Aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir le haistriú chuig Sráid Amiens

Imní ar fhoireann an Fhorais faoin ‘laghdú ar stádas’ agus na himpleachtaí do chúrsaí ‘sábháilteachta’ a leanfadh aistriú an cheannárais trasna na Life, ach freagra láidir tugtha ag Príomhfheidhmeannach na heagraíochta ar a ngearáin

Aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir le haistriú chuig Sráid Amiens

Tá aighneas idir foireann agus lucht bainistíochta Fhoras na Gaeilge maidir le moladh go mbogfaí ceannáras na heagraíochta teanga chuig Sráid Amiens i dtuaisceart na cathrach.

De réir eolais atá faighte ag Nuacht TG4, tá sé curtha in iúl ag an gceardchumann SIPTU do Phríomhfheidhmeannach an Fhorais gur ‘údar imní agus míshásaimh’ don fhoireann ‘an laghdú ar stádas’ na heagraíochta a leanfadh aistriú an cheannárais trasna na Life go 63-66 Sráid Amiens.

Is údar mór imní agus míshásaimh chomh maith do bhaill foirne cúrsaí sábháilteachta ar Shráid Amiens.

Sa litir a sheol SIPTU chuig Príomhfheidhmeannach an Fhorais, deirtear go dtiocfadh cúrsaí sábháilteachta go mór sa treis ag an bhfoirgneamh ar Shráid Amiens ‘maidineacha agus tráthnónta dorcha’ agus nárbh iad baill foirne amháin a bheadh i mbaol ach cuairteoirí, lucht freastail cruinnithe agus ócáidí agus daoine óga a bheadh faoi oiliúint ag Raidió na Life.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 tráthnóna chomh maith go bhfuil freagra láidir tugtha ar ghearán na foirne ag Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn.

Deir an Príomhfheidhmeannach, i litir chuig SIPTU a seoladh an tseachtain seo, gur mór ag lucht bainistíochta an Fhorais imní na foirne faoi stádas na heagraíochta agus go bhfuil sábháilteacht na foirne fíorthábhachtach dóibh, ach ní aontaíonn sé le hargóintí lucht an cheardchumainn.

Tugann Ó Coinn le fios go neamhbhalbh sa litir nár bhaol ar bith do stádas na heagraíochta ná sábháilteacht na foirne an t-aistriú ó dheisceart go tuaisceart na cathrach.

Thug na Gardaí le fios do bhainistíocht an Fhorais nach raibh aon ghá aon bhuairt a bheith ar éinne maidir le bogadh go ceantar Shráid Amiens agus b’amhlaidh an scéal ag eagraíochtaí móra eile sa cheantar ar pléadh an cás leo, a deir Ó Coinn.

Tá ceannáras SIPTU féin lonnaithe i gceantar Shráid Amiens, cúpla céad slat ón bhfoirgneamh atá á mholadh mar cheannáras nua don Fhoras.

Chuir an Príomhfheidhmeannach in iúl gur gnó do bhainistíocht agus do Bhord an Fhorais áras nua a fháil don eagraíocht agus dea-cháil na heagraíochta a chosaint agus nach raibh sé i gceist aige glacadh le moladh an cheardchumainn agus éirí as an bpróiseas atá ar bun maidir le teacht ar cheannáras nua.

In ainneoin go bhfuil áras nua á lorg le ceithre bliana anuas, níor thángthas ar aon fhoirgneamh eile i lár na cathrach arbh fhiú an ‘dara féachaint’ é, a dúirt Ó Coinn.

Mura n-éireodh leis an moladh aistriú go Sráid Amiens, ní bheadh an dara suí sa bhuaile ag Foras na Gaeilge, a dúirt an Príomhfheidhmeannach, ach bogadh chomh fada amach le bruachbhailte Bhaile Átha Cliath.

Ba mhó go mór a chuirfeadh a leithéid as d’fhoireann, do stádas agus d’obair an Fhorais ná an moladh bogadh go Sráid Amiens, dar leis an bPríomhfheidhmeannach.

Deir Ó Coinn gur ar mhaithe leis an bhfoireann a glacadh cinneadh in 2013 bogadh amach as Cearnóg Mhuirfean.

Thug an Príomhfheidhmeannach do SIPTU go bhfuil roinnt ‘deacrachtaí’ suntasacha maidir le coinníollacha oibre san fhoirgneamh ag 7 Cearnóg Mhuirfean, mar a bhfuil an Foras lonnaithe ó bunaíodh an eagraíocht.

Ar na deacrachtaí suntasacha sin, tá easpa rochtana ag daoine faoi mhíchumas, easpa solas an lae, drochbhail na bhfuinneog, taise agus braon anuas i seomraí faoin díon, urláir nach bhfuil cothrom agus a d’fhág pian droma ag oibrithe cheana féin agus oifigí beaga atá scartha óna chéile, rud, a deirtear, nach bhfuil chun leas na cumarsáide idir baill foirne.

Deir Ó Coinn go bhfuil fonn chomh maith ar an mbainistíocht go mbeadh foireann na heagraíochta ar fad a bhíonn ag obair i mBaile Átha Cliath in aon áit amháin.

Tuairiscíodh ag an deireadh seachtaine go bhfuil síneadh ama curtha le léas na heagraíochta teanga ar an gceannáras atá acu ag 7 Cearnóg Mhuirfean go dtí mí Aibreáin 2018.

Mar a tuairiscíodh anseo i mí na Nollag, tá Foras na Gaeilge ag féachaint ar láithreacha nua dá gceannáras. Bhí imní ann an mhí seo caite go mbeadh ar an bhForas na rialacha faoinar bunaíodh an eagraíocht a shárú agus dul i muinín an mhargaidh tráchtála chun ceannáras nua a aimsiú.

Is Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a chuireann an foirgneamh, a bhfuil Raidió na Life lonnaithe ann freisin, ar fáil d’Fhoras na Gaeilge. Bhí an léas ar an bhfoirgneamh sin le bheith caite i mí na Bealtaine.

Cuireann an OPW oifig eile ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, ar Shráid Fhreidric. Tuairiscítear gur thairg an OPW síneadh a chur chomh maith leis léas atá ar an oifig sin, mar a bhfuil An Gúm agus An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge lonnaithe, ach go bhfuil sé i gceist na baill foirne sin a aistriú go Cearnóg Mhuirfean.

Is ag 63-66 Sráid a bhí comhlacht cuntasaíochta an iarThaoisigh Charlie Haughey agus a chomhpháirtí Harry Boland, agus is é ‘Haughey and Boland’s’ a thugann cuid mhaith de mhuintir na háite ar an bhfoirgneamh go fóill, in ainneoin tionóntaí eile a bheith lonnaithe ann le blianta fada.

Ó d’fhág Haughey Boland an foirgneamh, bhí oifigí ag Telecom Éireann, agus níos deireanaí ag Eircom, ann. Bhí an foirgneamh folamh ar feadh i bhfad i ndiaidh d’Eircom aistriú chuig oifigí nua i dTeach Liatroma. Bhí oifigí ar cíos ag Clúid Housing ann le blianta beaga anuas, ach tá an eagraíocht sin lonnaithe anois ar Shráid Sirriam.