‘INÁR gCROÍTHE GO DEO’: Scéal leac chuimhneacháin Margaret Keane pléite in Westminster

In Westminster inniu, luaigh an Feisire Parlaiminte Conor McGinn cás mhuintir Keane atá i mbun cás cúirte faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta i Sasana nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar

‘INÁR gCROÍTHE GO DEO’: Scéal leac chuimhneacháin Margaret Keane pléite in Westminster

Rinneadh tagairt in Westminster inniu do chás mhuintir Keane, an chlann atá i mbun cás cúirte i Sasana i gcoinne cinneadh cead a dhiúltú dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac chuimhneacháin a máthar.

Tá achomharc déanta ag muintir Keane faoi chinneadh a rinneadh i gcúirt eaglasta in Coventry Shasana nár cheadmhach dóibh ráiteas i nGaeilge amháin a chur ar leac uaighe a máthar.

Bhásaigh Margaret Keane, bean de bhunadh na hÉireann, in Coventry in 2018 ach dhiúltaigh breitheamh i gcúirt eaglasta Shasana d’achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Keane.

Dúirt an Breitheamh Stephen Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, áfach, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Tá achomharc déanta ag muintir Keane chuig an gcúirt deoise is sinsearaí i Sasana agus níor cuireadh leac chuimhneacháin ar uaigh Margaret Keane fós, os cionn dhá bhliain ó bhásaigh sí.

Luaigh Conor McGinn, Feisire Parlaiminte do St Helen’s in iarthuaisceart Shasana, cás mhuintir Keane i dTeach na dTeachtaí inniu. I mBéarla a labhair sé ach d’iompaigh sé ar an nGaeilge do na focail “inár gcroíthe go deo”.

“Ba mhaith liom clann Margaret Keane a mholadh mar is ualach breise bróin dóibh nach bhfuil leac chuimhneacháin ar uaigh a máthar le cuairt a thabhairt uirthi an Nollaig seo, dhá bhliain go leith ó bhásaigh sí,” a dúirt an Feisire McGinn.

“Ta sé ráite ag a muintir go mbeidh Margaret ina gcroíthe go deo, agus tá na Gaeil uilig sa tír seo ar aon fhocal leo.”

D’iarr an Feisire McGinn go ndéanfaí athbhreithniú ar chóras achomhairc na gcúirteanna eaglasta agus baol ann faoi láthair go ngearrfar costais ollmhóra orthu siúd a thugann cásanna, fiú má éiríonn leo.

Ina fhreagra, rinne an Feisire Andrew Selous, urlabhraí Eaglais Shasana sa pharlaimint, comhbhrón le muintir Keane agus dúirt sé go raibh obair ar bun chun na costais a bhaineann le cásanna sna cúirteanna eaglasta a laghdú.

“Tá mé cinnte gur mhaith le gach duine sa Teach seo ár gcomhbhrón a chur in iúl do Mhuintir Keane agus tá súil agam go bhfuil athrú ar an mbealach.

“Tá foráil sa rialachán ‘The Church of England’s Miscellaneous Provisions’ ar glacadh leis sa teach seo le déanaí, le táillí cúirte a mhaitheamh nó a laghdú sna cúirteanna deoise i gcás reachtaíocht thánaisteach.”

Tá os cionn £2,000 caite ag clann Keane ar an gcás go dtí seo agus bheadh costais bhreise i gceist leis an achomharc ach thug Conor McGinn le fios go raibh dea-scéal faighte aige maidir leis sin agus é ráite ag Eaglais Shasana go n-íocfaidh siad as na costais a bhaineann leis an achomharc.

“A bhuíochas do Mhuintir Keane tá sé ráite ag Eaglais Shasana go n-íocfaidh siad costais an achomhairc atá á dhéanamh ag an teaghlach,” a dúirt McGinn agus é ag labhairt ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin.

“Thuigfeá uaidh sin gur dóigh go dtuigeann siad go ndearna siad earráid. Ach is mór an chreidiúint dóibh go dtuigeann na húdaráis is airde san Eaglais go ndearna siad dearmad a rinne dochar dóibh agus go bhfuil náire orthu faoin scéal seo.

“An rud atá déanta ag na Keane ná a léiriú don saol mór gur cuid thábhachtach í an Ghaeilge agus traidisiúin an nGael sa gcreideamh Anglacánach, in Éirinn agus i Sasana. Tá súil agam go mbeimid in ann an scéal a scrúdú nuair a bheidh an cás cúirte seo socraithe agus toradh sásúil air. D’fhéadfadh cneasú, aitheantas agus  athmhuintearas a theacht as seo. Nár chuí an comhartha ómóis é sin do Margaret Keane agus an obair iontach a rinne sí féin agus a muintir anseo sa Bhreatain mar Ghael bródúil,” a dúirt McGinn.

Fág freagra ar '‘INÁR gCROÍTHE GO DEO’: Scéal leac chuimhneacháin Margaret Keane pléite in Westminster'

  • An Teanga Bheo

    Mo bhron ag ceilt an Teanga orainn san Eoraip agus an meid broin ata acu go di seo