Aire na Gaeltachta ‘ar dhomhan eile’ má tá sí ag cosaint easpa eolais i nGaeilge faoin bpaindéim – Ó Snodaigh

Tá leagan Gaeilge de phlean an Rialtais don phaindéim, Recovery and Renewal: The Path Ahead le foilsiú i nGaeilge inniu

Aire na Gaeltachta ‘ar dhomhan eile’ má tá sí ag cosaint easpa eolais i nGaeilge faoin bpaindéim – Ó Snodaigh

Tá leagan Gaeilge de phlean an Rialtais don phaindéim, Recovery and Renewal: The Path Ahead le foilsiú i nGaeilge inniu.

I mBéarla amháin a foilsíodh an plean an tseachtain seo caite agus tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil an scéala sin á fhiosrú faoi láthair ag an gCoimisinéir Teanga.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Aengus Ó Snodaigh, a rinne gearán leis an gCoimisinéir faoi phlean aonteangach an Rialtais, go bhfuil “praiseach iomlán” déanta d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ag an Stát.

An léiriú is déanaí air sin, a dúirt sé, gur fhoilsigh Roinn an Taoisigh i mBéarla amháin plean nua an Rialtais i leith comhairle agus srianta sláinte Covid-19.

Dar le Ó Snodaigh nach mbeadh an leagan Gaeilge á fhoilsiú inniu murach go raibh an Taoiseach Micheál Martin agus Aire Stáit na Gaeltachta le bheith ag labhairt faoi chúrsaí Gaeilge sa Dáil tráthnóna mar chuid de Sheachtain na Gaeilge.

“Cén mhaitheas a bhaineann le plé a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a leasú nuair nach bhfuil na forálacha atá san Acht cheana féin á gcur i bhfeidhm ar chor ar bith ag an Státchóras?” a dúirt Ó Snodaigh.

Mhaígh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin chomh maith gur cosúil go bhfuil Aire na Gaeltachta “ar dhomhan eile” agus í “ag maíomh” as póstaer faoi do lámha a ní a bheith curtha ar fáil i nGaeilge ag an Rialtas.

Bhí Ó Snodaigh ag tagairt don chosaint a rinne Aire na Gaeltachta Catherine Martin le déanaí ar an méid eolais faoin Covid-19 atá á chur ar fáil ag an Rialtas i nGaeilge ó thús na paindéime.

Mar fhreagra ar cheisteanna Dála scríofa a cuireadh uirthi faoi chás na Gaeilge i bhfeachtais eolais an Rialtais i leith an Covid-19, dúirt an tAire Catherine Martin gur ar an Roinn Sláinte agus ar Roinn an Taoisigh ba cheart na ceisteanna a chur.

Ach leag an tAire Martin amach na dualgais dhíreacha atá ar gach comhlacht poiblí i leith na teanga agus dúirt sí go dtuigtear di go bhfuil Roinn an Taoisigh agus an Roinn Sláinte “tiomanta do chomhairle sláinte phoiblí agus comhairle faoin bpaindéim go ginearálta a sholáthar i nGaeilge agus i mBéarla”. 

Ba é “ ríomhfhócas” a gcuid feachtas “ná an chomhairle chuí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Rialtais agus póstaeir comhairle sláinte poiblí agus leabhráin faisnéise a chur amach”.  

Sa fhreagra a thug Aire na Gaeltachta ar cheisteanna Dála Uí Shnodaigh, dúirt sí go mbíonn oifigigh a Roinne i dteagmháil go rialta le hoifigigh Roinn an Taoisigh agus na Roinne Sláinte “maidir le cúrsaí Covid agus an chumarsáid phoiblí a bhaineann leis”.

Ar na beartais atá ar bun ag an Rialtas mhaígh an tAire Martin go ndéantar suíomh an Rialtais gov.ie “a nuashonrú agus a aistriú go Gaeilge go rialta”.

Ó thús na paindéime, tá aird tarraingthe go minic ar a laghad eolais faoin Covid-19 a chuirtear ar fáil ar an suíomh sin agus ar cé chomh mór as dáta a bhíonn cuid den chomhairle sláinte phoiblí a fhoilsítear air. 

Gheall an Roinn Sláinte mí na Nollag, mar shampla, go gcuirfí an t-eolas maidir leis an vacsaín Covid-19 ar fáil i nGaeilge an t-am céanna a bhfoilseofaí i mBéarla é, ach in ainneoin go bhfuil roinnt ábhar ginearálta ar fáil i nGaeilge, níl an Straitéis Náisiúnta Vacsaínithe COVID-19 a foilsíodh dhá mhí ó shin ná aon staitisticí maidir le líon na vacsaíní a dáileadh go dtí seo ar fáil i nGaeilge.

Chomh maith leis sin, níl aon eolas nua i nGaeilge tugtha ón 8 Feabhra maidir le líon na gcásanna agus na mbásanna laethúla, coicís chun deiridh ar an eolas is deireanaí i mBéarla.

Luaigh an tAire Gaeltachta chomh maith ina freagra an leabhrán faoi Covid agus an póstaer faoi do lámha a ní a scaip An Post ar theaghlaigh an stáit.

“Ina theannta sin, cuireadh amach gach póstaer comhairle sláinte poiblí i mBéarla agus i nGaeilge agus roinneadh iad ar fud gach Roinn rialtais agus páirtithe leasmhara rialtais. Tá siad ar fáil freisin le híoslódáil ó shuíomh gréasáin an Rialtais (www.gov.ie) sa dá theanga le haghaidh úsáide príobháidí agus tráchtála,” a dúirt an tAire.

Mheas Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, go raibh an chuma ar fhreagra an Aire nár cheap sí go raibh fadhb ar chor ar bith ann ó thaobh an eolais a chuireann an Rialtas ar fáil faoin bpaindéim i nGaeilge.

“Cuireann sé iontas orm go háirithe nach bhfuil fiú aitheantas tugtha go raibh fadhb ann le beagnach bliain anuas i dtaobh eolas faisnéise sláinte a chur ar fáil i nGaeilge faoin bpaindéim,” arsa Ó Snodaigh.

“Tá sé ar nós go bhfuil an tAire agus an tAire Stáit ar dhomhan eile má tá siad den tuairim go bhfuil cúrsaí go breá mar gheall air seo.”

Dúirt Ó Snodaigh nach raibh an Rialtas sásta aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb atá ann agus scagadh déanta aige ar na samplaí a luaigh an tAire Martin.

“Luaigh siad suíomh gréasáin gov.ie agus go bhfuil nuashonrú agus aistriú déanta air sin go rialta le linn na paindéime, cé gur léiríodh go raibh tréimhse ansin idir Bealtaine agus Samhain 2020 go raibh an leagan Gaeilge fós ag moladh gan clúdach aghaidhe a chaitheamh fhad is a bhí a mhalairt á rá as Béarla.

“Ansin déanann siad tagairt don leabhrán faisnéise, cé go raibh an reachtaíocht teanga á sárú ag an rialtas ó thús nuair nár eisigh siad leagan Gaeilge den leabhrán sin go dtí mí i ndiaidh an leagain Bhéarla,” a dúirt Ó Snodaigh. 

“Agus má théann tú ar shuíomh idirlín an rialtais ag lorg na bpóstaer sin atá á moladh acu, beidh ort an teideal Béarla a lorg.” 

Luaigh Ó Snodaigh freisin a laghad fógraíochta i nGaeilge atá déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi Covid-19 ó thús na géarchéime.

“Shílfeá ag léamh na bhfreagraí sin nach raibh siad fiú ar an eolas go bhfuil fadhb bhunúsach ann, ach caithfidh go bhfuil mar tá muid de shíor á rá leo ó tháinig na fadhbanna seo chun tosaigh i mí an Mhárta,” a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go bhfuil “coir” á déanamh ag an Rialtas seo in aghaidh na Gaeilge. 

“Ní don chraic atá an reachtaíocht teanga ann: tá gá léi. Déanann sé dochar don teanga nuair atá an teachtaireacht ag cur ina luí ar mhuintir na Gaeltachta gan brath ar chomhairle sláinte nó faisnéis trí Ghaeilge.

“Agus muid ag brath ar chomhairle ón rialtas níos mó ná riamh faoi láthair agus an ghéarchéim sláinte i bhfeidhm, tá an rialtas ag cur brú as cuimse agus brú mídhleathach ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta iompú ar an mBéarla.,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Aire na Gaeltachta ‘ar dhomhan eile’ má tá sí ag cosaint easpa eolais i nGaeilge faoin bpaindéim – Ó Snodaigh'

  • S. Mac Muirí

    Thig le SF eolas na Roinne a fhoilsiú ar a suíomh idirín s’acu féin. Beidh siad in ann a mhaíomh feasta as ábhar éigin i nGaeilg a bheith crochta acu, rud nach bhfuil go sea.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Le blianta fada tá neamhaird iomlán á dhéanamh ag an roinn sláinte ar an Ghaeilg agus tá sé samhnasach. Tá fógraí Béarla a chraoladh go leanúnach ag RTÉ raidió1 fan Covid19 – níl ceann ar bith acu i nGaeilg!

    Chonaic mé treoirleabhar Gaeilge a raibh baint aige le sláinte sáite istigh le treoirleabhair i dteangacha eachtranacha eile ar shuíomh gréasáin FSS – agus tús áite ag an leagan Béarla! Cuimhnigh gurb í an Ghaeilg chéad teanga na tíre agus ceann de na 3 teangacha oifigiúla – agus í i bhfolach istigh le teangacha eile!

    COINNÍOLL GAEILGE DON GHAELTACHT ANOIS!!