‘Cúis frustrachais é’ – díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta faoi imeallú na Gaeilge le linn na paindéime

Rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers agallamh cuimsitheach le Tuairisc.ie faoina chéad bhliain mar Aire Stáit agus faoin tréimhse amach roimhe

‘Cúis frustrachais é’ – díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta faoi imeallú na Gaeilge le linn na paindéime

Deir Aire Stáit na Gaeltachta gur ábhar “frustrachais” dó an t-imeallú a rinneadh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

In agallamh le Tuairisc.ie dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh litir curtha aige chuig gach roinn rialtais chun a gcuid dualgas i leith na Gaeilge a mheabhrú dóibh.

“Maidir le teachtaireachtaí Gaeilge agus sláinte phoiblí, admhaím gur chúis frustrachais a bhí ann. Le bheith soiléir, sílim go ndearna an Roinn Sláinte agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte obair dhochreidte le linn na paindéime i gcúinsí thar a bheith dúshlánach. É sin ráite, scríobh mé chuig gach Roinn Rialtais le déanaí chun a n-oibleagáidí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a mheabhrú dóibh.”

Dúirt Jack Chambers an méid sin in agallamh cuimsitheach a rinne sé le Tuairisc.ie faoina chéad bhliain mar Aire Stáit agus faoin tréimhse amach roimhe.

I measc na n-ábhar a phléigh an tAire Stáit bhí a phlean toghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

“Is é mo thuairim phearsanta go bhféadfadh an tÚdarás a bheith níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh,” a dúirt sé.

Deir sé go raibh sé “réasúnta mar sin” iarracht a dhéanamh “ionadaíocht phobail a neartú ar leibhéal an Bhoird”.

Deir Chambers go ndéanann an córas ainmniúcháin atá i bhfeidhm i láthair na huaire “é sin go pointe áirithe”, ach nach bhfuil an córas sin gan locht.

“Is dóigh liom gur féidir é a fheabhsú tuilleadh agus sílim go gcaithfimid gníomhú chun é sin a dhéanamh.”

Tá athbhreithniú le déanamh ar struchtúr Bhord an Údaráis ach thug an tAire Stáit leid gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

“Táim sásta leis na toghcháin mar chuid den phróiseas rialachais. Cinntíonn siad go bhfuil eagraíochtaí dírithe ar thosaíochtaí na bpobal a bhfreastalaíonn siad orthu a sheachadadh, soláthraíonn siad córas trédhearcach do cheapacháin agus tugann siad spreagadh d’ionadaithe dul i dteagmháil go gníomhach leis na pobail a ndéanann siad ionadaíocht orthu.

“É sin ráite, sílim go bhfuil buntáistí soiléire ag baint le cinntiú go bhfuil rochtain ag bord an Údaráis ar na scileanna teicniúla [atá ag teastáil]… agus sílim gur cheart dúinn a chinntiú go gcoinnítear an ghné sin ag dul ar aghaidh.”

‘Níl aon réiteach draíochta ar na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht’ – Jack Chambers

Maidir le conas a bhunófaí an struchtúr nua, dúirt sé go raibh sé “oscailte” do thuairimí “na saineolaithe agus an phobail féin”.

An dréacht-reachtaíocht teanga nua agus an feabhas atá ag teacht ar a chuid Gaeilge féin an dá rud is mó a thugann sásamh do Chambers agus é ag féachaint siar ar bhreis agus bliain i Roinn na Gaeltachta.

“Ar leibhéal gairmiúil, is é an t-údar mórtais is mó atá agam ná an dul chun cinn atá déanta againn maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla. Ba é an chéad rud a d’fhéach mé air nuair a ceapadh mé mar Aire le freagracht as an nGaeltacht. Iarracht mhór fhada a bhí inti le 25 uair an chloig de dhíospóireacht choiste ach táim an-sásta leis an áit a bhfuil an píosa ríthábhachtach reachtaíochta seo anois. Is Bille neartaithe é agus chuir pobal na Gaeilge fáilte roimh na leasuithe le déanaí, an Coimisinéir Teanga agus Conradh na Gaeilge san áireamh.

“Ar leibhéal pearsanta, táim an-bhródúil go bhfuil feabhas mór tagtha ar mo líofacht sa teanga go dtí an pointe ina bhfuil muinín agus cumas agam anois comhrá a dhéanamh le daoine i nGaeilge agus mé ag taisteal timpeall na Gaeltachta, chun díospóireacht a dhéanamh i seomra na Dála i nGaeilge agus agallaimh leis na meáin a dhéanamh i nGaeilge. Casadh orm m’iarmhúinteoir Gaeilge le déanaí agus bhí sí an-sásta le caighdeán mo chuid Gaeilge. Caithfidh go bhfuil mé ar an mbóthar ceart mar sin!”

Cé go raibh deacrachtaí ag a réamhtheachtaí, Seán Kyne tacaíocht a chomhghleacaithe ag bord an rialtais a fháil do leasuithe ar an reachtaíocht teanga, deir Chambers nach amhlaidh atá an babhta seo.

“Is é an freagra gairid ná go bhfuil na leasuithe a fógraíodh an samhradh seo faofa ag an gcomh-aireacht. Cheadaigh an chomhaireacht 32 leasú chun an píosa ríthábhachtach reachtaíochta seo a fheabhsú.

“Chomh maith le spriocdháta a leagan síos maidir le hearcú cainteoirí Gaeilge (20%) chuig an státseirbhís faoi 2030 tá roinnt leasuithe tábhachtacha eile againn freisin a cheapaim a chabhróidh leis an teanga. Den chéad uair riamh, beidh ról lárnach ag mo Roinnse, an Roinn atá freagrach as an teanga, in earcaíocht na hearnála poiblí – rud a chuirfidh earcú cainteoirí Gaeilge chun tosaigh.

Deir an tAire Stáit gurb é “spiorad an phobail” an rud is mó a chuaigh i bhfeidhm air agus é ar camchuairt ar na ceantair Ghaeltachta le déanaí.

“Ní fhaca mé a leithéid in áit ar bith eile sa tír,” a deir sé.

Dar leis go bhfuil an phaindéim “tar éis fáil réidh leis an smaoineamh go bhfuil sé níos deacra gnó a dhéanamh agus tú i do chónaí sa Ghaeltacht” agus deir sé go gcaithfear a chur ar a súile do dhaoine óga gur féidir leo fanacht agus obair ina gceantair dhúchais.

“Tá deiseanna poist an-tábhachtach ón taobh sin de. Le déanaí, sheol mé féin, mar aon le hÚdarás na Gaeltachta a Straitéis nua a dhíríonn ar 9,000 post a bheith sa Ghaeltacht faoi 2025. Beidh ról ríthábhachtach ag na moil gteic maidir leis seo agus bhí áthas orm gteic nua a oscailt go hoifigiúil in Acaill an tseachtain seo caite.

Maíonn Chambers gur leor an córas pleanála teanga mar atá le tacú leis an taoide a chasadh ó thaobh na teanga de sa Ghaeltacht.

“Táim an-sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta ar phleananna teanga agus go bhfuil 24 plean den sórt sin ceadaithe anois…Is tionscnamh fíor-thábhachtach é an próiseas pleanála teanga agus caithfidh mé a rá gur mór an t-ardú croí domsa í an ghné den phróiseas atá faoi stiúir an phobail. Ar ndóigh, tacaíonn infheistíocht mhór airgeadais leis chun a chinntiú gur féidir na pleananna a chur i bhfeidhm i gceart.”

Níl sa phróiseas pleanála teanga ach gné amháin den chur chuige a theastaíonn i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta, a deir Chambers.

“Creidim go láidir go gcaithfimid réigiúin na Gaeltachta iad féin a chur chun cinn chun úsáid na teanga a chur chun cinn, ionas gur teanga bheo oibre í an teanga do níos mó daoine,” arsa Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers.

Fág freagra ar '‘Cúis frustrachais é’ – díomá ar Aire Stáit na Gaeltachta faoi imeallú na Gaeilge le linn na paindéime'

  • Údarás neamhliteartha

    “É sin ráite, sílim go bhfuil buntáistí soiléire ag baint le cinntiú go bhfuil rochtain ag bord an Údaráis ar na scileanna teicniúla [atá ag teastáil]…

    An bhfuil Gaeilge líofa ar cheann de na gnéithe sin? Agus ábaltacht abairtí iomláine a scríobh? Mar ní cosúil go bhfuil na scileanna sin ag go leor den bhfoireann faoi láthair.

  • Bríd

    An bhfuil athbhreithniú déanta ar na pleananna teanga go dtí seo? Cé mhéid acu atá ag baint amach a gcuid spriocanna?

  • Brendan Keane

    Cathair agus Gaeltacht le chéile. Leis an teanga ar easpa san sráideanna, níl aon ciall I measc an phobal iargúltach go mbíonn an teanga beo san réimse nua. Ba chóir dúinn a bhunú fíor-áiteanna a chruinniú. Déan ball le ciorcal comhrá ar-líne agus socraigh a athghabháil na ionaid Gaelacha ligthe chun folamh san lár. Líon na coistí fhorbairt le fuinneamh nua agus cuir an teanga ar ais isteach an saol chathrach. Seo tiontóidh na óige iargúltach agus a dtuismitheoirí chun Ghaeilge arís.

  • Cualáin

    A Bhreandáin, leag as maith fear. Fág an plé acu siúd a bhfuil Gaeilge acu agus nach bhfuil ag braith ar “pop ups”. Ní ionann an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.