‘Is fuaire leaca ifrinn!’ – do ghluais Ghaeilge don tonn teasa!

Ní i dtaobh leis an ‘lá breá’ amháin atá an Gaeilgeoir agus é ag cur síos ar an tonn teasa atá buailte linn

‘Is fuaire leaca ifrinn!’ – do ghluais Ghaeilge don tonn teasa!

Pictiúr: Rollingnews.ie

‘Lá breá brothallach a bhí ann agus bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch…’

Is iomaí duine a d’fhoghlaim abairtí dá leithéid ar scoil agus go deimhin thiocfadh an ‘Lá breá’ chomh minic chun a bhéil ag an gcuairteoir a thagadh go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne ag foghlaim na Gaeilge gur ‘Lá breá’ a thugadh muintir na háite air.

Ach níl aon bhaol gur i dtaobh leis an ‘lá breá’ amháin atá an Gaeilgeoir agus é ag cur síos ar an tonn teasa atá buailte linn.

Tá an lá beirithe nó an lá bruite ann agus d’fhéadfá a rá na laethanta seo go bhfuil sé ina theaspach dearg, ina loscadh rua, ina bheirfean teasa nó ina scalán teasa.

Agus an ghrian ag scalladh, ag lonradh nó ag doirteadh anuas orainn an tseachtain seo, d’fhéadfaí a rá go bhfuilimid bruite dóite ag an teas marfach nó go bhfuilimid dár róstadh aige.

Tá an lá tagtha go bhfuil gnó ag an mbó dá heireaball agus ráineodh go mbeadh fíbín ar bheithígh Chonamara le teas as seo go ceann seachtaine, nó go mbeadh a macasamhail ó dheas ag rith le brothall.

D’fhéadfadh an duine a bheith ag rith le brothall chomh maith agus más fút bolg le gréin a dhéanamh an tseachtain seo, ná spáráil an t-uachtar gréine.

Is fuaire leaca ifrinn, a déarfadh an té atá sleabhctha ag an teas nó ag an mbrothall, an ghrian ag scoilteadh na gcrann agus an préachán ag cur a theanga amach.

Nuair a bhíonn grian scallta nó loiscneach ann, bítear ag trácht chomh maith ar spailp thriomaigh nó loisceadh triomaigh, nó spalladh triomaigh. Ní maith an lá brothallach chun coisíochta, ach is iontach é ar an bportach. Sin mura ndéanann an loisceadh triomaigh críonach den mhóin!

Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin, a deirtear, ach is maith an cúnamh an lá breá.

Fág freagra ar '‘Is fuaire leaca ifrinn!’ – do ghluais Ghaeilge don tonn teasa!'