‘Cúis mhór díomá’ an laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise, ach ní haon ‘iontas’ é

Deir lucht na Breatnaise go gcaithfidh Rialtas na Breataine Bige dul i ngleic láithreach leis na cúiseanna leis an meath ar an teanga

‘Cúis mhór díomá’ an laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise, ach ní haon ‘iontas’ é

Deir lucht na Breatnaise nach aon “údar iontais” an laghdú is déanaí ar líon na ndaoine a bhíonn ag labhairt na teanga.

Léirigh figiúirí nua daonáirimh a foilsíodh inné go raibh laghdú 24,000 ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa Bhreatain Bheag agus go raibh laghdú i gceist fiú i gcuid de na ceantair is láidre ó thaobh na teanga.

Dúirt an eagraíocht teanga Cymdeithas yr Iaith go gcaithfeadh Rialtas na Breataine dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath.

Oideachas lán-Bhreatnaise do chách agus rialacha nua a thabharfadh tús áite do mhuintir na háite i dtaobh cúrsaí tithíochta an dá ghníomh ba mhó a theastaigh, a dúradh.

Sa bhliain 2021 bhí 538,000 cainteoir Breatnaise ina gcónaí sa Bhreatain Bheag, 17.8% den daonra, i gcomparáid le 562,000 in 2011, nó 19%.

De réir na bhfigiúirí nua a d’fhoilsigh an Oifig Náisiúnta Staitisticí inné bhí baint mhór ag an laghdú ar an líon daoine óga idir 3-15 bliain a labhraíonn an Bhreatnais leis an laghdú ar líon na gcainteoirí idir 2011-2021.

Bhí laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise sna deich mbliana roimhe sin chomh maith agus léiriú atá sna figiúirí ar a uaillmhianaí is atá plean rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoi 2050.

Dúirt Cymdeithas yr Iaith nach raibh dóthain á dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Chaithfí, a dúirt siad, sprioc a leagan síos i reachtaíocht oideachais nua ionas go mbeadh gach páiste sa tír á theagasc trí Bhreatnais amach anseo.

Dá ndéanfaí sin bheadh scéal níos fearr i nDaonáireamh 2031, a dúradh.

Dúradh chomh maith go raibh cás na gceantar is láidre ó thaobh na teanga “níos tromchúisí fós”.

Dúirt Robat Idris ó Cymdeithas yr Iaith gurb amhlaidh go raibh cainteoirí óga  Breatnaise ag fágáil na gceantar sin mar nach raibh siad in acmhainn tithe a fháil.

Bhí gá le hAcht Maoine, a dúirt sé chun an margadh tithíochta a rialú ar shlí a thabharfadh tús áite do mhuintir na tuaithe i dtaobh cúrsaí tithíochta.

“Ní rud é meath na Breatnaise nach féidir a sheachaint, ach caithfidh an Rialtas gníomh a dhéanamh,” a dúirt urlabhraí Cymdeithas yr Iaith.

Dúradh go gcaithfeadh an Rialtas agus na húdaráis áitiúla an Bhreatnais a chur san áireamh i ngach réimse polasaí seachas cúrsaí teanga a fhágáil faoi oifigigh nó ranna áirithe.

Dúirt Coimisinéir Teanga na Breataine Bige gur léirigh na figiúirí daonáirimh go gcaithfidh na húdaráis oideachais níos mó a dhéanamh chun an Bhreatnais a spreagadh.

Agus í ag trácht ar na torthaí is déanaí, dúirt Coimisinéir na Breatnaise, Gwenith Price, go raibh iarracht níos mó ag teastáil ó Rialtas na Breataine Bige chun cur le líon na gcainteoirí Breatnaise agus go háirithe ó na húdaráis oideachais.

“Ar ndóigh, is cúis mhór díomá iad na torthaí seo agus ciallaíonn sé nach leor, mar a sheasann siad faoi láthair, na pleananna atá curtha i bhfeidhm ag an Rialtas, ag na húdaráis áitiúla agus ag páirtithe leasmhara agus nach bhfuil ag éirí leo mar ba chóir,” a dúirt Price.

“Faraor, léiríonn an laghdú ar chéatadán na ndaoine idir 3-15 bliain d’aois a dúirt go rabhadar in ann an Bhreatnais a labhairt nach leor faoi láthair leasuithe reachtúla oideachais. Tá an t-ardú a tháinig ar chéatadán na ndaltaí a fhaigheann oideachas trí mheán na Breatnaise an-bheag freisin.”

Dúirt Price go gcaithfeadh an reachtaíocht atá molta don Bhreatnais sa chóras oideachais a bheith níos uaillmhianaí chun a chinntiú go mbeadh an seans ag gach duine atá ag foghlaim na teanga líofacht a bhaint amach.

Cuireadh cuid den mhilleán ar an laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise i measc daoine óga ar thionchar na paindéime agus ar an gcianfhoghlaim ach dúirt Price nach raibh “dul chun cinn fiúntach” déanta in earnáil an oideachais agus go mbeadh sé “díchéillí” an locht uile a chur ar an bpaindéim.

Mar sin féin, dúirt Price gur “scéal dearfach” a bhí ann gur tháinig ardú ar líon na gcainteoirí Breatnaise i gceantair in oirdheisceart na Breataine Bige, áit a raibh an teanga an-lag go stairiúil.

Dúirt Price gur féidir an sprioc atá ag an Rialtas, go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoi 2050, a bhaint amach go fóill ach go gcaithfí cur le hiarrachtaí an teanga a spreagadh sna blianta beaga atá romhainn.

Dúirt Aire Oideachais na Breataine Bige, Jeremy Miles, go raibh díomá air gur tháinig laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise de réir an daonáirimh ach nach gcuirfeadh na torthaí isteach ar thiomantas an Rialtais an sprioc de mhilliún cainteoir a bhaint amach.

 

 

Fág freagra ar '‘Cúis mhór díomá’ an laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise, ach ní haon ‘iontas’ é'