Ceist an tumoideachais éigeantaigh ag cothú aighnis sa Bhreatain Bheag

Agus figiúirí nua daonáirimh á bplé sa Senedd d’éirigh idir Céad-Aire na Breataine Bige agus ceannaire Plaid Cymru

Ceist an tumoideachais éigeantaigh ag cothú aighnis sa Bhreatain Bheag

Tá ceist an tumoideachais éigeantaigh ag cothú aighnis sa Bhreatain Bheag, mar a bhfuil díospóireacht mhór ar siúl faoi fhigiúirí nua a léirigh go bhfuil níos lú cainteoirí Breatnaise ann ná mar a bhí riamh.

Léirigh figiúirí daonáirimh a foilsíodh an tseachtain seo go raibh laghdú 24,000 ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus go raibh laghdú i gceist fiú i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga.

Tá ceist an oideachais lán-Bhreatnaise go mór sa treis sa phlé atá ar siúl le roinnt laethanta anuas faoi mheath na teanga agus d’éirigh sa Senedd idir Céad-Aire na Breataine Bige agus ceannaire Plaid Cymru.

Agus díospóireacht á déanamh faoi na figiúirí nua dúirt an Chéad-Aire, Mark Drakeford nach mbeadh aon ghlacadh ag an Rialtas ná Páirtí an Lucht Oibre leis an “oideachas lán-Bhreatnaise éigeantach” mar gurb amhlaidh “go scoithfeadh sé amach” ón teanga daoine a bhí báúil léi.

Ba é ceannaire Plaid Cymru, Adam Price, a mhol an t-oideachas lán-Bhreatnaise do chách mar leigheas ar an drochscéal sa daonáireamh.

Dúirt Price gur léirigh na figiúirí nua go bhfuil ag teip ar chuid lárnach de pholasaí Rialtas na Breataine Bige – go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoi 2050.

“Ach oiread leis an athrú aeráide, ní hionann anseo dea-thoil a bheith ann agus spriocanna a chur i gcrích. Mar sin, nach é an freagra is fearr ar scéala an lae inniu ná a chinntiú sa bhille oideachais Breatnaise atá á bheartú go mbeadh clár ama ceart soiléir ann maidir le hoideachas lán-Bhreatnaise a bheith ar fáil do gach páiste sa Bhreatain Bheag?”

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an Chéad-Aire, Mark Drakeford, go raibh na torthaí daonáirimh “casta” agus go mba ghá am a chaitheamh i mbun anailíse a dhéanamh orthu.

Dúirt sé gur níos lú tacaíochta don teanga an toradh a bheadh ar an oideachas lán-Bhreatnaise do chách.

“Ní hé an t-oideachas lán-Bhreatnaise do chách an réiteach ar chás na Breatnaise sa Bhreatain Bheag. Fágfaidh sé daoine scoite amach ón teanga. Céim ar gcúl a bheidh ann don teanga, ní céim chun tosaigh.

“Anois, tá lánchead agatsa é a bheith mar pholasaí agat féin, más mian leat, ach táim an-soiléir faoi, chomh soiléir agus is féidir liom a bheith, ní hin an polasaí a bheidh ag Rialtas na Breataine.”

Dúirt ceannaire Plaid Cymru Adam Price, go raibh “an-díomá” air le freagra an Chéad-Aire. Dúirt sé gur glacadh leis 10 mbliana ó shin go raibh a raibh i ndán don Bhreatnais idir dhá cheann na meá.

Dúirt Drakeford gur duine “níos dearfaí” é féin ná lucht Plaid Cymru agus chuir an Chéad-Aire i leith an pháirtí sin gur scéal chailleach an uafáis a bhíonn acu i gcónaí faoin méid is féidir leis an mBreatain Bheag a bhaint amach.

Dúirt an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith an tseachtain seo go gcaithfeadh Rialtas na Breataine dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath.

Oideachas lán-Bhreatnaise do chách agus rialacha nua a thabharfadh tús áite do mhuintir na háite i dtaobh cúrsaí tithíochta an dá ghníomh ba mhó a theastaigh, a dúradh.

Sa bhliain 2021 bhí 538,000 cainteoir Breatnaise ina gcónaí sa Bhreatain Bheag, 17.8% den daonra, i gcomparáid le 562,000 in 2011, nó 19%.

De réir na bhfigiúirí nua a d’fhoilsigh an Oifig Náisiúnta Staitisticí inné bhí baint mhór ag an laghdú ar an líon daoine óga idir 3-15 bliain a labhraíonn an Bhreatnais leis an laghdú ar líon na gcainteoirí idir 2011-2021.

Bhí laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise sna deich mbliana roimhe sin chomh maith agus léiriú atá sna figiúirí ar a uaillmhianaí is atá plean rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoi 2050.

Dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige gur léirigh na figiúirí daonáirimh go gcaithfidh na húdaráis oideachais níos mó a dhéanamh chun an Bhreatnais a spreagadh.

Agus í ag trácht ar na torthaí is déanaí, dúirt Coimisinéir na Breatnaise, Gwenith Price, go raibh iarracht níos mó ag teastáil ó Rialtas na Breataine Bige chun cur le líon na gcainteoirí Breatnaise agus go háirithe ó na húdaráis oideachais.

Agus é ar cuairt ar Éirinn i mí Dheireadh Fómhair seo caite, mhol Céad-Aire na Breataine Bige gur cheart d’Éirinn tuilleadh muiníne a chur sa tumoideachas chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Dúirt Mark Drakeford nár éirigh go rómhaith leis an mBreatain Bheag ó thaobh teagasc na Breatnaise nó gur cuireadh go mór le líon na scoileanna lán-Bhreatnaise.

Tá oideachas lán-Bhreatnaise á chur ar thart ar 24% de dhaltaí na Breataine Bige.

In Éirinn, 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge agus níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.6% de dhaltaí iar-bhunscoile an Stáit.

De réir anailís a rinne Tuairisc.ie anuraidh is ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go raibh scagadh á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisinéir Teanga ar ghearán a rinne Conradh na Gaeilge lena oifig faoi easpa scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais le déanaí tuarascáil a léirigh nach ndeachaigh ach 35.7% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Ceist an tumoideachais éigeantaigh ag cothú aighnis sa Bhreatain Bheag'