Líomhaintí sceithire Fhoras na Gaeilge faoi cheannáras nua séanta

Is é seo an chéad uair gur bhain ball foirne in eagraíocht Ghaeilge leas as an reachtaíocht nochtuithe cosanta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí

Líomhaintí sceithire Fhoras na Gaeilge faoi cheannáras nua séanta

63-66 Sráid Amiens, an láthair atá molta do cheannáras nua Fhoras na Gaeilge. Pictiúr:Tuairisc.ie

Tá sé séanta ag Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go bhfuil aon bhunús le líomhaintí a rinne ball foirne faoi phróiseas aistrithe oifige na heagraíochta, líomhaintí a rinne an ball foirne faoi scáth na reachtaíochta a tugadh isteach mar chosaint do sceithirí.

Baineann na líomhaintí, a rinneadh faoi scáth na reachtaíochta nochtuithe cosanta, leis an phróiseas maidir le teacht ar chóiríocht oifige nua don Fhoras i mBaile Átha Cliath.

Tugadh an reachtaíocht nochtuithe cosanta isteach le cosaint agus tacaíocht a thabhairt do bhaill foirne a bheadh ag déanamh líomhaintí faoi éagóir san ionad oibre.

Is é seo an chéad uair gur bhain ball foirne in eagraíocht Ghaeilge leas as an reachtaíocht seo.

De réir mhiontuairiscí cruinnithe Bhord an Fhorais, fuair an tUas Ó Gallchóir comhfhreagras faoin phróiseas nochtuithe cosanta ar an 9 Eanáir. De réir an eolais a tháinig chun solais ar Nuacht TG4 tráthnóna, chuir an Cathaoirleach in iúl don bhord ag deireadh na míosa sin go raibh cruinniú ‘cúirtéise’ aige leis an té a bhí ag nochtadh an eolais agus go raibh Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, agus Rúnaí an Bhoird i láthair ag an chruinniú sin fosta.

Chuir an Cathaoirleach in iúl gur iarr sé féin tuairisc ón Phríomhfheidhmeannach agus ón Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha i leith an phróisis ag dul siar go dtí an bhliain 2013, agus faoin mhéid a bhí á mhaíomh ag an sceithire.

Bunaithe ar an tuairisc a cuireadh ar fáil dó d’inis an Cathaoirleach don bhord go raibh sé féin sásta nach raibh ceist ar bith ann i leith an phróisis ná i leith na n-údar buartha a bhí léirithe ag an bhall foirne. Mhol sé go gcuirfí an tuairisc sin faoi bhráid an Choiste Iniúchta (fochoiste den Bhord) anois agus go ndéanfadh siadsan tuairisciú ar ais don Bhord dá réir.

Tá sé i gceist ag an Fhoras bogadh go ceanncheathrú úr ag 63-66 Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach mar go dtiocfaidh deireadh leis an léas atá acu ar 7 Chearnóg Mhuirfean in Aibreán na bliana seo chugainn.

Vótáil tromlach de bhord na heagraíochta trasteorann le déanaí i bhfabhar an mholta go n-aistreodh an Foras go ceanncheathrú úr ar Shráid Amiens i dtuaisceart na cathrach. Tá formhór na foirne míshásta faoin moladh seo mar go ndeir siad gur ísliú stádais don eagraíocht agus don teanga a bheadh ann. Deir siad fosta go mbeadh impleachtaí sábháilteachta i gceist leis an suíomh nua i dtuaisceart na cathrach. Tá sé ráite go neamhbhalbh ag Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, nár bhaol ar bith do stádas na heagraíochta ná sábháilteacht na foirne an t-aistriú ó dheisceart go tuaisceart na cathrach.

Fág freagra ar 'Líomhaintí sceithire Fhoras na Gaeilge faoi cheannáras nua séanta'