Cúig mholadh faoin scríobh sa teas ó scríbhneoir a bhfuil cónaí air sna tropaicí!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: comhairle don scríbhneoir a bheadh ag streachailt leis an teas

Cúig mholadh faoin scríobh sa teas ó scríbhneoir a bhfuil cónaí air sna tropaicí!

Tá Éire faoi gheasa ag tonn teasa. Seo comhairle don té a bheadh ag streachailt le peann a chur le páipéar na laethanta seo – ó scríbhneoir a bhfuil cónaí air sna tropaicí!

  1. Déan nós den mhochéirí. Bí ag scríobh go luath ar maidin, sula mbíonn an ghrian i mbarr na spéire. Ag a seacht a’ chlog ar maidin a scríobhadh an colún seo. Buntáiste breise: beidh tú in ann an chuid eile den lá a chaitheamh ar an trá gan do choinsias a bheith do do chéasadh! 
  2. Nó, a mhalairt ar fad, tar i dtír ar an teas agus téigh i mbun pinn ag an am is teo sa lá! Seans nach n-oibreoidh an cleas seo do chuile dhuine, ach oibríonn sé domsa. Tar éis am lóin, mo bholg lán agus marbhtheas an ardtráthnóna do mo phlúchadh, tagann saghas bogmhasmas orm a dtagann mo shamhlaíocht i dtír air. An néal sin orm (ach pota caife le mo thaobh ar eagla go bhfaigheadh an codladh an ceann is fearr orm) cuirim peann le páipéar. An chéad rud eile, beidh trí nó ceithre leathanach scríofa agam.
  3. Cuimhnigh nach ag an deasc amháin a bhíonn an scríbhneoir i mbun oibre. Tagann an tsamhlaíocht i dtír ar aclaíocht réidh, sheasta. Gabh amach ag siúl, ag rothaíocht, ag snámh. Ach bí cinnte go mbeidh leabhar nótaí nó guthán póca in aice láimhe (nó ar an trá) chun pé smaointe a bhuailfeadh thú a bhreacadh síos!
  4. Cuimhnigh gurb í an léitheoireacht leathchúpla na scríbhneoireachta. Ní mór don scríbhneoir a bheith ag léamh seasta – ach tharlódh go dtiocfadh glór údar eile salach ar do stíl shainiúil féin agus tú i mbun pinn. Agus an ghrian ag doirteadh anuas ar Éirinn, cuir peann agus páipéar i leataobh agus tapaigh an deis chun tabhairt faoin gcarn leabhar sin a bronnadh ort aimsir Leabhra Feabhra!
  5. Agus ar deireadh, más i nGaeilge a bhíonn tú ag scríobh, cuimhnigh go bhfuil leaganacha cainte eile ann seachas ‘bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch’ agus tú ag tagairt don teas!

Fág freagra ar 'Cúig mholadh faoin scríobh sa teas ó scríbhneoir a bhfuil cónaí air sna tropaicí!'