Síneadh ama curtha le léas Fhoras na Gaeilge ar Chearnóg Mhuirfean

Bhí Foras na Gaeilge ag féachaint ar láithreacha nua dá gceannáras agus an léas atá acu ar an oifig i mBaile Átha Cliath ag dul in éag

Síneadh ama curtha le léas Fhoras na Gaeilge ar Chearnóg Mhuirfean

Ní bheidh ar Fhoras na Gaeilge an phríomhoifig atá acu i lár Bhaile Átha Cliath a fhágáil go ceann bliana ar a thúisce.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 ag an deireadh seachtaine go bhfuil síneadh ama curtha le léas na heagraíochta teanga ar an gceannáras atá acu ag 7 Cearnóg Mhuirfean go dtí mí Aibreáin 2018.

Mar a tuairiscíodh anseo i mí na Nollag, bhí Foras na Gaeilge ag féachaint ar láithreacha nua dá gceannáras agus an léas atá acu ar an oifig i mBaile Átha Cliath ag dul in éag. Bhí imní ann an mhí seo caite go mbeadh ar an bhForas na rialacha faoinar bunaíodh an eagraíocht a shárú agus dul i muinín an mhargaidh tráchtála chun ceannáras nua a aimsiú.

Is Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) a chuireann an foirgneamh, a bhfuil Raidió na Life lonnaithe ann freisin, ar fáil d’Fhoras na Gaeilge. Bhí an léas ar an bhfoirgneamh sin le bheith caite i mí na Bealtaine.

Cuireann an OPW oifig eile ar fáil d’Fhoras na Gaeilge, ar Shráid Fhreidric. Tuairiscítear gur thairg an OPW síneadh a chur chomh maith leis léas atá ar an oifig sin, mar a bhfuil An Gúm agus An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge lonnaithe, ach go bhfuil sé i gceist na baill foirne sin a aistriú go Cearnóg Mhuirfean.

Ní bheidh aon ardú cíosa i gceist leis an síneadh léasa atá faighte ag Foras na Gaeilge ar 7 Cearnóg Mhuirfean go dtí mí Aibreáin na bliana seo chugainn. Tá ceanncheathrú an Fhorais sa bhfoirgneamh Seoirseach ar Chearnóg Mhuirfean ó bunaíodh an eagraíocht i 1999 agus is ann a bhíodh Bord na Gaeilge roimhe sin.

Tuairiscíodh an mhí seo caite gur thug Príomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn, le fios i litir chuig an OPW nach raibh an “dara rogha” ag an eagraíocht ach an meamram a bhaineann le bunú an Fhorais faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta a shárú mar gheall ar an éiginnteacht a bhain le socruithe oifige na heagraíochta.

Dúirt Ó Coinn gur chinneadh “an-suntasach” a bhí ann dul i muinín an mhargaidh tráchtála toisc é a bheith “ag imeacht ón mheamram airgeadais faoinár reachtaíocht bhunaithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta”.

Tugtar treoracha éagsúla don Fhoras sa mheamram airgeadais seo, atá leagtha amach faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.  Maidir le cúrsaí oifige, tugtar treoir don Fhoras plé leis an OPW maidir le cúrsaí cóiríochta.

Thug Seán Ó Coinn le fios don OPW, áfach, nach raibh an “dara rogha” ag an eagraíocht ach dul i muinín an mhargaidh tráchtála “i bhfianaise an phróisis go dtí seo”.

Ní bheidh ar an bhForas an meamram sin a shárú anois. Thug Foras na Gaeilge le fios do Nuacht TG4 go bhfuil “tuairisciú leanúnach déanta acu leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas” maidir leis an léas, agus nach bhfuil cinneadh déanta fós cé acu an mbeidh nó nach mbeidh siad ag bogadh as Cearnóg Mhuirfean an bhliain seo chugainn.

Fág freagra ar 'Síneadh ama curtha le léas Fhoras na Gaeilge ar Chearnóg Mhuirfean'