Diúltaithe ag breitheamh i Sasana ráiteas i nGaeilge amháin a cheadú ar leac chuimhneacháin

Dhiúltaigh Breitheamh in Coventry Shasana don achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin mná arb as Éirinn ó dhúchas di

Diúltaithe ag breitheamh i Sasana ráiteas i nGaeilge amháin a cheadú ar leac chuimhneacháin

Margaret Keane

Tá diúltaithe ag breitheamh i Sasana d’achainí go gcuirfí ráiteas i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin.

Dhiúltaigh an Breitheamh Stephen Eyre, Sainsailéir Dheoise Coventry Shasana, don achainí go gcuirfí an ráiteas ‘Inár gcroíthe go deo’ i nGaeilge amháin ar leac chuimhneacháin Margaret Keane, arb as Éirinn ó dhúchas di.

Dúirt an Breitheamh Eyre sa rialú de chuid na cúirte eaglasta, go raibh an “baol ann” go nglacfaí leis an ráiteas i nGaeilge amháin mar “mana de shórt éigin” nó mar “ráiteas polaitiúil”, toisc, dar leis, “an paisean agus na mothúcháin a bhaineann le húsáid na Gaeilge”.

Bean a bhí gníomhach i gCumann Lúthchleas Gael ab ea Margaret Keane a bhí bródúil  as an gcultúr Gaelach i rith a saoil, a dúradh san achainí.

Dúirt an Breitheamh chomh maith nach dtuigfeadh ach “mionlach beag” an ráiteas dá mbeadh sé i nGaeilge amháin. Ní bheadh sé “cuí” a leithéid a chur ar an leac gan aistriúchán Béarla in Coventry Shasana, áit a labhraítear Béarla.

“Scéal eile ar fad” a bheadh ann dá mbeadh an rialú á dhéanamh aige i bPoblacht na hÉireann, a dúirt an Breitheamh Eyre.

San achainí a rinne iníon Margaret Keane, Mrs. Newey, lorgaíodh cead cros Cheilteach, ar a mbeadh suaitheantas CLG le feiceáil, a chrochadh mar leac chuimheacháin. Bhíothas ag iarraidh go mbeadh an frása ‘Inár gcroíthe go deo’ le feiceáil ar an leac i nGaeilge amháin.

Dúirt Mrs Newey nach ráiteas polaitiúil a bhí sa fhrása Gaeilge ach cuid thábhachtach d’oidhreacht a tuismitheoirí.

Bhí Margaret Keane 73 bliain d’aois nuair a bhásaigh sí i mí Iúil 2018.

Dúirt Newey go raibh “luach siombalach” leis an Ghaeilge agus “nach modh cumarsáide amháin” a bhí i gceist.

Dúirt sí freisin go mbeadh cuma róchasta ar an ráiteas i gcuimhne a máthar dá mbeadh aistriúchán Béarla le feiceáil chomh maith agus nach gnách go ndéantar aistriúchán ar Ghaeilge ar leaca cuimhneacháin.

Tugadh le fios san achainí gur ghlac Comhairle Pharóiste St Giles, in Coventry, an áit a cuireadh Margaret Keane, leis an iarratas ar son cros Cheilteach a chur ar an uaigh a mbeadh an scríbhinn uirthi i nGaeilge amháin. Vótáil seisear ar son na hachainí, bhí cúigear ina haghaidh agus seachtar a staon ó vóta a chaitheamh.

Dhiúltaigh Coiste Comhairleach na Deoise don iarratas toisc an chros a bheith “ag gobadh amach” thar na leaca eile sa reilig,  a dúradh.

Rialaigh an Breitheamh Eyre go bhféadfaí cros Cheilteach agus suaitheantas CLG a ghearradh ar chlár na leice cuimhneacháin agus go bhféadfaí an ráiteas Gaeilge a chur ar an leac in éineacht le haistriúchán Béarla ‘In our hearts forever’. Bheadh an t-aistriúchán “i gcló níos lú”.

Tá urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge an Chomhaontais Ghlais, Peter Kavanagh i measc na ndaoine ar líne a thug suntas don scéal.

Fág freagra ar 'Diúltaithe ag breitheamh i Sasana ráiteas i nGaeilge amháin a cheadú ar leac chuimhneacháin'

  • Lillis Ó Laoire

    Cé roimhe a raibh eagle ar an seachtar a staon?