Díbirt Dé – fágfaidh conspóidí creidimh a lorg ar an Ghaeilge

FRIOTAL: Is fada an teanga á lúbadh ag lucht na Gaeilge le go bhfóirfeadh sí dá ndearcadh creidimh féin, a deir ár gcolúnaí

Cartún

Níl aon lagú ar an chogadh cultúir idir lucht creidimh agus lucht díchreidimh, coimhlint atá i ndiaidh a lorg a fhágáil ar theangacha an domhain. Bíonn lucht an Bhéarla ag plancadh a chéile i dtaobh leaganacha mar Xmas (bealach slítheánta chun Críost a shéanadh, dar le dream) agus Intelligent Design (bealach slítheánta chun Teoiric na hÉabhlóide a shéanadh, dar le dream). Ní thiocfaidh an Ghaeilge slán ar na conspóidí friotail seo. Ní hamháin go ndéantar cuid de na leaganacha seo a aistriú (Ceapadh Meabhrach, mura miste leat), ach bíonn cinneadh le déanamh i dtaobh gnéithe den ghnáthúsáid a ndéantaí talamh slán díobh riamh go dtí seo.

Míthuiscint choitianta i measc daoine nach bhfuil Gaeilge acu ná go bhfuil ualach tagairtí creidimh sa teanga sin thar theangacha eile an domhain. In alt a scríobh Lisa McInerney, údar The Glorious Heresies, luaigh sí an beannú ‘Dia duit’: ‘you can’t even say hello in your native tongue without invoking The Man Above.’ De réir na tuisceana sin, is teanga fhíorchráifeach í an Ghearmáinis lena Grüss Gott. Le fírinne, is fíorannamh a chluinim ‘Dia duit’ ar na saolta seo, ach ‘haigh’ agus ‘heileo’.

Is fada an teanga á lúbadh ag lucht na Gaeilge le go bhfóirfeadh sí dá ndearcadh creidimh féin. In An Béal Beo, luaigh Tomás Ó Máille cainteoirí Protastúnacha a bhí in amhras faoi chultas na Maighdine Muire. Ba é an freagra a bhíodh acu ar ‘Go mbeannaí Dia duit’ ná ‘Go mbeannaí an Fear Céanna duit’ – réiteach cliste, múinte. Dar ndóigh, ní ‘ainm baiste’ a bhíonn ar fhoirmeacha iarratais níos mó, ach ‘céad ainm’.

Ar éigean a chuirfeadh a leithéid sin isteach ar aon duine ach cad é a déarfá leo siúd a dhiúltaíonn ceannlitir a chur i dtús an fhocail ‘Dia’? Tharla go raibh plé agam, i mo cháil eagarthóra, le scríbhneoir a chleacht an ‘d’ beag agus a bhí thar a bheith teann ina thaobh. Cén fáth a ndéanfadh sé a mhalairt, a dúirt sé, nuair ba mhar a chéile aige déithe na Lochlannach agus déithe na gCríostaithe agus déithe na Hiondúch? Comhartha ómóis atá sa cheannlitir sin, dar leis, a ardaíonn neach osnádúrtha amháin thar neacha eile. I dtéarmaí gramadaí a réitíomar an cás: más ainm dílis atá ann, is fiú ceannlitir é. Ní thugaim isteach d’Áslan ná do Chailleach na gCearc, ach géillim don choinbhinsiún litrithe.

Tharla uair nó dhó gur úsáideadh an téarma ama Common Era i dtéacsanna Béarla a bhí le haistriú agam. Goilleann an leagan sin ar Chríostaithe áirithe, nó is é breith Chríost túsphointe an bhliainchórais. Go deimhin, ba ghnách An Ré Chríostaí a thabhairt air go dtí le gairid. Ní locht fealsúnachta, ach locht stíle atá agamsa ar na leaganacha Gaeilge: Comh-Ré agus Roimh Chomh-Ré. Glacfaidh sé tamall ar léitheoirí Gaeilge dul i dtaithí ar abairtí mar seo, má théann choíche: ‘Meastar gur tógadh Sí an Bhrú 3,200 Roimh Chomh-Ré.’

Déanaim amach go dteipfeadh ar iarracht chomhfhiosach chun tagairtí creidimh a ruaigeadh as teanga ar bith. I gcead do dhiachaithe agus d’aindiachaithe, beidh an scríbhneoir seo ag tabhairt tús áite don ghnáthúsáid nádúrtha.

-Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'Díbirt Dé – fágfaidh conspóidí creidimh a lorg ar an Ghaeilge'

  • Eoin Ó Riain

    Is téarma beannachta Chríostaíochta é “Goodbye!” sa Bhéarla chomh maith – (God be wi’ye!)

    • Seán Ó Riain

      Tá an ceart ag Eoin. Agus ní chloisim Béarlóirí ag éirí as “goodbye” a rá i ngeall air sin!

  • sean@hotmail.com

    Go mbeannaí na déithe.na Déithe dhuit mar sin, gach uile Dhia-dhuine acu.
    Agus naoimh uile na hÉireann agus mé féin.
    ‘Go mbeannaí Dia dhuit’…….
    ‘Go mba hé dhuit.’…….?

  • Simon Ó Faoláin

    In ainm Chroim!

  • John

    Beadsa ag geilleadh do nosanna na gcainteoiri is liofa, an chaint is nadurtha ar nos Antain. Nil aon Ghaeilge dhuchais ata glan ar Dhia cloiste agam go dti so, a bheadh chun mo shastachta ina raon. Mas aindiagai me, geillim fos do mhianach na teanga is deanta na firinne is mo idir Dia agus ‘God’. Na daoine is mo a mhaionn go bhfuil an iomairce creidimh sa teanga taid ag tabhairt fe de reir slat tomhais an Bhearla, agus ni cainteoiri duchais iad (go minic). Is trom an focal ‘God’ i mBearla, ach nil an oiread ceanna ualaigh ag roinnt leis an bhfocal Dia dar liomsa. Is tha suil agam na beidh an bru san amach anso de bharr iarracht na mBearloiri. Taid chomh holc ceanna leis na Criostaithe a dhein iarracht an phagantacht a ruaigeadh as an dteanga!

  • Seán Ó Riain

    Aontaím go hiomlán le John. Ní hionann “Dia” agus “God” an Bhéarla, agus ní ceart nósanna an Bhéarla a bhrú ar an nGaeilge. Focal Béarla is ea “haigh”, focal gan bhrí gan dealramh, agus comhartha droch-Ghaeilge, leis!