Is ‘trua’ leis an Roinn Sláinte go bhfuil ainmneacha Gaeilge mícheart ar theastais vacsaíne ach cosaint déanta acu ar a gcóras

Deir an Roinn Sláinte gur féidir le daoine a bhfuil botún ar a bpas dul i dteagmháil leo agus cuirfear ceann nua chucu

Is ‘trua’ leis an Roinn Sláinte go bhfuil ainmneacha Gaeilge mícheart ar theastais vacsaíne ach cosaint déanta acu ar a gcóras

Tá ráite ag an Roinn Sláinte gur trua leo go bhfuil ainmneacha Gaeilge daoine litrithe mícheart ar phasanna vacsaíne ach gur fadhb leis an eolas atá á chur isteach sa chóras atá i gceist, seachas leis an gcóras féin.

Tá sé tagtha chun solais go bhfuil leaganacha truaillithe d’ainmneacha le feiceáil ar chuid de Theastais Dhigiteacha COVID an AE a seoladh an tseachtain seo. Is léir gur chruthaigh sínte fada fadhbanna i roinnt cásanna, ach deir an Roinn Sláinte nach bhfuil an locht ar a gcóras féin.

‘Is údar aiféala dúinn gur truaillíodh roinnt ainmneacha ina raibh síneadh fada nó carachtair eile ar Theastais Dhigiteacha an Covid. Rinneadh tástáil chuimsitheach ar an gcóras a ghineann na teastais seo agus bhí ar a chumas déileáil leis an carachtair sin. I roinnt bheag cásanna bhí na sonraí a cuireadh ar an gcóras truaillithe,” a dúirt urlabhraí ón Roinn Sláinte le Tuairisc.ie.

“D’fhéadfadh gurbh é ba shiociar leis sin gur tháinig na sonraí ó réimse leathan foinsí – eolas a bhailigh ospidéil, dochtúirí teaghlaigh agus cogáslanna. Dá thoradh sin, má tá leagan truaillithe d’ainm curtha isteach i gcóras na Roinne Sláinte, níl an córas in ann é a chur ina cheart.”

Deir an Roinn Sláinte gur féidir le daoine a bhfuil botún ar a dteastas dul i dteagmháil leo agus go gcuirfear ceann nua chucu.

“Aon duine sa bpobal a fuair teastas a bhfuil eolas míchruinn air is féidir leo glaoch ar líne chabhrach Theastas Digiteach an Covid aon am sna seachtainí beaga seo agus cuirfear ina cheart é. Eiseofar teastas nua cruinn ceart ansin.”

Bhí Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ar dhuine acu siúd a fuair pas a raibh botún air agus an sloinne ‘de Sp¡inn’ tugtha dó. Dúirt de Spáinn go raibh “praiseach” déanta den chóras.

Tá mílitriú na n-ainmneacha ag déanamh imní do dhaoine mar go mbeidh an pas ag teastáil le taisteal thar lear nó le dul ag ithe laistigh i mbialanna agus tábhairní.

Fianaise atá sna teastais go bhfuil duine vacsaínithe in aghaidh an Covid-19, nó go bhfuil toradh tástála diúltach faighte aige.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh ceist ann chomh maith maidir leis na teastais a bheith “dátheangach seachas i nGaeilge”.

Gheall an Roinn Sláinte mí Bealtaine go mbeadh leagan Gaeilge den teastas á chur ar fáil..

Cé gur thug urlabhraí ón Roinn Sláinte le fios do Tuairisc.ie ar dtús gur faoin Aontas Eorpach a bheadh sé na pasanna a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla, thug an Coimisiún Eorpach le fios gur ar rialtas na hÉireann a bhí an dualgas sin.

Nuair a cheistigh Tuairisc.ie an Roinn Sláinte arís faoin scéal, dúradh go raibh sé “ar intinn ag an Roinn leaganacha Gaeilge agus Béarla de na teastais a chur ar fáil”.

Dúradh le Coiste Iompair an Oireachtais an tseachtain seo go raibh beagnach 1 milliún teastas seolta amach chuig daoine i ríomhphoist agus go raibh 900,000 eile le seoladh amach sa phost.

Fág freagra ar 'Is ‘trua’ leis an Roinn Sláinte go bhfuil ainmneacha Gaeilge mícheart ar theastais vacsaíne ach cosaint déanta acu ar a gcóras'

  • Éamon Ó Ciosáin

    I ndiaidh an mhísc a tharla faoi chlárú trí Ghaeilge don tsnáthaid, seo chugainn anois praiseach eile ar mhúnla ‘the computer can’t do Irish’. Ach.. the computer can, agus is léir ó theastais áirithe gur maith atá an córas in ann ainmeacha Gaeilge a chur ar na foirmeacha. Tá cuid eile againn fágtha le comharthaí céadchodáin, siombail agus camóga éagsúla taobh thuas nó taobh thíos de litreacha.
    Maidir leis an líne cabhrach, mar dhea, ní féidir freagra a fháil uaidh. Theip orm féin freagra a fháil cé gur chuala mé scéal gur éirigh le duine eile labhairt leis an líne rúndiamhrach seo tar éis 40 nóiméad ag fanacht! Agus glic go leor, níl aon seoladh ríomhphoist tugtha sa litir chlúdaigh ar féidir scríobh chuige.