‘Ní féidir clárú i nGaeilge do vacsaíní mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leo’ – HSE

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú mar nach féidir clárú i nGaeilge do vacsaín in aghaidh an Covid-19

‘Ní féidir clárú i nGaeilge do vacsaíní mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leo’ – HSE

Tá ráite ag an HSE nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge toisc gurb é a bpríomhaidhm ná beatha daoine a shábháil.

Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte á fiosrú ag an gCoimisinéir Teanga toisc nach féidir clárú i nGaeilge do vacsaín in aghaidh an Covid-19.

I ráiteas a chuir an HSE ar fáil do Tuairisc.ie inniu, dúradh gurb é an gad ba ghaire don scornach acu “go mbeadh daoine in ann clárú don vacsaín seo a shábhálfaidh beatha daoine”.

“Ar an drochuair b’éigean sin a dhéanamh in aon teanga amháin ar mhaithe lena chinntiú go mbeadh an suíomh ullamh in am,” a dúirt an HSE.

Dúradh go rabhthas “ag obair go práinneach ar leaganacha eile a mbeidh sé éasca teacht orthu agus tá an leagan Gaeilge ina measc”.

“Seo an cur chuige céanna a bhí againn d’aip Covid-19, í a chur ar fáil i mBéarla ar dtús ach tá sí ar fáil go hilteangach anois,” a dúradh i ráiteas an HSE.

Bhí leagan Gaeilge den aip ar fáil nuair a seoladh í mí Iúil anuraidh. Bhí aon duine a bhí ag úsáid na Gaeilge mar theanga réamhshocraithe ar a gcuid guthán in ann an aip a úsáid i nGaeilge ón tús.

Chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte tús inniu le tairseach ar líne mar ar féidir le daoine idir 65-69 clárú do vacsaín. Níl an tairseach ar fáil i nGaeilge.

Dheimhnigh an Coimisinéir Teanga go raibh “an dualgas” atá ar an HSE an tairseach a chur ar fáil trí Ghaeilge á fhiosrú ag a Oifig.

Níl aon Scéim Teanga náisiúnta daingnithe ag Aire na Gaeltachta le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go náisiúnta, cé go bhfuil a leithéid geallta le blianta fada.

Ba i mí na Nollag 2006 a iarradh dréachtscéim teanga den chéad uair ar an HSE agus bhí sí le bheith daingnithe faoin 10 Meitheamh 2007.

“Mar sin féin, is ábhar suntais an fhoráil atá i Scéim Teanga Réigiún an Iarthair de chuid na Feidhmeannachta maidir le seirbhísí idirghníomhacha teicneolaíochta a sholáthar go dátheangach,” a dúradh i ráiteas ón gCoimisinéir

Deirtear sa scéim sin go gcinnteoidh an HSE “go mbeidh an suíomh idirlíon (poiblí) [sic] agus aon seirbhís idirghníomhach, go hiomlán dáthengach. [sic]”.

Dúradh i ráiteas Oifig an Choimisinéara Teanga chomh maith nach féidir leis an Stát cosc a chur ar dhuine cumarsáid a dhéanamh i pé teanga oifigiúil a roghnaíonn an duine sin.

“Mar sin, nuair a thagann córas ar nós tairseach iarratais ar líne i bhfeidhm caithfear a chinntiú gur féidir leis an tairseach sin iarratas i gceachtar de theangacha oifigiúla an Stáit a láimhseáil nó go bhfuil córas eile i bhfeidhm le glacadh le hiarratais sa teanga oifigiúil eile.”

Tá tuairim an Choimisinéara Teanga curtha faoi bhráid an HSE aige.

Dúirt an Coimisinéir Teanga go bhfuil sé tábhachtach go gcaithfí leis an nGaeilge mar an chéad teanga náisiúnta agus go mbeadh seirbhísí stáit ar ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge.
“Is buncheart atá anseo agus tá sé ábhartha chomh maith más mian leis an Stát go dtiocfadh méadú ar an éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge,” a dúirt an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill.

Tá cáineadh déanta go minic ar an HSE, an Roinn Sláinte agus ar an Rialtas as an easpa ábhar Gaeilge faoin gcoróinvíreas atá curtha ar fáil acu ó thús na paindéime.

Fág freagra ar '‘Ní féidir clárú i nGaeilge do vacsaíní mar gheall ar an bpráinn a bhaineann leo’ – HSE'

  • Antóin

    De réir FSS bhíothas “ag obair go práinneach ar leaganacha eile a mbeidh sé éasca teacht orthu agus tá an leagan Gaeilge ina measc”. An leagan Gaeilge ina measc! Nach mór an gar é!

  • S. Mac Muirí

    Is ríchuma leo faoi bheatha an duine nach rachas i ngar ná i ngaobhar dá lch. bómánta.
    Tá na haithigh i réim i dtólamh 7 iad faoi uabhar.

  • Ciarán Ó Feinneadha

    Is léir go bhfuil an t-uafás daoine sa stát chóras atá frithGhaeilge ag baint leasa as géarchéim Covid chun stádas na Gaeilge – dá ísle é – a ísliú tuilleadh.