Cead faighte ag Foras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens ach gan aon léas sínithe fós

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil go bhfuil cead ‘foirmeálta’ tugtha ag an dá roinn a chuireann maoiniú ar fáil don Fhoras ceannáras na heagraíochta trasteorann a aistriú ó Chearnóg Mhuirfean, ach níl léas sínithe fós ag an bhForas ar an bhfoirgneamh nua ar Shráid Amiens

Cead faighte ag Foras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens ach gan aon léas sínithe fós

Tá cead tugtha ag an dá roinn a chuireann maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge a gceannáras a aistriú ó Chearnóg Mhuirfean go Sráid Amiens i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Thug an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne le fios sa Dáil an tseachtain seo go bhfuil cead ‘foirmeálta’ faighte ag an eagraíocht trasteorainn ó Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Pobal aistriú go Sráid Amiens.

Thug Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, le fios do Tuairisc.ie aréir, áfach, nach bhfuil an léas ar an bhfoirgneamh ar Shráid Amiens sínithe  fós agus nach síneofar é go dtí go mbeidh an fhoireann le haistriú ann. 

Dúirt Ó Coinn go bhfuil obair athchóirithe le déanamh ar an bhfoirgneamh sula mbogfaidh an fhoireann ó Chearnóg Mhuirfean go Sráid Amiens, agus go síneofar an léas nuair a bheidh an obair sin curtha i gcrích agus an fhoireann réidh le haistriú. 

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta go bhfuil glactha ag an dá roinn a chuireann maoiniú ar fáil don eagraíocht leis an “cás gnó cuimsitheach” a cuireadh faoina mbráid maidir le haistriú ó Chearnóg Mhuirfean.

“I gcomhréir le halt 5 dá Mheamram Airgeadais, chuir Foras na Gaeilge cás gnó cuimsitheach i leith léas ar cheannáras nua faoi bhráid na Ranna Urraíochta sa dá dlínse anuraidh. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil cead foirmeálta tugtha don chás gnó sin anois,” a dúirt an tAire Kyne.

Is ag 63-66 Sráid Amiens a bheidh ceannáras nua an Fhorais.

Tuairiscíodh i mí Feabhra go raibh aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir leis an gcinneadh go mbogfaí ceannáras na heagraíochta teanga ó Chearnóg Mhuirfean chuig Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.

Tá séanta ag Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil aon bhunús le líomhaintí a rinne ball foirne faoin bpróiseas aistrithe oifige, líomhaintí a rinne an ball foirne faoi scáth na reachtaíochta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí.

Fág freagra ar 'Cead faighte ag Foras na Gaeilge aistriú go Sráid Amiens ach gan aon léas sínithe fós'