Cás cúirte ar siúl i Londain faoi Ghaeilge ar leac uaighe 

Tabharfar éisteacht i gCúirt Achomhairc Eaglasta Canterbury i Londain ar maidin d’achomharc chlann Margaret Keane 

Cás cúirte ar siúl i Londain faoi Ghaeilge ar leac uaighe 

Tabharfar éisteacht i Sasana inniu do chás cúirte a bhaineann le ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin.

Tá achomharc déanta ag muintir Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann a bhásaigh in Coventry in 2018, chuig an gcúirt deoise is sinsearaí i Sasana faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

Dhiúltaigh breitheamh i gcúirt eaglasta Shasana d’achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Keane.

Dúirt an breitheamh go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Pléadh an scéal in Westminster mí na Samhna seo caite agus tá tacaíocht faighte ag muintir Keane ó Fheisirí Parlaiminte sa Bhreatain.

Tá Conradh na Gaeilge freisin ag tabhairt tacaíochta don chlann agus don chás atá tógtha acu. 

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, an Dr Niall Comer, go raibh an-cheannasaíocht agus an-mhisneach léirithe ag muintir Keane agus iad ag brú chun cinn leis an gcás.

“Is éileamh daonna agus pearsanta atá á dhéanamh ag muintir Keane, gur féidir leo cuimhneamh ar a máthair ina rogha féin teanga, ar bhealach atá tábhachtach agus siombalach dóibh féin. Níor cheart d’aon bhreitheamh nó d’aon chúirt an ceart sin a shéanadh,” arsa Comer.

Bhí Craobh Londan de Chonradh na Gaeilge páirteach sa phróiseas idirghabhála a bhí ann go dtí seo. Dúirt Oisín Mac Conamhna, rúnaí na craoibhe, “gur léiríodh drochmheas ar oidhreacht Éireannach Margaret nuair a diúltaíodh cead dóibh a ngrá di a léiriú gan bhac ina rogha féin teanga, an Ghaeilge.”

Tabharfar éisteacht don achomharc i gCúirt Achomhairc Eaglasta Canterbury i Londain ar maidin

Tá os cionn £2,000 caite ag clann Keane ar an gcás go dtí seo agus bheadh costais bhreise i gceist leis an achomharc ach thug an Feisire Conor McGinn le fios roimh na Nollag go raibh ráite ag Eaglais Shasana go n-íocfadh siadsan as na costais a bhaineann leis an achomharc.

Fág freagra ar 'Cás cúirte ar siúl i Londain faoi Ghaeilge ar leac uaighe '

  • An Teanga Bheo

    Gaeilge sa riocht easaontaigh le do thoil = teanga eorpach