Tá 21 contae ann ina dtéann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge

Ní bhíonn deis ag 18% de dhaltaí gaelscoile an stáit dul ar aghaidh go dtí gaelcholáiste ina gcontae féin mar nach bhfuil a leithéid ann

Tá 21 contae ann ina dtéann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge, de réir figiúirí nua.

De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae.

Tá na figiúirí nua ar fáil sa tuarascáil nua de chuid na Roinne Oideachias, Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar a bhfuil mioneolas ar faoi staid an ghaeloideachais faoi láthair. Tá na figiúirí áirithe seo bunaithe ar an 4,723 dalta a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an Stáit i Meitheamh 2020 agus cá ndeachaigh siad i ndiaidh an bhunleibhéil.

Is iad na contaetha ina dtéann an céatadán is mó daltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí gaelcholáiste ná Ceatharlach (68.9%), Muineachán (62.7%), Baile Átha Cliath (57.3%), Luimneach (56.2%) agus Cill Mhantáin (54.1%).

Líon agus céatadán na ndaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí gaelcholáiste

Contae Daltaí %
Baile Átha Cliath 740 57.3%
An Cabhán 0 0.0%
Ceatharlach 42 68.9%
Ciarraí 42 42.0%
Cill Chainnigh 8 16.0%
Cill Dara 114 31.3%
Cill Mhantáin 119 54.1%
An Clár 6 9.4%
Corcaigh 212 25.3%
Dún na nGall 53 46.9%
Gaillimh 83 25.2%
An Iarmhí 0 0.0%
Laois 0 0.0%
Liatroim 0 0.0%
Loch Garman 23 25.8%
An Longfort 0 0.0%
An Lú 0 0.0%
Luimneach 122 56.2%
Maigh Eo 2 2.2%
An Mhí 16 6.3%
Muineachán 64 62.7%
Port Láirge 38 32.2%
Ros Comáin 0 0.0%
Sligeach 0 0.0%
Tiobraid Árann 1 0.9%
Uíbh Fhailí 3 10.0%
Iomlán 1,688 35.7%

Bunaithe ar eolas ón tuarascáil faoi na daltaí a bhí i Rang a 6 i ngaelscoileanna an Stáit i Meitheamh na bliana 2020. Foinse: ‘Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht’  

13 contae atá ann nach bhfuil aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge iontu agus 839 dalta gaelscoile a bhí i rang a Sé sna contaetha sin i Meitheamh na bliana 2020. D’fhág sin nach raibh deis ag 18% de dhaltaí gaelscoile an stáit dul ar aghaidh go dtí gaelcholáiste ina gcontae féin mar nach raibh a leithéid ann.

D’éirigh le líon beag daltaí gaelscoile sna contaetha nach bhfuil aon ghaelcholáiste acu dul ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i gcontae eile.

Chuaigh 16 dalta gaelscoile i gcontae na Mí ar aghaidh go dtí gaelcholáiste áit éigin eile. As na contaetha sin nach bhfuil aon ghaelcholáiste iontu, sa Mhí a bhí an líon is mó daltaí gaelscoile i rang a Sé in 2020 – 253.

D’éirigh le seisear daltaí gaelscoile as contae an Chláir, triúr as Uíbh Fhailí, beirt as Maigh Eo agus duine amháin as Tiobraid Árann dul ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge i gcontae eile.

Contae an Chabháin an t-aon chontae nach bhfuil gaelscoil nó gaelcholáiste ann.

Cé go n-aithnítear sa tuarascáil nua na bearnaí móra sa soláthar oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán gaelscoileanna nó gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

Tá laigí an tsoláthair gaeloideachais soiléir go háirithe ó thaobh líon na ndaltaí a théann ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

De réir na tuarascála nua, ní dheachaigh ach 35.7% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

Na contaetha gan aon ghaelcholáiste

Contae na bunscoile Iomlán
An Cabhán 10
Liatroim 22
Ros Comáin 23
An Longfort 25
Sligeach 27
Uíbh Fhailí 30
Laois 40
An Lú 60
An Clár 64
An Iarmhí 79
Maigh Eo 92
Tiobraid Árann 114
An Mhí 253
Iomlán 839

4,723 dalta a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna i Meitheamh 2020 agus 1,688 acusan a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste. I mBaile Átha Cliath, mar a bhfuil deich gcinn den 29 gaelcholáiste sa stát, a bhí 45% de na daltaí gaelscoile i Rang a Sé a chuaigh ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. 740 dalta gaelscoile i mBaile Átha Cliath a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste in 2020.

Chuaigh 394 dalta ar aghaidh ó bhunscoileanna Béarla go dtí gaelcholáiste an bhliain chéanna.

588 dalta a chuaigh ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí scoil Bhéarla ina raibh aonad Gaeilge, cé nach fios cé mhéad acusan a d’fhreastail ar an aonad sin nó cé mhéad dá gcuid staidéir iarbhunscoile a rinne siad i nGaeilge.

Fág freagra ar 'Tá 21 contae ann ina dtéann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge'

  • Séamas ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    Cothaigh SUIM le SUIM agus tuilleadh SUIME
    sa Teanga Dhúchais i measc an Phobail le go mbeadh rachairt
    ar an Ghaeilge sna scoileanna Thuaidh ,Theas, Thiar nó Thoir

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí/Tuarascála éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Achtanna Teanga’ níós eifeachtaí a chur i bhfeidhm .

    Ar fud na tíre fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Bígí i measc na bPobal ag brú na Teanga chun tosaigh le ciorcail chomhrá, cumainn Ghaeilge agus feachtas feasachta faoin Chultúr Éireannach a craobhscaoileadh.

    Labhair í agus mairfidh sí .

    Is mise le dóchas
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Focal Scoir :—

    (Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
    ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )

    ****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    ****************************************************************************************