‘Níl aon réiteach draíochta ar na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht’ – Jack Chambers

In agallamh cuimsitheach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, pléann Jack Chambers a chéad bhliain mar Aire Stáit na Gaeltachta agus an tréimhse atá roimhe

‘Níl aon réiteach draíochta ar na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht’ – Jack Chambers

Deir Aire Stáit na Gaeltachta nach bhfuil “aon réiteach draíochta” ar na “dúshláin thromchúiseacha” atá roimh an teanga sa Ghaeltacht.

Ina chéad mhóragallamh faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, a fhoilseofar ar Tuairisc.ie amárach, nochtann Jack Chambers a chuid tuairimí faoi cheist na géarchéime teanga sa Ghaeltachta, córas na pleanála teanga, an bille teanga, toghchán Údarás na Gaeltachta agus an dul chun cinn atá á dhéanamh aige féin ó thaobh foghlaim na Gaeilge de.

Agus breis agus bliain caite aige mar Aire Stáit na Gaeltachta, deir Chambers gur cuma cé acu a n-úsáidtear nó nach n-úsáidtear an focal ‘géarchéim’ chun cur síos a dhéanamh ar an drochbhail atá ar an teanga sa Ghaeltacht.

D’fhiafraigh Tuairisc.ie den Aire Stáit cén fáth go mbíonn leisce ar airí Gaeltachta géilleadh don fhianaise go léir go bhfuil géarchéim teanga fiú sna ceantair Ghaeltachta is láidre.

“Tá a fhios ag na hAirí agus ag an Rialtas ina iomláine go bhfuil dúshláin thromchúiseacha os comhair réigiúin na Gaeltachta agus an teanga. Ní féidir le duine ar bith a shéanadh go bhfuil géarchéim theangeolaíoch sna ceantair Ghaeltachta is laige. Sna ceantair níos láidre, braitheann úsáid an fhocail ‘géarchéim’ ar do thuairim phearsanta.

“Ar an iomlán, is cuma úsáid nó gan úsáid an fhocail chun cur síos a dhéanamh ar sheasamh teangeolaíoch na gceantair Ghaeltachta níos láidre. Slí amháin nó slí eile, ní dóigh liom go n-athróimis na straitéisí fadtéarmacha atá á gcur i bhfeidhm againn chun dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht.”

Tabhair géarchéim uirthi nó ná tabhair, bheadh an cur chuige céanna ag an Rialtas, a deir Chambers.

“An rachaimis ar ais ar an bpróiseas pleanála teanga? An gcuirimis ar ceal na spriocanna dúshlánacha atá á leagan síos againn féin ar fud an Rialtais trí reachtaíocht na dTeangacha Oifigiúla a neartú agus a nascadh leis an bpróiseas pleanála teanga faoi stiúir an phobail? An ndéanfaimis maoiniú a atreorú ó Údarás na Gaeltachta, ó thionscnaimh theanga atá dírithe ar theaghlaigh, ó na healaíona teanga-bhunaithe, ó thumoideachas ag leibhéil luathbhlianta agus bunoideachais, ó fhorbairt phobail na Gaeltachta? Is cinnte nach ndéanfaimis.”

An cur chuige is fearr ná na cláir mhaoinithe atá ann a neartú, a deir Chambers, rud atá déanta ag an Rialtas le bliain anuas, dar leis. Deir an tAire Stáit nach aon dóithín é an Ghaeilge a shlánú mar theanga phobail.

“Níl aon réiteach gasta ar na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht – níl aon réiteach draíochta. Tá straitéisí fadtéarmacha fónta ag teastáil chun rudaí a athrú agus is é sin go díreach atá beartaithe agam, mar Aire, a dhéanamh le linn mo théarma oifige.”

Deir sé gur fiú comparáid a dhéanamh idir cás na teanga agus cás na timpeallachta.

Feictear dó nach dtabharfaidh aon rud amháin aghaidh ar na dúshláin atá roimh an teanga agus go bhfuil cás na Gaeilge sa Ghaeltacht “beagáinín cosúil le héiceachóras nádúrtha” dá bharr.

“Bainfidh laige le réimse amháin den éiceachóras iomlán. Ionas go n-éireoidh leis an teanga ar leibhéal an teaghlaigh, mar shampla, caitear tacú le deiseanna eacnamaíocha a chruthú i bhfoirm post, le córas maith oideachais, le húsáid fhorleathan na teanga sa phobal, le meáin bhríomhara a chothú.

“…Tá a fhios agam nach mise amháin atá ag déanamh na comparáide seo agus go bhfuil an dearcadh céanna ag daoine áirithe ar bhuail mé leo le linn mo chuid cuairteanna Gaeltachta. Seo rud a mbíonn dáimh ag daoine óga leis mar gheall ar a spéis san athrú aeráide agus sílim gur féidir linn an nasc sin a úsáid chun tionchar a imirt ar dhearcadh daoine óga i leith na teanga.”

Fág freagra ar '‘Níl aon réiteach draíochta ar na dúshláin atá roimh an teanga sa Ghaeltacht’ – Jack Chambers'

  • Deireadh ré do na Gaeil

    “An rachaimis ar ais ar an bpróiseas pleanála teanga?…. An ndéanfaimis maoiniú a atreorú ó Údarás na Gaeltachta”

    Déan.