Leabhar lán d’uafás agus de phrós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite – úrscéal nua Chathail Uí Shearcaigh

Cruthaíonn Cathal Ó Searcaigh i ‘Saighdiúir’ gur féidir leis an gceardaí a rialacha féin a chumadh gan dochar dá ealaín

Leabhar lán d’uafás agus de phrós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite – úrscéal nua Chathail Uí Shearcaigh

Saighdiúir
Cathal Ó Searcaigh
Leabhar Breac €16

A leithéid d’úrscéal! Caoinfidh tú, gáirfidh tú, spréachfaidh tú, bainfear an mothú asat, cuirfear fonn múisce ort ach i lár an uafáis léifidh tú prós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite, chomh glé leis an ealaín is taibhsí agus chomh grinn leis an gceamaradóireacht is cruthanta.

Ní bhfaighidh tú ann gal is gaisce na bhFiann ná culaith ghaisce ar shléacht.

Más deisceabal thú don chomhairle faoin scríbhneoireacht chruthaitheach ar an suíomh seo, glac misneach mar cruthaíonn Cathal Ó Searcaigh san úrscéal seo gur féidir leis an gceardaí a rialacha féin a chumadh gan dochar dá ealaín.

Fear óg agus a chomrádaí cléibh as Gaeltacht Chloich Chionnaola a thug a n-aghaidh ar an gcéad chogadh mór lán le macnas is muinín na hóige go bhfeicfidís cuid d’iontais an domhain mhóir. Ní hionann agus a lán eile, bhí slí bheatha sa mbaile ag an mbeirt agus gan aon tuiscint acu ar chogadh ná trinsí.

Tá mise mionnaithe in aghaidh chuile shaothar páir ná físe a bhaineann le cogaí is marú agus is iomaí uair a chaith mé uaim an leabhar seo agus uafáis is mídhaonnacht na cogaíochta á léamh agam agus an dá arm ógánach saonta “ar maos i bpeaca na fola” agus na fir bhochta mar “ciaróga bualtraí” go bolg sa gclábar agus putóga is feoil a gcomrádaithe, iad ite ag dreancaidí is céasta ag francaigh. Ag ramhrú ar ‘déantúsaíocht an bháis’ a bhí aicme eile daoine go cluthar.

Is iontach go deo an taighde atá déanta ag an údar ar an gcogadh mór agus na heachtraí éagsúla a tharla ach toisc gur sa gcéad phearsa ó bhéal an tsaighdiúra Maitiú Mac Suibhne a insítear an scéal, níl blas tur staire ar an ábhar.

Céard a thug orm leabhar ina raibh ár uafar a chríochnú? Ná bíodh aon imní ort ní taobh le cogaíocht atá an leabhar seo. Tá cuntais is ailt sa leabhar seo atá lán le filíocht – bíodh sin faoin dúlra, faoin tírdhreach nó faoi dhaoine. Níl ríochan leis an údar seo ag cur síos ar dhaoine, a dtréithe agus a ndreach, daoine geanúla agus daoine gránna. Tá Gaeilge [Gaeilic ag Cathal], Béarla, Ultais, smeadar Fraincise agus ualach canúintí éagsúla sa leabhar mar scríobhtar an rud a thagann as béal an té atá ag caint agus tá cluas agus ceol an fhile ag an údar. Is amhlaidh a neartaíonn an Béarla nádúrtha an scéal agus an t-atmaisféar domsa.

I lár an áir tá dea-chaint go leor atá fíorbharrúil is a fhágfas sna trithí thú. Driscoll bocht, dugaire agus ceardchumannaí as Baile Átha Cliath atá san arm le plaic a chur ina bhéal agus a phost ar na dugaí caillte aige, agus an iomarca fad ar a theanga do bhoic mhóra an airm. Is dona a chuaigh an scéala faoi Éirí Amach 1916 agus ar lean don chréatúr dár thug mé gean.

Ní don Fhrainc ná don Bheilg amháin a thugann an t-údar muid ach abhaile go Tír Chonaill mar a dtáinig sé ar saoire tar éis a ghonta. Cuid den scéal seo tionchar agus deireadh ré an Tí Mhóir agus a dhream, réiteach na n-óglach do chogadh na saoirse, sotal na cléire agus saol agus meon an phobail sna blianta sin. Thar aon rud eile tá áilleacht na háite agus míorúiltí an nádúir mar íocshláinte choirp agus intinne ag an bhfear óg agus ag an léitheoir.

File, fealsamh is smaointeoir é an saighdiúir meabhrach seo a bhfuil col aige leis an riastradh catha a bhuaileann cuid den lucht ceannais agus arbh léir dó gan mhoill nach raibh sna mílte míle ógánach saonta ‘ach sceacha i mbearna leis an namhaid a bhlocáil’.

Is dona a thagann lucht ceannais is céime as an scéal, saol an mhadaidh bháin acu, scoth na beatha agus an fhíona i bhfad ón líne thosaigh, ó ghangrene is uisce foirgthe. Is mór ag an Suibhneach an bráithreachas sna trinsí idir saighdiúirí ón ‘dá thraidisiún’, mar a deirtear na saolta seo, agus iad i muineál a chéile sa mbaile ar an oileán comhroinnte. Léirítear sin go hálainn sa gcairdeas idir é féin agus an feilméara óg, William Craig na hUltaise.

Comrádaí liom a bhíonn ag ‘teagasc’ ceird na scríbhneoireachta níl aon ghlacadh aige leis gur úrscéal é Saighdiúir mar go bhfuil iomarca ‘seachbhóithre’ faoi ghnéithe ‘seachtracha’ ann nach dual don úrscéal agus ab fhearr a d’fheilfeadh do bheathaisnéis.

Cré na Cille, Ulysses, nár leagadh an peaca céanna orthusan agus nach breá an léamh iad? Uan ag múineadh méilí dá mháthair mo fhreagra ar shaineolaithe a thachtfadh an cruthaitheoir le laincisí is rialacha. Is gaire dúinn an Suibhneach sna píosaí a ghearrfadh mo chara ná sna tuairiscí gléineacha ar an mbúistéireacht gan chéill.

Tugadh sosanna do na saighdiúirí ó na trinsí lena scíth a ligean, agus thug sin faoiseamh ón ár don léitheoir le héalú leis an údar ag breathnú ar ailtireacht is feilmeacha scriosta, píosaí filíochta is litríochta a bhlaiseadh, agus a dhearcadh ar an saol a thuiscint.

Scian sa mbolg an t-úrscéal seo agus fios agam go bhfuil an amaidí chéanna fós ar siúl agus le feiceáil ar an scáileán againn chuile oíche agus daoine bochta á marú le saibhreas is glóir a dhéanamh don bheagán. Agus an leabhar á léamh agam chinn orm clár faisnéise iontach a rinne Mairéad Ní Chuaig do RnaG blianta ó shin a chur as mo chloigeann. Fear óg as Glionnán i gConamara a thit i lár an áir agus a bhean ghaoil ag cuartú a uaighe i bhfad ó bhaile le tom fraoigh a dhúchais a leagan uirthi.

Nach iontach go bhfuil Cathal Ó Searcaigh tar éis scéal an fhir óig sin agus an 20 milliún duine eile atá ina n-aoileach ar bhánta na fola a inseacht ina dteanga féin? Leacht Gaelach do na fir óga shaonta a chuaigh san arm Gallda ar son péire bróg agus cóta mór. Tá sliocht ailtirí an tsléachta fós ar an stiúir agus iad ceanúil go maith ar arm is éiric.

Leabhar ar leith a léifeas tú níos mó ná uair amháin.

Fág freagra ar 'Leabhar lán d’uafás agus de phrós atá chomh hálainn leis an bhfilíocht is snoite – úrscéal nua Chathail Uí Shearcaigh'

  • Sadhbh de Paor

    Cé gur bhain mé taitneamh as an leabhar, is trua go bhfuil sé breac le botúin chló agus teanga (sa Bhéarla, Gaeilge agus Fraincis). Tá an chuma air nach ndearnadh eagarthóireacht cheart air, rud nach mbeinn ag súil leis ó Leabhar Breac. Tá roinnt mhaith clichéanna ann freisin i dtaobh an chogaidh – an gá é a mheabhrú dúinn gach cúpla leathanach gur damanta an rud í an chogaíocht? Shíl mé gur leor an cur síos ar uafáis na cogaíochta chun é sin a chur in iúl…

    Arís, bhain mé an-súp as an leabhar agus is é an t-úrscéal is fearr Gaeilge atá léite agam le tamall, ach ag an am céanna feictear dom go bhfuil drogall ar léirmheastóirí na Gaeilge aird a tharraingt ar lochtanna nó laigí an leabhair atá á léirmheas acu. Agus ní fhéadfaí ach na botúin chló/teanga iomadúla a thabhairt faoi deara sa leabhar seo. B’iontach an rud é dá gceartófaí iad in aon eagrán nua a bheidh ann amach anseo.

  • Carraig53@protonmail.com

    Léigh mé an leabhar seo agus dar liom gur tour de force é. Aontaím le SdP gur chóir profú i bhfad níos grinne a dhéanamh ar shaothair mar seo. Milltear mórán leabhar Gaeilge dá ndeasca. Goilleann siad ar an údar níos mó ná éinne eile, ní foláir.

  • Carraig53@protonmail.com

    Ar mhiste le SdP roinnt samplaí de na botúin chló a thabhairt óir, le fírinne, níor thug mé an oiread sin acu faoi deara.

  • Sadhbh de Paor

    Seo roinnt samplaí fánacha duit, a Charraig:
    ‘go dásachta (sic) dána’ (lch. 118)
    ‘ná cur (sic) bréag ar na mairbh’ (lch. 118)
    ‘comharthaí treoracha (sic)’ (lch. 119)
    ‘chomh inchreidte (sic) sin’ (lch. 124)
    ‘De bharr an moilleadóireachta (sic), ghlac sé cúig huaire déag orainn Boulogne a baint amach (sic)’ (lch 205).
    ‘Vinginia (sic) Wolf’ (lch. 208).
    ‘d’ainneoin an tochas (sic)’ (lch. 211).

  • Carraig53@protonmail.com

    SAIGHDIÚIR
    RÚN BUÍOCHAIS lch 308
    “Mo bhuíochas le Mícheál Ó Domhnaill as a chúnamh. Bhí a chomhairle i gcónaí fiúntach agus fónta agus é ag plé leis na heisceachtaí LITRITHE agus CAINTE atá i gcanúint na háite seo.”

  • Pádraig

    Thug mé féin roinnt botún faoi deara freisin (cé nach dóigh liom go bhfuil sé ‘breac’ le botúin, faoi mar a mhaíonn Sadhbh). Ní haon ionadh dom nár luaigh na léirmheastóirí na botúin úd áfach – tá cineál omertà
    ann i saol na Gaeilge ó thaobh a leithéid, rud a thuigim go pointe mar níltear ag iarraidh binbeas nó naimhdeas a chothú i bpobal chomh beag (agus aithne ag gach duine ar a chéile). Ach is maith an fóram é Tuairisc.ie chun an omertà sin a bhriseadh, tá súil agam. Agus má tá go leor botún ann, níor cheart an méid sin a cheilt – táim cinnte go gcuirfidh an t-eagarthóir iad ina gceart sa chéad eagrán eile ar aon nós.

  • Sadhbh de Paor

    Chuir mé roinnt samplaí de na botúin a bhí i gceist agam anseo aréir ach níl siad le feiceáil go fóill – ní thuigim cén fáth. An é go bhfuil eagarthóirí Tuairisc.ie ag iarraidh cuma an amadáin a chur orm agus go gceapfadh daoine nach féidir liom tacú leis an méid atá á mhaíomh agam faoi leabhar?