Mhol Céad-Aire na Breataine Bige inniu gur cheart d’Éirinn tuilleadh muiníne a chur sa tumoideachas chun an Ghaeilge a chur chun cinn.
Dúirt Mark Drakeford, atá ar cuairt ar Bhaile Átha Cliath inniu, nár éirigh go rómhaith leis an mBreatain Bheag ó thaobh teagasc na Breatnaise nó gur cuireadh go mór le líon na scoileanna lán-Bhreatnaise.
“Ach oibríonn an cur chuige tumoideachais sin an-mhaith. Maidir leis an Bhreatnais a mhúineadh mar an dara teanga sa chóras oideachais Béarla, níor éirigh go maith linn,” arsa Céad-Aire na Breataine Bige.
Agus é faoi agallamh ag an Irish Independent, dúirt Drakeford go ndúradh leis go raibh “deacrachtaí” ann maidir le múineadh na Gaeilge ach nach raibh faoi tuairim a thabhairt faoi na deacrachtaí sin.
Ach más rud é go raibh ag teip ar chóras na tíre seo an Ghaeilge a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Béarla, bheadh an méid sin ag teacht le teip na Breataine Bige, a dúirt sé.
“An áit gur éirigh go hiontach linne ná leis an oideachas trí mheán na Breatnaise agus cur le líon na ndaoine óga a mhealltar chuige…
“Fiú i saol ina bhfuil forlámhas chomh mór sin ag an mBéarla, saol ina mbíonn siad timpeallaithe aige a luaithe is a théann siad abhaile agus é a chloisteáil ar an teilifís, d’éirigh le modhanna an tumoideachais saoránaigh fhíor-dhátheangacha a dhéanamh de na glúnta daoine óga.”
Tá oideachas lán-Bhreatnaise á chur ar thart ar 24% de dhaltaí na Breataine Bige.
In Éirinn, 8% de dhaltaí bunscoile atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge agus níl oideachas lán-Ghaeilge á chur ach ar 3.6% de dhaltaí iar-bhunscoile an Stáit.
De réir anailís a rinne Tuairisc.ie anuraidh is ar éigean go bhfuil aon ardú ag teacht ar chéatadán na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge le tamall de bhlianta anuas.
Tá Mark Drakeford, ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Bige, ar cuairt ar Éirinn mar chuid d’Fhóram na hÉireann-na Breataine Bige, fóram nua-bhunaithe. Thug sé caint inniu do Chomhlachas Tráchtála na Breataine-na hÉireann. Ar Chorcaigh atá a thriall anois.
Fág freagra ar 'Tuilleadh tumoideachais an leigheas ar chás na Gaeilge sna scoileanna, a deir Céad-Aire na Breataine Bige'