Gearán gur sárú ar an dlí easpa gaelcholáistí á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga

Tá scagadh á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisinéir Teanga ar ghearán a rinne Conradh na Gaeilge lena oifig faoi easpa scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal

Gearán gur sárú ar an dlí easpa gaelcholáistí á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga

Meastar go gcuirfidh an Coimisnéir Teanga tús go luath le fiosrúchán féachaint an sárú ar an dlí é a laghad iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge atá ann.

Tá scagadh á dhéanamh faoi láthair ag an gCoimisinéir Teanga ar ghearán a rinne Conradh na Gaeilge lena oifig faoi easpa scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal.

Deir Conradh na Gaeilge gur sárú ar an dualgas reachtúil ar an Acht Oideachais é nach bhfuil aon ghaelcholáiste i gceantar Bhaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.

Cé go bhfuil 44 iarbhunscoil lán-Bhéarla sa scoilcheantar sin ina bhfuil cúig Ghaelscoil, níl aon ghaelcholáiste ann. Fágann sin go mbíonn ar chuid mhaith daltaí a fhaigheann a mbunoideachas trí Ghaeilge freastal ar iarbhunscoil lán-Bhéarla ina dhiaidh sin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge i dTeach Laighean an tseachtain seo caite nach bhféadfadh sé fiosrúchán a dhéanamh faoi dhualgas reachtúil na Roinne Oideachais i leith an oideachais lán-Ghaeilge mura mbeadh gearán déanta.

Má tá an Coimisinéir sásta go bhfuil údar gearáin ag Conradh na Gaeilge arbh fhiú é a fhiosrú an chéad chéim eile a bheadh ann ná scríobh chuig an Roinn Oideachais le tabhairt le fios dóibh go bhfuil an gearán á fhiosrú.

Dúirt an Coimisinéir Teanga an tseachtain seo caite go gcaithfeadh sé a bheith cúramach gan aon “réamhbhreithiúnas” a thabhairt faoin scéal ach gur léir go bhfuil “fadhb mhór” ann, bíodh sárú ar an dlí i gceist nó ná bíodh.

Thagair an Coimisinéir do thuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais féin le déanaí faoin oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.

De réir na tuarascála nua sin, ní dheachaigh ach 35.7% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge, de réir figiúirí nua.

De réir na bhfigiúirí céanna, níos lú ná aon trian de dhaltaí gaelscoile a théann ar aghaidh go dtí iarbhunscoil lán-Ghaeilge i 19 den 26 contae.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur easpa “pleanála agus físe” ba chúis “leis an gceart” ar an ngaeloideachas a bheith “á cheilt” ar dhaltaí i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna eile sa stát.

Cé go n-aithnítear i Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, an tuarascáil nua de chuid na Roinne Oideachais, na bearnaí móra sa soláthar oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán gaelscoileanna nó gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

D’fhéadfadh go maífeadh an Roinn Oideachais go bhfuil a ndualgas reachtúil a chinntiú go bhfuil oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do dhaoine á chomhlíonadh acu le gaelcholáistí agus le haonaid Ghaeilge i scoileanna Béarla.

Dúirt an Coimisinéir Teanga, áfach, go raibh na saineolaithe oideachais go léir ar labhair sé féin leo go mór in amhras faoi mhúnla an aonaid.

Chomh maith leis sin, tá taighde nua ar bun ag an Roinn Oideachais faoi fhiúntas mhúnla an aonaid agus é géillte acu go bhfuil easpa eolais acu faoi chóras na n-aonad.

In imscrúdú a rinne a oifig sa bhliain 2017, chinn na Coimisinéir Teanga gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna forálacha teanga de chuid an Achta Oideachais, 1998, nuair a diúltaíodh d’iarratas ar phátrúnacht do bhunscoil lán-Ghaeilge i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino/Bhaile Átha Cliath 1.

Fág freagra ar 'Gearán gur sárú ar an dlí easpa gaelcholáistí á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga'

  • Pól

    Bhí ar mo ghasúir féin athrú go béarla tar éis na bunscoile ceal ghaelcholáiste sa gceantar. Ní fhaca mé feabhas ar bith eile ag tarlú le fiche bliain anuas ó thaobh sholáthar na ngaelcholáistí. Beifear ag gearán go lá bhás na ngarghasúr agus na teanga féin, cheapfainn.

  • Éamonn Ó Gribín

    Deir Pol; “Bhí ar mo ghasúir féin athrú go béarla tar éis na bunscoile ceal ghaelcholáiste sa gceantar.”

    Ní dóigh liom go bhfuil an ráiteas seo ceart, mar níl aon dlí (fós) ann a deir go gcaithfidh duine glacadh le teagasc trí Bhéarla seachas trí Ghaeilge!

    Sílim go bhfuil sé thar am ag tuismitheoirí (en mass) dúshlán a thabhairt sa Chúirt Uachtarach i gcoinne theip Rialtas na hÉireann oideachas a chur ar fáil trí Ghaeiilge.

    Tá ar an Stát ; ” Seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach agus custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil sé de cheart acu plé a dhéanamh leo trí cheann amháin nó ceann eile de na teangacha oifigiúla.” (Tagairt: URL: https://www.gov.ie/ga/eolas-eagraiochtai/b1ea19-none/ Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí)