‘Táimid ar chiumhais na haille, caithfimid teannadh siar uaithi’ – imní ag géarú faoi fhreagra Iosrael

Agus é ina imní go ngéarófaí ar an aighneas sa Mheánoirthear, tharraing Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, cruinniú eile lena chomh-aireacht chogaidh, an tríú cruinniú dá shórt i dtrí lá

‘Táimid ar chiumhais na haille, caithfimid teannadh siar uaithi’ – imní ag géarú faoi fhreagra Iosrael

Tá na húdaráis in Iosrael ag déanamh a marana i gcónaí faoin bhfreagra a thabharfar ar an gcéad ionsaí díreach riamh a rinne an Iaráin ar an tír fad agus atá an brú idirnáisiúnta orthu guaim a léiriú ag neartú.

Rinne an Iaráin an t-ionsaí ar Iosrael oíche Dé Sathairn mar dhíoltas ar an ionsaí aeir a rinne Iosrael ar fhoirgnimh a hambasáide i Damascus sa tSiria. Tá sé ráite ag údaráis na hIaráine nach mian leo féin géarú ar an aighneas.

Níor maraíodh aon duine san ionsaí agus is beag damáiste a rinneadh ach mar sin féin údar imní é go bhféadfadh an t-ionsaí an cogadh in Gaza a scaipeadh máguaird.

Agus é ina imní go ngéarófaí ar an aighneas sa Mheánoirthear, tharraing Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, cruinniú eile lena chomh-aireacht chogaidh Dé Máirt, an tríú cruinniú dá shórt i dtrí lá.

Deirtear i dtuarascáil ó shaineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe gur sháraigh Iosrael an dlí idirnáisiúnta nuair a d’ionsaigh sé foirgneamh oifigiúil na hIaráine in Damascus.

Tá sé ráite ag grúpa saineolaithe de chuid na Náisiún Aontaithe atá ag obair le hOifig na Náisiún Aontaithe um Chomhordú Gnóthaí Daonnúla (OCHA) gur sháraigh ionsaí Iosrael ar chonsalacht na hIaráine in Damascus an dlí idirnáisiúnta.

“Aon mharú a dhéantar i gcríocha eachtrannacha nach bhfuil údarás aige faoin dlí idirnáisiúnta, is marú dírialta atá ann,” a deirtear sa tuarascáil.

Dúirt an Ceannasaí Míleata, Herzi Halevi, go mbeadh freagra ag teacht ó Iosrael ar an ionsaí ach níor chuir sé aon sonraí ar fáil.

“Beidh freagra againn ar an líon mór diúracán, diúracán cúrsála agus drón a lainseáladh isteach i gcríocha Iosrael,” a dúirt Halevi.

Tá ‘feachtas taidhleoireachta’ seolta ag Iosrael cheana féin agus iad ag iarraidh ar 32 tír smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar an Iaráin.

“Lámh ar láimh leis an bhfreagra míleata ar na diúracáin agus na haerfheithiclí gan foireann a díríodh ar an tír, tá feachtas taidhleoireachta á stiúradh agam in aghaidh na hIaráine,” a mhaígh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Israel Katz, ar na meáin shóisialta.

Cháin ceannairí eile an t-ionsaí ach d’iarr siad ar Iosrael guaim a léiriú.

“Táimid ar chiumhais na haille agus caithfimid teannadh siar uaithi. Caithfimid brú ar na coscáin agus cúlú,” a dúirt Josep Borrell, Ard-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha an Aontais Eorpaigh.

Stuaim agus cáiréis a bhí á moladh chomh maith ag Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, Seansailéir na Gearmáine, Olaf Scholz, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, Taoiseach na hÉireann Simon Harris agus Rúnaí Eachtrach na Ríochta Aontaithe, David Cameron.

Ba í an chomhairle chéanna a bhí ag na Stáit Aontaithe do Netanyahu.

Fág freagra ar '‘Táimid ar chiumhais na haille, caithfimid teannadh siar uaithi’ – imní ag géarú faoi fhreagra Iosrael'