‘Ná géaraígí ar an gcoimhlint’ –ceannairí ag achainí ar Iosrael gan cur leis an gcogaíocht

Chuir ionsaí na hIaráine ar Iosrael leis an teannas sa réigiún agus leis an imní go bhféadfadh an cogadh scaipeadh níos forleithne

‘Ná géaraígí ar an gcoimhlint’ –ceannairí ag achainí ar Iosrael gan cur leis an gcogaíocht

Tá iarrtha ag ceannairí éagsúla ar fud an domhain ar Iosrael srian a choimeád air féin i ndiaidh ionsaí na hIaráine ag an deireadh seachtaine.

Scaoil an Iaráin na céadta drón agus diúracán le hIosrael mar dhíoltas ar ionsaí a rinneadh ar fhoirgneamh ambasáide sa tSiria.

Chuir ionsaí na hIaráine leis an teannas sa réigiún agus leis an imní go bhféadfaí tús a chur le cogadh níos forleithne i gceantar ina bhfuil coimhlint bhrúidiúil ar siúl le breis is sé mhí.

Leagadh chun talún formhór na ndrón agus na ndiúracán sular bhain siad ceann scríbe amach ach gortaíodh go dona cailín seacht mbliana d’aois.

Dúirt aire gnóthaí eachtracha na hIaráine, Hossein Amirabdollahian, gur tugadh foláireamh 72 uair a chloig faoin ionsaí do Stáit Aontaithe Mheiriceá agus do thíortha taobh le hIosrael.

Tuairiscítear go bhfuil daoine atá ar an eite fhíordheis i rialtas Benjamin Netanyahu ag iarraidh go ndéanfadh Iosrael beart díoltais go pras ach tá brú á chur ag ceannairí ar fud an domhain ar an bPríomh-Aire gan géarú a thuilleadh ar an gcoimhlint.

Cháin ceannairí bhaill an Aontais Eorpaigh, an Taoiseach Simon Harris ina measc,  na hionsaithe ach d’achainigh siad ar an dá thaobh srian a choimeád orthu féin.

Dúirt Charles Michel, uachtarán na Comhairle Eorpaí, go gcaithfí deireadh a chur láithreach leis an éigeandáil in Gaza agus gur chóir sos cogaidh a fhógairt láithreach.

Cháin Stáit Aontaithe Mheiriceá an t-ionsaí chomh maith agus mhol siadsan freisin gan géarú ar an gcoimhlint.

Dúirt Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine David Cameron ar maidin gur laghdú seachas géarú ar an gcogaíocht a bhí ag teastáil. Dúirt sé gur gníomh “suntasach” a bhí in ionsaí Gaza ach gur “teip iomlán” a bhí ann.

Cháin Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, ionsaí na hIaráine chomh maith agus d’iarr sé nach ndéanfaí aon ghéarú ar an gcoimhlint. Tuilleadh smachtbhannaí ar an Iaráin agus tuilleadh brú a chur orthu faoi airm núicléacha an bealach ab fhearr le déileáil leis an scéal, dar leis.

Iarradh ag cruinniú de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe inné ar gach taobh srian a choimeád orthu féin agus gan ligint don choimhlint scaipeadh. 

De réir na bhfigiúirí is daoine ó na húdaráis sláinte in Gaza maraíodh beagnach 34,000 Palaistíneach agus gortaíodh beagnach 77,000 ón 7 Deireadh Fómhair.

Deir na Náisiúin Aontaithe gur ruaigeadh óna mbailte beagnach an uile dhuine den bhreis is 2.3 milliún daoine a bhfuil cónaí orthu in Gaza ó cuireadh tús leis an gcoimhlint agus go bhfuil na daoine sin ag fulaingt mar gheall ar easpa dídine, bia, uisce, seirbhísí leighis agus oideachais.

Deir na Náisiúin Aontaithe go bhfuil baol gorta i dtuaisceart Gaza. Tá séanta ag Iosrael go bhfuil an t-ocras á úsáid mar “uirlis chogaidh” acu.

Cuireadh tús leis an gcogadh ar an 7 Deireadh Fómhair nuair a rinne Hamas ionsaí ar Iosrael inar maraíodh 1,200 agus inar tógadh timpeall 250 duine mar ghialla.

Ní fios cá bhfuil 130 de na gialla sin agus síltear 34 acu a bheith marbh.

Fág freagra ar '‘Ná géaraígí ar an gcoimhlint’ –ceannairí ag achainí ar Iosrael gan cur leis an gcogaíocht'

  • Pádraig

    Táim ag súil le go leor alt agus colún ar Tuairisc.ie ina gcáintear réimeas na mullánna san Iaráin as an ionsaí seo agus as an gcaoi a mbíonn siad ag scaipeadh fuath frith-Sheimíteach, ag gríosú foréigin agus ag moladh go ndéanfaí Iosrael a dhíbirt ó chlár na cruinne. Ó, gabh mo leithscéal, rinne mé dearmad gurb é Iosrael máthair gach oilc sa Mheánoirthear agus gur gá gach alt faoin réigiún a dhíriú ar a uafásaí atá stát na nGiúdach.

  • Carraig

    Oireann sé go mór do Netanyahu an cogadh a ghéarú agus a leathnú. Agus dá fhaid a leanfaidh sé sea is fearr. Féadfaidh sé a rá anois gurb é féin sciath chosanta na ndaoine, crann taca & slánaitheoir an Stáit, nach féidir déanamh dá cheal. Is iontach go deo an múineadh agus an umhlaíocht a chuireann sceon ar dhaoine. Thuig Maggie Thatcher an méid sin freisin nuair a d’fhear sí cogadh ar an Airgintín. Tá Biden ar ais ar a sheanphort arís agus é ag dearbhú tacaíochta d’Israel in ard a chinn is a ghutha. Níor maraíodh aon duine san ionsaí ‘fíochmhar’ seo ón Iaráin (‘gníomh gaile’ le fírinne) ach maraíodh seachtar in Damascus nuair a phléasc fórsaí Iosrael ambasáid na hIaráine san aer.

  • JP

    Bítear ag glámaíl mar gheall ar an mbagairt eisiach (existential threat) ar Iosrael sa Mheánoirthear go minic…”díbirt ó chlár na cruinne” etc etc…..
    Bhuel, is cinnte nach ón Iordáin a thiocfaidh an bhagairt sin, tír a scrios roinnt mhaith de na diúracáin a scaoil na hIaránaigh i dtreo Iosrael le gairid as a conlán féin. Tírín bheag lag nach bhfuil de rogha aici ach bheith istigh le SAM agus a comharsa béal dorais.
    Is cinnte nach ón Aráib shailleach Sháideach a thiocfaidh sí…chuir siad san réamhfhaisnéis ar fáil d’Iosrael (amhail is go raibh a leithéid de dhíth orthu!) faoin ionsaí… dream ar fonn leo bheith ina múirníní agus ina bpeataí ag an Stát Giúdach le fada an lá.
    Is cinnte nach ón Éigipt a thiocfaidh sí, tír a bhíonn i muinnín na déirce ó SAM bliain i ndiaidh bliana. Na daoine beo bocht, ar an mórchóir.
    Is cinnte nach ó thíortha méithe ramhra leisciúla na Murascaille a thiocfaidh sí ach an oiread ná ó na tíortha bochta máguaird.
    Is cinnte dearfa nach ó Hamas a thiocfaidh sí, in ainneoin a ngothaí agus a gcuid glamaíola go léir.
    Ní fhágann san dáiríre ach an Iaráin, tír ar thit luach a Riall airgid 30% seachtain ó shin!
    Tír a bhfuil a heacnamaíocht scriosta de dheascaibh smachtbhannaí agus baghcait.
    Ach an bhfuil arm na hIaráine inchomórtais leis an IDF agus leis an IAF, meas tú, lena bhfuil d’airm ‘shofaisticiúla’ ollchomhachtacha acu sin ar muir, ar tír, fó mhuir agus san aer…gona dteicneolaíocht mhíleata maille le teicneolaíocht uile uileghabhálach an Iarthair i gcomhpháirt leo?
    Nuair is ionann caiteachas míleata Iosrael agus an méid iomlán a chaitheann an Liobáin, an Éigipt, an Iordáin, Siria AGUS an Iaráin i dteannta a chéile?
    Nuair is ionann cumhacht mhíleata Iosrael agus ollchumhacht SAM?
    Nuair is éinne amháin múirneach iad, mar a léirítear dúinn aríst is aríst eile?
    Sop in áit na scuaibe is ea an Íaráin, i ndáiríre, buaileam sciath agus focail mhóra bhagracha.
    Bhí orthu freagra a thabhairt, óir is mór an ní an t-eineach ag an duine, go bhfóire Dia orainn.
    Bhí réamheolas cruinn beacht tugtha acu do na Sasanaigh faoin ‘ionsaí’. Dhein siad deimhin de gur buillí faonlaga iomrallacha a bhuailfí.
    Seó bóthair agus seó spéarach, sin a raibh ann agus sin uile a bhí uathu.
    Ní dóigh liom go bhfuil fonn féin-mharaithe ar an Iaráin…go fóill ar aon chuma.

  • Pádraig

    Deir JP nach bhfuil san Iaráin ach ‘sop in áit na scuaibe’ agus gur ‘buaileam sciath agus focail mhóra bhagracha’ atá ag teacht uaithi. B’fhéidir nach dtuigeann JP go bhfuil an Iaráin ag maoiniú grúpaí sceimhlitheoireachta ar fud an Mheánoirthir le blianta fada – Hamas, Hezbollah, reibiliúnaithe Houthi agus grúpaí éagsúla i gcogadh cathartha Shiria freisin. Agus cé nach bhfuil cumas núicléach ag an Iaráin go fóill, tá na mullánna ar a ndícheall ag iarraidh an cumas sin a fhorbairt agus de réir na saineolaithe níl siad i bhfad uaidh. Tá JP ag déanamh beag is fiú den ‘bhagairt eisiach’ atá ann i gcás Iosrael ach sílim go bhfuil údar maith ag na hIosraelaigh a bheith ar a n-airdeall. Tuigeann na Giúdaigh cad is ‘bagairt eisiach’ ann óna stair agus ní dóigh liom go dtabharfaidh siad mórán airde ar dhaoine in Iarthar an Domhain nach dtuigeann mórán faoin Meánoirthear ag rá leo ‘Ná bí buartha, níl aon bhaol daoibh dáiríre. Na bí ag déanamh áibhéile.’

  • JP

    Má tá eagla ar na hIosraelaigh roimh bhagairt eisiach cén fáth a ndearna a rialtas ionsaí marfach ar ambasáid na hIaráine sa tSiria, an lasair a chur sa bharrach agus an cogadh a leathnú trí dhúshlán an namhaid mhóir a thabhairt? Nach é fírinne an scéil é gur róchuma le Netanyahu agus lena chamthaí nua-Naitsíocha sa rialtas faoina muintir féin ná faoi bhagairt ar bith ach greim a choimeád ar an gcumhacht? Ar ghníomh é an réabadh marfach sin ag rialtas arbh fhearr leo oibriú chun síocháin a dhéanamh, cúrsaí a bhogadh beagán nó an cogadh a ghéarú agus a choimeád ina theas? Chaithfeá an cheist a chur: ‘An mó de bhaol é rialtas Iosrael dá dtír féin ná aon dream eile?’
    Na buíonta sceimhlitheoirí sin atá fé anáil na hIaráine, níl aon dul faoin spéir go mbeidís ina mbagairt eisiach ar ollchumhacht mhíleata/núicléach agus an ollchumhacht is mó ar domhan, mar atá SAM a bheith guala ar ghualainn, bonn araon léi. Ach chun a gceart a thabhairt do SAM dúirt siad nach mbeidís páirteach san aisfhreagairt a thabharfaidh Iosrael ar an Iaráin amach anseo! Agus más fíor do na “saineolaithe” go bhfuil na hIaránaigh ar tí airm núicléacha a fhorbairt anois (rud atá á rá le cianta) bhuel, tá’s againn go dianmhaith cé tá freagrach as an matalong sin.