Hum, meas tú an mbím róchosúil le máistir scoile sna colúin seo?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: mheabhraigh rud a bhí le rá ag Máire Ní Fhinneadha ar an suíomh seo le gairid dár gcolúnaí go ndearna sé dearmad ar ráiteas séanta a chur leis an gcomhairle a bhíonn aige sa tsraith seo

Hum, meas tú an mbím róchosúil le máistir scoile sna colúin seo?

Agus léirmheas Mháire Ní Fhinneadha ar Saighdiúir, an t-úrscéal nua le Cathal Ó Searcaigh, á léamh agam an lá cheana tháinig mé ar an abairt seo:

‘Más deisceabal thú don chomhairle faoin scríbhneoireacht chruthaitheach ar an suíomh seo, glac misneach mar cruthaíonn Cathal Ó Searcaigh san úrscéal seo gur féidir leis an gceardaí a rialacha féin a chumadh gan dochar dá ealaín.’

Hum, a shíl mé liom féin, meas tú an mbím róchosúil le máistir scoile sna colúin seo?

Le mí nó dhó anuas, tá mé tar éis sracfhéachaint a thabhairt sa tsraith seo ar chuid de bhunghnéithe na scríbhneoireachta ficsin. Ach rith sé liom i ndiaidh dom an méid a bhí le rá ag Máire a léamh go ndearna mé dearmad ráiteas séanta a chur ag tús na sracfhéachana sin: gurb iad mo dhearcthaí féin ar ‘rialacha’ na ceirde a bhíonn á roinnt agam sa tsraith seo, agus nach gá gurb ionann iad agus na dearcthaí a bheadh ag scríbhneoirí eile.

Thug mé a leithéid de ráiteas séanta ag tarraingt ar ocht mbliana ó shin nuair a chuir mé tús le ‘Léamh agus Scríobh’ an chéad lá riamh, ach cé a chuimhneodh air sin anois? Agus cá bhfios nach raibh cuid de léitheoirí na sraithe seo fós ar an mbunscoil an tráth sin.

Tá mé faoi chomaoin ag Máire mar sin gur tharraing sí m’aird ar ghné de mo chuid scríbhneoireachta féin a ndéanaim iarracht a choinneáil faoi smacht ach a thagann chun solais de m’ainneoin féin ó am go chéile: glór an mháistir scoile. (Saintréith theaghlaigh atá sa mhéid sin faraor: múinteoirí a bhí i mo bheirt tuismitheoirí agus i gcuid mhór gaolta ar thaobh m’athar.)

Ar ais chuig an scríbhneoireacht chruthaitheach.

Táthar ann a déarfadh nach bhfuil rialacha sa cheird seo ar chor ar bith agus gur scríbhneoireacht leamh, den chineál ‘péinteáil de réir uimhreacha’ an toradh a bhíonn ar chúrsaí agus ar cheardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach.

Ach táimse den tuairim gurb ann do bhunphrionsabail áirithe sa cheird, treoracha maidir le peirspictíocht, struchtúr, stíl, glór, caint agus mar sin de, comhairle atá bunaithe ar thaithí na gcéadta bliain agus na mílte scríbhneoir (agus ní gá go mbeidís sin ar aon tuairim faoi chuile shórt – go deimhin is é a mhalairt a tharlaíonn.)

Tá an ceart ar fad ag Máire nuair a deir sí gur féidir leis an gceardaí a rialacha féin a chumadh gan dochar a dhéanamh dá ealaín. Ach chuige sin, dar liom féin, go gcaithfeá a bheith i do cheardaí ar dtús. (Ar eagla na míthuisceana: gan dabht ceardaí den scoth is ea Cathal Ó Searcaigh agus taithí na scórtha bliain aige i mbun pinn. Níl Saighdiúir léite agam fós agus ar an gcúis sin ní féidir liom tuairim a thabhairt maidir leis na rialacha a chum nó a bhris sé sa saothar sin.)

Lánchead ag an gceardaí a chuid rialacha féin a chumadh mar sin, ach ní gá don té atá ag tosú amach cosa crainn a chur faoi chearc, nó ‘an roth a athchumadh’ mar a déarfadh an té a bheadh tugtha don Bhéarlachas.

Tá comhairle na mílte scríbhneoir ar fáil – go díreach, i gcás comhairle den sórt seo, nó go hindíreach, ina gcuid úrscéalta, gearrscéalta, drámaí, dánta, scripteanna scannáin nó amhrán. An t-aon rud gur chóir a choinneáil i gcuimhne i gcónaí ná nach lia scríbhneoir ná tuairim, agus nach mbíonn i gcomhairle ar bith ach dearcadh duine amháin.

Fág freagra ar 'Hum, meas tú an mbím róchosúil le máistir scoile sna colúin seo?'