rinneadh maidir le rogha a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid agus iad ag iarraidh clárú don vacsaín ar líne nó ar an nguthán.

Tugadh an méid sin le fios mar fhreagra ar fhiosrúchán a rinne Conradh na Gaeilge faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ar “gach comhfhreagras, ríomhphost, cáipéis agus tagairt scríofa” a rinne an HSE don Ghaeilge le linn dóibh an córas chlárúcháin a fhorbairt.

Diúltaíodh d’iarratas Chonradh na Gaeilge toisc nach raibh aon taifead ag an HSE d’aon phlé faoin rogha Ghaeilge, a dúradh.

“Rinneadh cuardaigh laistigh d’oifig CIO ar chuntais ríomhphoist ábhartha, comhfhreagras agus córais bhainistíochta um dhoiciméad agus níor éirigh leo taifid a bhaineann le d’iarratas a aimsiú agus dá bhrí sin ní mór dom an iarraidh seo a dhiúltú,” a dúirt ionadaí ón HSE mar fhreagra ar an iarratas.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga faoi láthair toisc nach féidir clárú i nGaeilge do vacsaín in aghaidh an Covid-19.

Níl leagan Gaeilge den tairseach ar líne a sheol an HSE mí Aibreáin ar fáil go fóill agus bhí moill coicíse ann ar rogha na Gaeilge ar an líne fóin a bhunaigh an HSE chun daoine a chlárú.

Dúirt an HSE nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.

Deirtear go bhfuiltear ag obair anois ar leagan Gaeilge den tairseach ar líne ach meastar nach mbeidh sí ar fáil go dtí an mhí seo chugainn ar a thúisce.

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil “gach cuma ar an scéal” nach raibh sé i gceist ag an HSE aon fhreastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta “trí chéad teanga oifigiúil na tíre”.

“Is mór an náire é seo ach ní chuireann sé aon iontas orainn,” a deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh an Gaeilge. “Tuigtear dúinn, ón mbrú leanúnach atáimid a chur ar FSS faoin tairseach seo, go bhfuil siad ag súil go mbeidh an leagan Gaeilge curtha ar fáil i mí Iúil. Tá sé mícheart, áfach, go raibh moill chomh fada leis seo ann.”

Dheimhnigh an Coimisinéir Teanga cheana go raibh “an dualgas” atá ar an HSE an tairseach a chur ar fáil trí Ghaeilge á fhiosrú ag a Oifig.

Fág freagra ar 'Gan taifead ar bith ag an HSE d’aon phlé faoi rogha a thabhairt do dhaoine clárú trí Ghaeilge don vacsaín'